Tuilleadh aistritheoirí oilte fós ag teastáil san Eoraip

Tá obair fós le déanamh le dóthain aistritheoirí oilte a chur ar fáil do na hInstitiúidí san Aontas Eorpach, a deir Áine Ní Chonghaile

28/2/2012 European Union Flags

Níor tugadh stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge nuair a chuaigh Éire isteach sa gCómhargadh in 1973. Is é an scéal a insítear faoi go raibh na hoifigigh uilig a bhí ag feidhmiú sa mBruiséil ag an am cinnte go mbeadh Éire ag lorg an stádais sin don chéad teanga oifigiúil agus ní raibh drogall ar bith ar an Eoraip an stádas sin a dheonú. Dealraíonn sé, más fíor an seanchas, gur iarr státseirbhísigh áirithe sa tír seo nach ndeonófaí an stádas sin mar nach mbeadh an tír in ann an méid aistritheoirí oilte a bheadh riachtanach a chur ar fáil. Bhí, ar ndóigh, céimithe Gaeilge den scoth ag teacht amach as an tríú leibhéal an tráth sin. Bhí plúr na mac léinn an uair sin, tar éis leibhéal na hArdteistiméireachta, ag dul le léann na Gaeilge. B’éasca an ní oiliúint mar aistritheoirí oilte a chur ar na céimithe Gaeilge a bhí ag teacht as ollscoileanna sna blianta sin ach níor díríodh air.

Thart ar 1995 thosaigh ré órga ó thaobh staid na Gaeilge cé go b’fhéidir nár tugadh faoi deara é go ceann píosa. Bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 ina dhiaidh sin) i 1996 agus chuir sé sin spreac faoin teanga. Ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tháinig Oifig an Choimisinéara Teanga as sin. Baineadh ardú céime amach don Ghaeilge sa deireadh thiar thall in institiúidí na hEorpa in 2007. Cuireadh tús le cúrsaí nua in ilréimsí na teanga ag an tríú leibhéal, cuid acu ag caighdeán idirnáisiúnta taighde agus cleachtais. Bhí daoine in institiúidí stáit áirithe a bhí ag plé leis an nGaeilge lán le dúthracht, le dea-thoil agus le mórtas as a gcuid oibre. Bunaíodh lear mór postanna breátha agus forbraíodh earnálacha nua sa teanga ar nós earnáil na físe agus na teilifíse chomh maith le hearnálacha a d’éiligh ardscileanna teanga i réimsí éagsúla. Thosaigh institiúidí stáit agus leathstáit ag éileamh fostaithe a raibh ardscileanna teanga acu i nGaeilge de bharr go raibh dualgais nua ar na hinstitiúidí sin i leith na teanga.

Nuair a bunaíodh Europus i 1996 ní mórán comhlacht, má bhí ceann ar bith sa tír, a bhí ag cur aistriúchán Gaeilge ar fáil ar bhonn tráchtála. Aon obair aistriúcháin a bhí ag teastáil ó institiúidí stáit, b’éigean dóibh sin a fháil ó aistritheoirí nó ó oifigigh nach raibh oilte san aistriúchán taobh istigh den státseirbhís sin. Is minic a chuir sé sin moill ar cháipéisí a bheith ar fáil i nGaeilge.

Is minic a chuir sé cantal ar oifigigh stáit nach raibh fonn orthu a bheith ag aistriú cáipéisí mar nár chuige sin, a deiridís, a ceapadh iad. Is tráth a bhí ann freisin a raibh ranna agus institiúidí eile stáit ag baint leasa as gníomhaireachtaí príobháideacha tráchtála le seirbhísí áirithe a chur ar fáil.

Thuig pearsanra Europus sciobtha go maith nach raibh dóthain daoine ar fáil a raibh oiliúint san aistriúchán orthu. Bhí céimithe maithe tríú leibhéal ar fáil ach éilíonn an t-aistriúchán oiliúint bhreise. Namhaid an cheird gan í a fhoghlaim.

