Tubaiste an Tíogair i ndán dúinn arís – pobalbhreith

POBALBHREITH Tuairisc.ie/Millward Brown - Triúr as gach cúigear den tuairim go bhfuil sé i ndán dúinn botúin an Tíogair Cheiltigh a dhéanamh an athuair

CELTIC-TIGER

Creideann triúr as gach cúigear go bhfuil sé i ndán dúinn na botúin eacnamaíochta chéanna a rinneamar le linn ré an Tíogair Cheiltigh a dhéanamh arís.

I bhfianaise pobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie, is beag muinín atá ag muintir na hÉireann nach ar bhealach ár n-aimhleasa atáimid arís ó thaobh na heacnamaíochta de.

Dúirt 59% díobh siúd a ceistíodh mar chuid de phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown go bhfuil sé sa chinniúnt dúinn go ndéanfaimid na botúin chéanna ba chúis leis an ngéarchéim eacnamaíochta.

Ní chreideann ach 18% de na rannpháirtithe go seachnóimis na botúin sin. Bhí 23% de na daoine a ceistíodh nár nocht tuairim nó a bhí idir dhá chomhairle faoin scéal.

Daoine idir 55-64 bliain d’aois is mó a chreideann gur beag ceacht in aon chor atá foghlamtha againn ó ré an Tíogair Cheiltigh. D’aontaigh 68% de dhaoine san aoisghrúpa sin go bhfuil sé i ndán dúinn na botúin chéanna a dhéanamh arís. Bhí lion na bhfear a dúirt amhlaidh (64%) níos airde ná an meán (59%) chomh maith.


 

Pie chart ceart Seán


 

Ba lú an dóchas chomh maith i measc daoine atá ina gcónaí i gCúige Connacht agus i gCúige Uladh. Creideann 63% de dhaoine sna réigiúin sin go ligfear don eacnamaíocht dul chun raice arís.

Is iad na daoine is fearr as (ABs) is mó a bhfuil muinín acu go bhfuil ár gceacht foghlamtha againn. Mar sin féin, ní chreideann ach 28% den aicme sin go seachnóimid na botúin a d’fhág an geilleagar i gcruachás le blianta anuas.

Ag tagairt do thorthaí na pobalbhreithe, dúirt Paul Moran, comhstiúrthóir ar an gcomhlacht pobalbhreith Millward Brown:

“Nuair a tháinig meath ar an Tíogar Ceilteach ar dhóigh chomh náiriúil agus a tháinig, rinneamar machnamh doimhin ar a amaidí a bhíomar na maidí a ligean le sruth. “Le dhá mhí dhéag anuas, tá athrú tagtha ar chúrsaí, áfach. Bhí na chéad chomharthaí ann go rabhamar chun teacht aniar agus ansin ba léir go raibh téarnamh ceart eacnamaíochta i ndán dúinn.

“Ach is cosúil nach miste le cuid mhaith againn dallamullóg a chur orainn féin agus dearmad a dhéanamh ar an méid a thit amach san am atá caite.”

An tseachtain seo caite a chríochnaigh an obair thaighde do phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown. Rinneadh an pobalbhreith le sampla de dhaoine fásta a bhí ionadaíoch ar an 3.43 milliún duine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine. Cuireadh faoi agallamh na rannpháirtithe go pearsanta sa bhaile in 66 áit samplála ar fud Phoblacht na hÉireann. +/-3.1% an lamháil earráide don phobalbhreith seo.