Tuilleadh fáis ar GDP á thuar ag an ESRI agus cáin láithreáin molta

Moladh déanta ag an eagraíocht taighde go ngearrfaí cáin ar láithreáin a bheadh ag freagairt ar phraghas an talún

ERSI - Quarterly Economic Commentary Summer 2014. Pictured Editor Kieran McQuinn at the Summer 2014 ERSI Quarterly Economic Commentary in Dublin this morning. The Economic and Social Research Institute (ESRI) has said tens of thousands of new homes are needed over the next seven years. The ESRI today published a report documenting the 'Projected Population Change and Housing Demand: A County Analysis. The ESRI said the greatest need is in Dublin and across the surrounding commuter belt.The report also found that while there is a desperate need in Dublin for mass development, rural towns are experiencing a massive oversupply. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Kieran McQuinn ón ESRI: Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tiocfaidh fás 4.6% ar an olltáirgeacht intíre (GDP) in 2016, de réir thuarascáil ráithiúil an ESRI a fhoilseofar ar maidin.

De réir na meastachán is déanaí ag an ESRI tiocfaidh fás 4.2% ar an GDP le linn 2017. Meastar go dtitfidh an ráta dífhostaíochta go dtí 7.6% faoi dheireadh na bliana seo agus go dtí 6.5% roimh dheireadh 2017.

Tháinig fás 7.8% ar GDP in 2015. Tá an ESRI agus tháinig fás 5% ar an olltáirgeacht náisiúnta (GNP) in 2015.

Dúirt duine de chomhúdair na tuarascála Kieran McQuinn go dtiocfadh borradh “suntasach” faoin ngeilleagar in 2016 agus 2017.

“Táimid fós ag súil go dtiocfaidh fás suntasach ar an ngeilleagar in 2016 agus in 2017, go háirithe i gcomparáid leis an ngeilleagar i dtíortha Eorpacha eile.

Tá comharthaí áirithe ann, áfach, go bhfuil an earnáil trádála i ngeilleagar na hÉireann thíos leis an lagtrá sa trádáil dhomhanda agus leis an éiginnteacht a bhaineann le toradh reifreann an Brexit sa Ríocht Aontaithe. Is iad seo na rioscaí ar an taobh thíos is mó atá ann faoi láthair do gheilleagar na hÉireann,” a dúirt Kieran McQuinn ón ESRI.

Dúirt David Duffy ón ESRI, duine eile d’údair na tuarascála gur “léir” anois  gurb iad foinsí fáis, infheistíocht agus tomhaltas in Éirinn féin is mó a shocraíonn cén fás a thiocfaidh ar an ngeilleagar abhus.

“Cé gur dócha go leanfaidh an fás ar obair thógála san earnáil ghnó, is aon chosúlacht ar an scéal fós go bhfuil an soláthar tithíochta ag méadú thar mar a bhí in 2015,” a dúirt Duffy.

Foilsíodh chomh maith sa tuarascáil ráithiúil alt faoi mhargadh na tithíochta.

Ag tagairt don taighde sin, dúirt Kieran McQuinn:

“Is léir ónár gcuid anailíse go bhféadfadh ceithre bliana a bheith ann sula mbeidh in infheistíocht i dtithe cónaithe ag freastal ar an mbunéileamh ar a leithéid.

Dúirt McQuinn go raibh beartais a d’fhéafadh an Rialtas a dhéanamh chun dlús a chur leis an bpróiseas seo. Dúirt sé, mar shampla, go bhféadfaí cáin a chur ar láithreáin a bheadh ag freagairt ar phraghas an talún. Dúirt sé go bhféadfadh gur bealach éifeachtach a bheadh ansin le cur leis an soláthar tithíochta tráth a bhfuil ardéileamh ar thithe.

 

Fág freagra ar 'Tuilleadh fáis ar GDP á thuar ag an ESRI agus cáin láithreáin molta'