‘Tuilleadh ‘composure’ ag teastáil ó Chiarraí’ – agallamh eisiach tugtha ag Éamonn Fitzmaurice do RnaG

‘Tá an lámh in uachtar ag Baile Átha Cliath orainn faoi láthair agus is rud deacair é sin d’aon Chiarraíoch,’ a deir Éamonn Fitzmaurice

‘Tuilleadh ‘composure’ ag teastáil ó Chiarraí’ – agallamh eisiach tugtha ag Éamonn Fitzmaurice do RnaG

Ní foláir d’fhoireann Chiarraí foghlaim conas guaim a choimeád orthu féin nuair a thagann an crú ar an tairne ag deireadh cluichí, dar lena mbainisteoir Éamonn Fitzmaurice.

In agallamh eisiach macánta ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG inniu, dúirt Fitzmaurice gurb í an tréith is fearr ag foireann Átha Cliath ná “cé chomh láidir is a bhíonn siad nuair a bhíonn siad faoi bhrú”.

Ghéill an bainisteoir, ar athcheapadh aréir é ar feadh tréimhse dhá bhliain, nach raibh “an meon aigne” sin ag Ciarraí go fóill, ach dúirt sé go raibh a fhoireann “ag dul sa treo ceart”.

Níl aon amhras air ach go bhfuil “an stuif ” i gCiarraí buachtaint ar Áth Cliath, a dúirt sé.

“Tá an lámh in uachtar ag Baile Átha Cliath orainn faoi láthair agus is rud deacair é sin d’aon Chiarraíoch. Caithfear feabhsú agus buachtaint ar Bhaile Átha Cliath go luath,” a dúirt sé.

Thug sé le fios chomh maith gur dhein sé cinneadh i lár an tsamhraidh go bhfanfadh sé sa phost.

Tá fonn air chomh maith go bhfanfadh a fhoireann bainistíochta leis agus beidh brú á chur aige orthu dá réir.

I ndiaidh do Chiarraí cailliúint i gcoinne Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann, dhiúltaigh Fitzmaurice glan ceisteanna a fhreagairt faoin gconspóid a bhain le taispeántas an réiteora David Gough.

Dúirt sé ar An Saol Ó Dheas inniu, áfach, go ndein Gough “botúin ar an lá” ach go gcaithfí “glacadh leis sin” agus go raibh seans ag Ciarraí an cluiche a bhuachtaint in ainneoin na mbotún céanna.

Ba mhó de thionchar ar an toradh a bhí ag na botúin a dhein foireann Chiarraí féin i dtreo dheireadh an chluiche, a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfeadh a fhoireann “tuilleadh composure” a léiriú amach anseo agus gurbh fhearr d’fhoireann Áth Cliath “ar an lá”.

Maidir le cinneadh lucht bainistíocha na Ríochta Paul Geaney, “an tosaí is fearr sa tír fé láthair”, a thógaint ón bpáirc i dtreo dheireadh na himeartha sa chluiche leathcheannais sin, “seans” nárbh é an cinneadh ceart é.

Dúirt Fitzmaurice, áfach, gur “fuirist a rá i gcónaí gurb é an duine nach raibh ann” ba chúis le cluiche a bhuachtaint nó a chailliúint.

Bíonn sé céasta ag cinntí dá leithéid i gcaitheamh an gheimhridh, a dúirt sé, ach níl aon leigheas air sin dar leis “ach treabhadh ar aghaidh arís” agus a chinntiú “go mbeimid níos fearr an chéad uair eile”.

Dúirt sé gur gá i gcónaí ceachtanna a fhoghlaim agus gurb iad “na rudaí beaga a dhéanfaidh difríochtaí móra”.

“Táim ag súil go mór leis an dúshlán sin,” a dúirt sé.

Mhaígh fear Leic Snámha gur “am iontach é do pheil Chiarraí” agus an oiread sin ratha ar fhoirne faoi aois an chontae le tamall de bhlianta anuas. Chaithfí a bheith “foighneach agus réadúil” i dtaca le bláthú na n-imreoirí óga céanna, ach beidh “cuid acu” ag imirt le foireann na sinsear an bhliain seo chugainn.

Maidir le cluiche ceannais na hÉireann idir Maigh Eo agus Áth Cliath, is dóigh le bainisteoir Chiarraí gur le fir na hardchathrach a bheidh an lá toisc iad a bheith ag imirt níos fearr faoi láthair, is é sin mura bhfuil sé ‘i ndán’ do Mhaigh Eo Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt leo i mbliana.

Fág freagra ar '‘Tuilleadh ‘composure’ ag teastáil ó Chiarraí’ – agallamh eisiach tugtha ag Éamonn Fitzmaurice do RnaG'

  • padraig

    Agus foireann na Galetachta ag dul ó neart go neart anois ní bheidh aon easpa imreoirí scafánta stuifiúla ar Éamonn a thabharfaidh an láimh uachtair dúinne Ciarraígh arís ar lá na cinniúna!