LÉIRMHEAS: Tugann an Cruiser faoi le fonn agus le flosc in The Mummy ach…

Is léir go bhfuiltear ag iarraidh na bunchlocha do chnuasach mór-ráchairte a leagan ach fágann an taoscadh ar fad drochrian ar an táirge.

LÉIRMHEAS: Tugann an Cruiser faoi le fonn agus le flosc in The Mummy ach…

Stiúrthóir: Alex Kurtzman

Cliar: Tom Cruise, Russell Crowe, Annabelle Wallis, Sofia Boutella.

Ní haon dóithín é an seanfhondúir Tom Cruise. Cé go bhfuil breis agus tríocha bliain gafa tharainn ó raid Top Gun i lár an aonaigh é tá an fear leis an meangadh mór fiaclach, cáiliúil fós i mbarr a mhaitheasa. Go deimhin tá roth Top Gun casta go hiomlán agus scannán leantach ar na bioráin an bhliain seo chugainn. 

Cé go gcnagfaidh Tomás na cúig bliana déag agus dhá scór i gceann cúpla seachtain níl an chuma ar an scéal go bhfuil sé chun luí ar na maidí.

Tá a chnuasach Mission: Impossible fós ag gluaiseacht ar lánluas leis an seachtú gála chugainn an bhliain seo chugainn mar aon le dhá shaothar aicsin le Doug Liman.

Táid siúd a bhí i mbarr láin lena linn imithe le cúr na habhann, nó ar shlí na fírinne, ach tá an Cruiser fós os cionn a bhuille. Is in aois na hóige atá sé ag dul agus in ainneoin an fothragadh faoina shaol pearsanta tá dúil mhíchuibheasach ag an lucht féachana ina chuid táirgí i gcónaí.

Is meascán mearaí ceart é an táirge seo le Universal Studios agus an cheárta ag iarraidh adhmad a bhaint as na harrachtaí atá ina chatalóg iarshaothar. Tá an scannán seo san iomaire céanna leis na scannáin den teideal céanna le Rachel Weisz agus Brendan Fraser cé nach bhfuil aon bhaint acu le chéile ó thaobh scéil ná carachtar. Tá na ciútaí agus comharthaí sóirt céanna ann sa tslí is gur rógaire, mealltach, deisbhéalach é an ceann feadhna agus téann sé in adharca neach ársa olc. Bíonn trácht ar bhriocht, ar mhallachtaí agus gaineamh á séideadh.

Seo linn mar sin ar bhóthar na heachtraíochta,  an aicsin agus an dríodar cainte. Ar mhaithe leis an gcnuasach meithle dar teideal ‘Dark Universe’ a chur sa tsiúl tá Dr. Jekyll, Russell Crowe, tugtha isteach sa chúram mar cheannaire ar eagraíocht a bhíonn sa tóir ar arrachtaí.  Go deimhin i gcúpla seat fánach tugadh nod go mbeadh Frankenstein agus Dracula/Vaimpír chugainn i ngálaí atá le teacht agus tá Johnny Depp earcaithe le tabhairt faoi ‘The Invisible Man’.

Is léir go bhfuiltear ag iarraidh na bunchlocha do chnuasach mór-ráchairte a leagan agus fágann an taoscadh ar fad drochrian ar an táirge. Samhlaíodh dom go minic nárbh fhiú an deich triuf Dr. Jekyll agus gurbh fhearr é a bheith níos foighní leis an gcarachtar agus é a fhágáil i dtaobh le caimeo.

Mar is dual don Cruiser tugann sé faoi le fonn agus le flosc. Tá sé breá in ann ag na míreanna aicsin agus mar is iondúil, tugtar radharc dúinn air agus é ag rith. Bhaineas súp as tús an scannáin mar a raibh Morton (Cruise) agus a leathbhádóir ag tóraíocht taisce san Iaráic agus cogaíocht ar siúl mórthimpeall orthu.

Cruthaíonn Cruise leábharaic deas dúinn, carachtar a bhaineann, ní nach ionadh, macallaí as Indiana Jones.

Níl na harrachtaí ach ag tosú amach agus ba thús leamh go maith é.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Tugann an Cruiser faoi le fonn agus le flosc in The Mummy ach…'

  • frainc

    Bhfuil ‘Whitney;Can I be me’ feicthe ag an údar? Ba dheas linn a thuairim a fháil faoi.