Tuigeann Tadhg Taidhgín – agus Phil Mór

Cé go díreach na cáilíochtaí atá ag Phil Mór do cheann de na postanna is tábhachtaí san Eoraip, post ar fiú níos mó airgid é ná post an Taoisigh féin?

Phil Hogan. Pictiúr: Photocall
Phil Hogan. Pictiúr: Photocall

Naonúr Coimisinéir Eorpach a bhí ag Éirinn ó chroch Paddy Hillery na seolta leis chun na Bruiséile den chéad uair i 1973. Ochtar fear agus bean amháin – agus, cés moite de bheirt, ní hiad ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir na hEorpa ná fiú ar mhuintir na hÉireann.

Ba iad an bheirt sin, ar ndóigh, ná Ray MacSharry, an chéad Chomisinéir Talmhaíochta ar éirigh leis smacht a chur ar chostas an Chomhbheartais Talmhaíochta, agus Peter Sutherland, a rinne éacht ó thaobh rialacha iomaíochta san Eoraip de agus, dá bharr sin, a ceapadh mar cheannaire ina dhiaidh sin ar an gComhaontú Ginearálta um Thairifí agus Thrádáil (GATT).

Maidir leis an chuid eile, áfach… daoine ar nós Michael O’Kennedy agus David Byrne, is ar éigean is cuimhin linn iad. Daoine eile, is cuimhin linn go rómhaith iad: Pee Flynn na gruaige corcora ar an Late Late ag tabhairt amach faoin gcostas a bhaineann le trí theach a choinneáil nó Charlie McCreevy ag admháil nach raibh Conradh Lisbóin léite aige.

Ansin bhí Dick Burke, a chaith seal sa Bhruiséil, a bhuíochas dá pháirtí féin, Fine Gael, a ghlac le scilling Charlie Haughey ina dhiaidh sin agus a chaith tréimhse eile sa Berlaymont i gceannas ar chúrsaí riaracháin, ateangaireachta, staitisticí agus foilseachán. Bígí ag caint ar mheascán mearaí de chúramaí!

Fiú amháin an Coimisinéir is déanaí, Máire Geoghegan-Quinn, cé go bhfuil a fhios ag an saol Fódlach gur duine cumasach í, níorbh fhiú tráithnín na cúramaí a tugadh dise ach an oiread – Taighde, Nuáil agus Eolaíocht – i gcomparáid le cúraimí móra an Choimisiúin ar nós cúrsaí talmhaíochta nó cúrsaí cánach. Ní hiontas ar bith nár airigh muid mórán ina taobh le ceithre bliana anuas!

Is í an bhunfhadbh a bhí ag Éirinn riamh anall ná gur ceapadh na Coimisinéirí seo ar fad, ní mar gheall gurb iad na daoine ab fhearr a bhí ar fáil don jab ach mar gheall ar chuinsí polaitíochta náisiúnta. Dá bharr sin, is jabanna beaga suaracha na ceanna a fuair siad san Eoraip den chuid is mó.

Faraor géar, táimid ar tí an botún ceanann céanna dhéanamh i gcás Phil Hogan. Agus, mar bharr ar an donas, beidh jab mór aige – ní mar gheall ar a chuid cáilíochtaí ach mar gheall go bhfuil Uachtarán nua an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, i dtuilleamaí Enda Kenny i ngeall gur thug sé tacaíocht dó in aghaidh David Cameron sa rása don phost sin an samhradh seo.

Cé go díreach na cáilíochtaí atá ag Phil Mór do cheann de na postanna is tábhachtaí san Eoraip – post ar fiú níos mó airgid é agus a mbaineann níos mó cumhachta leis, ar go leor bealaí, ná post an Taoisigh féin?

Seo é an fear a bhfuil sé curtha ina leith – agus séanta go láidir aige féin – gur chuir sé i gcoinne teach comhairle contae a thabhairt do theaghlach de chuid an lucht siúil. Seo fear nach bhfuil Fraincis aige nó mórán d’aon teanga eile de chuid an Chomhphobail.

Seo fear arbh éigean dó éirí as a phost mar aire sóisearach sna nóchaidí nuair a sceith ball foirne dá chuid rúin na cáinaisnéise le hiriseoir. Seo fear a bhfuil sé curtha ina leith gur sheol sé téacs chuig bean a raibh sé de dhánaíocht aici casaoid a dhéanamh faoin táille tí €100, á rá: ‘Would u ever relax. And feed the children’.

Seo fear, más fíor, a dúirt le bean eile, ball dílis d’Fhine Gael leis na blianta: ‘I have no problem screwing you. Hasn’t Máirtín [páirtnéir na mná] been screwing you for years?’

Ba é Phil Mór a rinne praiseach chomh mór sin de lainseáil an táille tí €100 céanna agus de tháille na ndabhac séarachais – praiseach a chuir na céadta léirsitheoir amach ar na sráideanna – gur baineadh riaradh na cánach maoine de ar fad agus gur tugadh do na Coimisinéirí Ioncaim í.

Dhiúltaigh sé féin cáin mhaoine a íoc ar theach saoire sa Phortaingéil – mar gheall ‘would you pay a charge if you were unhappy with the service’. Is é a thug cead d’Uisce Éireann €40 milliún a chaitheamh ar chomhairleoirí – agus a rinne iarracht ina dhiaidh sin a shéanadh go raibh aon eolas aige ina dtaobh.

Agus, mar Aire Comhshaoil, scríobh sé chuig Uisce Éireann ag cuartú fostaíochta leis an eagraíocht úd do dhaoine óna dháilcheantar féin…

An é seo i ndáiríre an cineál fir atá uainn mar ionadaí na hÉireann san Eoraip – bodach d’fhear nach féidir leis a bhéal a choinneáil dúnta, fear nár éirigh leis jab ar bith a tugadh dó mar aire rialtais a chur i gcrích go héifeachtach?

Ach tuigeann Tadhg Taidhgín.

Ní sa Berlaymont amháin a bhíonn polaiteoirí i dtuilleamaí a chéile. Is é freisin a chruinnigh an t-airgead, i gcomhpháirt lena chara mór Michael Lowry, a tharrtháil Fine Gael nuair a bhí an páirtí beagnach bancbhriste sna nóchaidí. Ba é crann taca Enda Kenny é nuair a thug Richard Bruton dushlán an cheannaire i 2010.

Seo iad na cáilíochtaí, is cosúil, a thuill jab ar fiú níos mó ná €200,000 sa bhliain é (saor ó cháin) do Phil Mór. Agus sin é an fáth a mbeidh náire shaolta orainn é a bheith mar Choimisinéir Eorpach, seachas duine ábalta, cumasach mar a bhíonn ag mórchuid na mballstát eile.

Nach breá an tírín bheag ina mairimid – an tírín bheag is fearr ar domhan – ní chun a bheith ag déanamh gnó ach chun a bheith ag déanamh fabhar dá chéile.

* Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury

Fág freagra ar 'Tuigeann Tadhg Taidhgín – agus Phil Mór'