‘Tuilleadh fianaise’ i dtaighde Gaeltachta go dteastaíonn reachtaíocht teanga níos láidre – Coimisinéir

Caithfidh an Stát, trína chuid polasaithe agus an sampla a thugann sé, tacú le húsáid na Gaeilge, a deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill

Rónán Ó Domhnaill

Deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, go gcruthaíonn a bhfuil sa staidéar nua ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh ar maidin go gcaithfear an bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.

“Tá tuilleadh fianaise ann anois, má bhí a leithéid ag teastáil, go dteastaíonn bille leasaithe ar Acht na dTeangacha atá cuimsitheach agus a dhéanann mar ba chóir ar riachtanais shainiúla phobal na Gaeltachta. Níor léir gur bille mar sin atá i gceist sna cinnteidil a foilsíodh anuraidh,”a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil tábhacht ag baint le reachtaíocht teanga a dhéanann cosaint ar chearta teanga ar bhonn náisiúnta agus sa Ghaeltacht araon.

“Nuair a léiríonn an Stát go gcuireann sé luach ar an nGaeilge go náisiúnta, léirionn sé do phobal na Gaeltachta go bhfuil áit lárnach ag an nGaeilge i sochaí na tíre. Níl éinne ag rá go réiteoidh reachtaíocht teanga an cás as féin ach is cuid den fhreagra é mar leagann sé dualgas ar an Stát freastal ar phobal teanga atá mionlaithe,” a dúirt sé.

Thréaslaigh an Coimisinéir Teanga a gcuid oibre le foireann taighde an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus le hÚdarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil.

“An rud is mó a thógfainnse as an taighde seo ná go bhfuil patrún cinnte le brath a leiríonn go bhfuil laghdú ag teacht ar úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil sa Ghaeltacht, go háirithe i measc an aosa óig.

“Ní shílim go gcuireann sé aon mhóriontas ar phobal na Gaeltachta. Ní shin le rá nach bhfuil obair mhór ar siúl i gcuid mhaith pobal agus ba cheart é sin a aithint – ach tá an brú teanga láidir agus síoraí. Níl aon réiteach éasca amháin air, ach an rud atá aitheanta agus a dtacaím leis ná go gcaithfidh an Stát, trína chuid polasaithe agus an sampla a thugann sé, tacú le húsáid na Gaeilge.”