Tuige nach féidir linn feachtas toghchánaíochta fuinniúil, ildathach a bheith againn ar nós Boston?

Creideann roinnt againn in Éirinn go bhfuil muid róshofaisticiúil agus ró-éirimiúil le dhul treo an ‘razzmatazz’

 

sparklers-923029_1920

Pé ar bith brí a bhí sa bhfeachtas toghchánaíochta seo in Éirinn is lú ná sin spraoi agus spleodar a bhí ag baint leis.   Ba lagbhríoch an uair a bhí inti i gcomórtas le toghcháin i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cheana féin tá fuinneamh agus fuadar faoi fheachtas toghchánaíochta na hUachtaránachta sna Státaí – pearsanachtaí móra agus óráidí bríomhara. Ach ní gá gur toghchán Uachtaránachta a bheadh ann le go mbeadh croí agus anam ag baint leis ar an taobh eile den Atlantach.

An oíche cheana i nGaillimh bhí Máire T. Ní Mhadaoín agus mé féin ag cur an fheachtais Olltoghcháin seo i gcomórtas le toghchán Mhéara Bhoston dhá bhliain go leith ó shin nuair a toghadh Marty Walsh. Bhí Máire T. ag obair do TG 4 ar an ócáid sin agus mé féin ag déanamh cabhair eireabaillín tuairisceoireachta chomh maith. Anois, bh’shin ócáid nach ndéanfá dearmad uirthi.

An oíche roimh an toghchán eagraíodh an slógadh deiridh do Mharty Walsh. Tháinig bannaí ceoil ag máirseáil ann agus a gcultacha speisialta á gcaitheamh acu; tháinig grúpaí agus bratacha na tíre agus bratach Mhassachusetts agus Bhoston ar iompar acu. Bhí ceol ann agus daoine éagsúla ag cur fuinnimh sa slua – bhí na mílte ann, cuid acu nár éirigh leo a theacht isteach ar chor ar bith.

Ar ndóigh, ní raibh cur síos ná inseacht scéil ar imeachtaí na hoíche dár gcionn nuair a fógraíodh an toradh agus nuair a toghadh Marty ina Mhéara.   An ceol, an ceiliúradh agus an “razzmatazz”.   Air sin a bhí muid ag comhrá an oíche cheana – an “razzmatazz”.

Taispáineann suirbhéanna agus staidéir go bhfuil muide anseo in Éirinn réasúnta sonasach, cé gur deacair tomhais a dhéanamh ar an intinn. Ach níl gair ar bith againn ar an bhfuinneamh agus ar an éirí in airde atá sna Meiriceánaigh ag ócáideacha poiblí – agus sa bpolaitíocht.

Is dóigh go bhfuil scéal fada socheolaíochta ag baint leis an dearcadh dearfach agus an claonadh chun ceiliúradh atá i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tosaíonn siad óg; tá nós acu eagrú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann siad do fhoirne peile agus spóirt na scoileanna agus na gcoláistí, idir iad féin a réiteach go péacach agus ceol a chur leis sin. Ansin, san aimsir a caitheadh, théadh mórán chuile fear óg san Arm agus cuireadh oiliúint orthu ar mháirseáil agus ar bhannaí ceoil. Go deimhin, ní raibh caoi ar bith ar Pharáid Féile Pádraig in Éirinn go dtí le blianta beaga anuas muna raibh buíon agus banna as High School éigin i Meiricea ann. Bhíodar in ann slacht agus fuinneamh a chur sna himeachtaí.

Sin cuid den chúlra a chuireann beocht agus borradh faoin bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe. Nar dheas an rud é go ndéanfadh muide amhlaidh anseo in Éirinn?

Bheadh daoine ann a d’abródh nach gcuireann an spleodar Meiriceánach leis an mbrí a bhaineann leis an bpolaitíocht agus gur fearr díriú ar na ceisteanna móra agus iad a phlé. Bheadh daoine acadúla go láidir ar an gcineál sin tuairime. Ar ndóigh, creideann roinnt againn in Éirinn go bhfuil muid róshofaisticiúil agus ró-éirimiúil le dhul treo an ‘razzmatazz’; is diabhlaí go deo an bharúil atá ag cuid againn dínn féin! Ach pé ar bith scéal é níl muid ag dul i dtreo an ‘razzmatazz’ i bpolaitíocht na tíre seo; níl sé sa gcultúr againn. Tá muid ruainne beag cúramach sa bpolaitíocht ar bhealaí go leor, drochrath air mar scéal. Murach an fogha a thug Enda faoi chnáimhseálaithe Chaisleán an Bharraigh agus ní bheadh ‘razzmatazz’ ar bith sa bhfeachtas 0lltoghcháin seo in Éirinn.