Le caoinchúnamh Údarás na Gaeltachta thosaigh Europus cúrsa oiliúna i gCarna i gConamara. Bhí agus tá suim ar leith ag Údarás na Gaeltachta i ndaoine a oiliúint le hardphostanna le hardscileanna a líonadh. Is postanna den chineál sin iad postanna aistriúcháin anseo in Éirinn agus sna hinstitiúidí san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, na scileanna a roinntear ar an gcúrsa, is scileanna iad a theastaigh sna hearnálacha nua ar fad a bhí ag teacht chun cinn sa nGaeltacht faoi choimirce Údarás na Gaeltachta. Chothaigh an borradh sna tionscail nua éileamh ar ardchúrsa gairmiúil aistriúcháin.

Bhain na mic léinn caighdeán chomh hard amach gur socraíodh faomhadh agus bailíocht a bhaint amach ag an tríú leibhéal do na dámhachtainí. Le comhoibriú ó Institiúid na Gaillimhe/Maigh Eo baineadh stádas Dioplóma Iarchéime agus stádas MSc. san Aistriúchán faoi choimirce Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC) amach. Le breis is deich mbliana tá An tArd-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán le cúnam leanúnach Údarás na Gaeltachta agus tacú GMIT/HETAC ar bun.

Ní ghlactar le níos mó ná cúig mhac léinn déag ar an gcúrsa. Cúrsa é atá comhroinnte idir sé mhodúl a dhéanann freastal ar réimsí éagsúla scileanna teanga. Dírítear na mic léinn ar réimsí éagsúla ina bhfuil ardfostaíocht ar fáil. Déantar cúram pearsanta de gach mac léinn. Cinntítear ag an tús, trí scrúdú agus agallamh, go bhfuil an mac léinn feilteach don chúrsa. Déanann daoine atá ag saothrú go gairmiúil sna hearnálacha teanga cuí an teagasc agus an oiliúint. Tá béim ar an teoiric agus ar an bpraitic ach is cúrsa é atá dírithe go soiléir ar an mac léinn a oiliúint agus a réiteach le post a bhaint amach in earnáil na teanga ag ardleibhéal. Oibríonn na mic léinn go dúthrachtach ach baineann spraoi as an gcúrsa freisin agus déantar cairde agus cairdeas nua. Ritheann an cúrsa ón bhfómhar go dtí an t-earrach.

Tá líon mór céimithe de chuid an chúrsa i bpostanna sna hinstitiúidí Eorpacha agus i bpostanna stáit, leathstáit agus i bpostanna údarás áitiúil chomh maith leis na réimsí teanga eile ar fud na tíre seo. Cinntítear go bhfaigheann mic léinn léargas ar na postanna atá ar fáil sna hearnálacha teanga idir aistriúchán, teilifís, raidió, fotheidealú agus iliomad postanna a bhaineann leis an teanga féin. Tá líon mór de na céimithe i bpostanna Gaeltachta. Tá cáil nach beag ar an gcúrsa as a mbaintear amach. Bíonn deis ag mic léinn a bhaineann céad onóracha amach san Ard-Dioplóma céim MSc. a dhéanamh.

Tá maolú fós á éileamh ag Rialtas na hÉireann ó thaobh leordhóthain aistritheoirí a chur ar fáil le freastal a dhéanamh ar an éileamh ar aistritheoirí oilte as Éirinn. D’éiligh an Rialtas an maolú ar dtús nuair a tugadh an t-ardú stádais don teanga san Aontas Eorpach. Ní fios d’aon duine go baileach cén uair a chuirfear deireadh leis an maolú. Chomh luath agus a chuirfear deireadh leis an maolú beidh líon mór aistritheoirí oilte a líonfaidh go leor ardphostanna in institiúidí na hEorpa ag teastáil. Leis na scrúduithe iontrála a sheasamh teastaíonn oiliúint chuí ar ardchaighdeán a chur ar mhic léinn. Tá mianach maith mac léinn ann ach an oiliúint cheart sin a bheith ar fáil.

Arís sa mbliain acadúil 2015/16 tacóidh Údarás na Gaeltachta le Europus leis an gcúrsa Ard-Dioplóma a reáchtáil i gCarna ó fhómhar go hearrach. Tá gach eolas le fáil ó Europus ag 091-572082 nó ag ó aine@europus.ie, nó ar láithreán gréasáin Europus.

Fág freagra ar 'Tuilleadh aistritheoirí oilte fós ag teastáil san Eoraip'