‘Tuigeann an AE ár gcás’ arsa Noonan, agus lig na meáin osna faoisimh…

Ní rud folláin é an creideamh neamhcheisteach san Aontas Eorpach agus beidh thiar orainn mura bpléifear i gceart impleachtaí Brexit

‘Tuigeann an AE ár gcás’ arsa Noonan, agus lig na meáin osna faoisimh…

Is ar éigean a bhac tráchtairí cumarsáide le dearbhú an Rialtais nach ndéanfaí aon iarracht próiseas idirbheartaíochta faoi leith a chur ar bun idir Éire agus Sasana i dtaobh na Breatimeachta.

Is cosúil go bhfuil an oiread sin faitís ar na meáin faoi Bhreatimeacht nach bhfuil ar a gcumas aon phlé a dhéanamh faoin scéal uafásach seo.

Dhein an tAire Airgeadais, Michael Noonan, siotgháire bogásach leis na meáin nuair a mhínigh sé go raibh an tír seo ag seasamh leis an Eoraip is go ndéanfadh an tAontas idirbheartaíocht ar ár son mar chuid d’idirbheartaíocht na hEorpa.

Tuigeann siad ár gcás, a mhaígh sé.

Agus lig na meáin osna faoisimh.

Níorbh é Noonan an t-aon duine agus an port sin aige, ar ndóigh, agus dúirt an Taoiseach Enda Kenny mórán an rud céanna tar éis dó casadh le ceannairí eile an Aontais sa Bhruiséil.  Tá muid i ndiaidh a bhfuil ag déanamh buartha dúinn a phlé lenár bpáirtnéirí, a mhaígh seisean.

Sea, seans maith gur phléigh agus seans maith go dtuigtear a pléadh, ach caolseans go ndéanfar aon bheart a oireann dúinne má thagann sé salach ar aidhmeanna eile de chuid na gceannairí móra.

Go deimhin, thuig na ceannairí go léir cás na hÉireann maidir leis na fiacha bainc, ach leag siad an t-ualach orainn ar mhaithe le córas baincéireachta na Gearmáine a chosaint beag beann ar an rian a d’fhágfadh an déine ar shochaí na tíre seo.

Seo chugainn arís na meáin agus an chaint seo á slogadh acu, cé go dtuigeann chuile dhuine go bhféadfadh imeacht na Breataine ón Eoraip cur isteach orainne go mór mura ndéanfar socrú sásúil idir an Bhreatain agus an Eoraip.

Ach cé go ndeirtear go minic nach dteastaíonn teorainn chrua uainn ar oileán na hÉireann agus go mb’fhearr linn dá bhfanfadh an Bhreatain mar chuid den mhargadh aonair is den aontas custaim, níl éinne sásta aon sonraí a thabhairt faoi céard is brí leis an gcaint sin dáiríre.

Is í fírinne an scéil ná nach bhfuil aon phlé á dhéanamh faoin socrú ar mhaith linn a fheiceáil.

Ina ionad sin, leanaimid orainn ag argóint faoin mBreatimeacht féin, daoine áirithe fós ag súil nach dtarlóidh sé agus daoine eile ar mór an sólás dóibh i gcónaí a bheith ag meabhrú dóibh féin gur droch-chinneadh an cinneadh a rinne na Sasanaigh.

Ach tá sé thar am go nglacfaimis leis go mbeidh Breatimeacht ann. Agus má tá tábhacht ar bith ag baint lenár gcaidreamh eacnamaíoch is sóisialta le Sasana, ba mhór an cuidiú dúinn a bheith ar an eolas faoi pé socrú a d’fhéadfadh muid a dhéanamh leis na Sasanaigh.

Ach nuair a mhol Teach na dTiarnaí de Pharlaimint na Breataine (dream nach bhfuil cáil orthu as bá a bheith acu le cás na hÉireann) go ndéanfaí idirbheartaíocht neamhfhoirmeáilte le teacht ar aontú faoi sheasamh an dá thír, gheit ár gceannairí – sa rialtas agus i bhFianna Fáil – mar a bheadh maighdean i halla rince a ndéanfaí tairiscint neamhfhóirsteanach léi.

’Sea, táimid inár staic agus is mó an imní atá orainn go gceapfaí nach dea-Eorpaigh muid nó nach muide na buachaillí is stuama sa rang, ná mar atá orainn faoi iarracht ar bith a dhéanamh le fadhbanna na Breatimeachta don tír seo a sheachaint.

Ar mhaith linn go mbeadh Sasana sa mhargadh aonair nó san aontas custaim? Pé tuairim atá againn cén fáth nach féidir linn í a chur in iúl dár bpáirtnéirí Eorpacha?

Cén fáth nach féidir linn labhairt le chéile le cinntiú go dtuigfidh na Sasanaigh céard atá uainn agus an tábhacht a bhaineann le próiseas na síochána don scéal ar fad, dúinne is do Shasana araon?

Agus cén fáth nach fiú dúinn iarracht a dhéanamh na socruithe atá á lorg ag na Sasanaigh a thuiscint?

Seans maith nach ngéillfeadh an chuid eile den Aontas dá raibh ag teastáil uainn, ach nárbh fhearr go mbeadh a fhios againn ar a laghad céard é atá ag teastáil uainn?

Teastaíonn ó chuid den Aontas, an Coimisiún, an Fhrainc faoi Hollande, agus b’fhéidir tíortha eile, ceacht a mhúineadh do na Sasanaigh le faitíos a chur ar éinne a bheadh ag cuimhneamh ar a sampla a leanacht.

Ach an chun leas na hÉireann a leithéid de dhearcadh?

De thoradh ar an aimhréidh ina bhfuil an Iodáil, an mhíshástacht fhorleathan faoi chúrsaí inimirce ar fud na hEorpa, tubaiste an Euro is eile, tá díospóireacht tosaithe i ngach aon bhallstát eile faoi thodhchaí na hEorpa.

Ach anseo in Éirinn ní ann don díospóireacht sin. Níl aon ní á éileamh.  Níl againn ach freagra amháin ar gach ceist: déanfaidh an Eoraip an beart dúinne.

Ní dhéanfaidh, ar ndóigh, ach is furasta glacadh le seachmall ná súil ghéar a chaitheamh ar an bhfírinne shearbh.

Fág freagra ar '‘Tuigeann an AE ár gcás’ arsa Noonan, agus lig na meáin osna faoisimh…'