Tuarascáil Uí Chionnaith faoi chaonach liath ar sheilf stáit agus go leor ag fáil bháis ar thaobh na sráide…

Cúis aiféala dár gcolúnaí nár cuireadh Tuarascáil Uí Chionnaith i bhfeidhm riamh, anois agus an tír breactha le ‘heastáit tréigthe’ agus daoine go leor ag fáil bháis ar thaobh na sráide leis an bhfuacht

Sam Boal/Rollingnews.ie
Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí mé ag cruinniú de Chomhairle Contae na Gaillimhe lá agus muid ag criosú talún. Bhí cúpla duine dea-ghléasta sa lucht féachana taobh thiar dínn, cluais na heascainne orthu agus iad ag faire go géar ar an méid a bhí ag tarlú.

NÍL a bhí i gceist agam féin a vótáil ach chuaigh m’intinn ar strae beagán ar feadh tamaillín. Nuair a bheoigh mé aríst, thug mé faoi deara go raibh cor nua eicínt tagtha sa díopóireacht.

D’iompaigh mé chuig an gComhairleoir a bhí le mo thaobh. “Cén difríocht atá idir an chaint deiridh sin agus an méid a bhí á rá ar ball beag?” arsa mise. “Timpeall milliún euro,” ar seisean.

Dhá scór bliain roimhe sin bhí sé tugtha faoi deara ag státseirbhísigh shinsearacha go raibh tionchar rómhór ag úinéirí talún ar an gcóras pleanála. Níorbh é leas an phobail é, a dúirt siad.

Ní hé amháin go raibh na fiontraithe seo in ann a dhul i bhfeidhm ar Chomhairleoirí Contae ach bhí Comhairleoirí ann a bhí sásta breabanna a ghlacadh uathu mar a cruthaíodh go soiléir ó shin.

Sa mbliain 1971, d’iarr an tAire Rialtais Áitiúil, Roibeárd Ó Maoildhia, tuarascáil ar an gcaoi ab fhearr leis an scéal a leigheas. Breitheamh Ard-Chúirte, Seán Ó Cionnaith, a cuireadh i gceannas ar an bhfiosrúchán. Trí bliana dar gcionn, chuir an coiste a bhí ag obair faoi an tuarascáil ar fáil.

Bhí moltaí go leor acu ach ba é an ceann ba mhó ar chuir siad béim air gurb é luach talmhaíochta na láithreán tí ba cheart a bheith ann feasta agus 25% den phraghas sin lena chois.

Níor cuireadh an tuarascáil i bhfeidhm ariamh ó shin.

Comhrialtas de chuid Fhine Gael agus an Lucht Oibre a bhí i réim nuair a foilsíodh an tuarascáil agus Liam Mac Cosgair ina Thaoiseach.

Ba é Jim Tully as an Lucht Oibre a chuir an tuarascáil os comhair na comhaireachta. Bhí an tAire Airgeadais Richie Ryan glan in aghaidh glacadh leis na moltaí. Ba é a fhearacht sin freisin ag Liam Mac Cosgair é.

Ní dhearna an chuid eile de na hAirí a bhí timpeall an bhoird iarracht éifeachtach ar bith le hintinn na beirte sin a athrú.

Bhí sé de cháil ar Bhrendan Corish agus ar Justin Keating gur Sóisialaigh a bhí iontu ach d’fhan siad ina dtost.

Ba mhinic Conor Cruise O’Brien agus Garret Fitzgerald ag maíomh gurbh é leas an phobail a bhíodh ar a n-aire i gcónaí ach níor chorraigh siadsan méar ná cois ach an oiread.

In agallamh a rinne sé leis an Sunday Tribune sa mbliain 2006, dúirt Garrett Fitzgerald nach raibh sé in ann a thabhairt chun cruinnis cén fáth nár cuireadh Tuarascáil Uí Chionnaith i bhfeidhm.

“Níl a fhios agam le fírinne cén fáth nár chuir muid an tuarascáil sin i bhfeidhm nuair a tháinig muid i gcumhacht,” a dúirt sé. “Cuimhním go ndearnadh roinnt díospóireachta faoi ach ní chuimhním anois cén toradh a bhí ar an díospóireacht.”

Bhí an toradh soiléir go maith – níor cuireadh an tuarascáil i bhfeidhm. Bí cinnte gur chuir sin lúchair ar na Teachtaí Dála a raibh talamh acu féin a bhféadfaí brabach mór a dhéanamh air. Tá neart acu sa Dáil anois freisin.

Idir an dá linn, tá na mílte ag fanacht le teach cónaithe. Tá slua mór atá gan teach gan áras curtha isteach in óstáin agus in ionaid eile.

Tá na céadta ag codladh amuigh agus cuid acu ag fáil bháis ar thaobh na sráide leis an bhfuacht agus leis an anó.

Tá an tír breactha le heastáit tréigthe nó ‘scáileastáit’, na tithe a bhí ligthe ar cíos ag na Comhairlí Contae díolta acu agus gan aon phingin sa gciste le tithe nua a thógáil.

Idir an dá linn, tá úinéiri talún a bhfuil talamh criosaithe acu ag seasamh siar, ag coinneáil na talún bán agus ag fanacht go n-ardóidh luach tithe tuilleadh fós le gur mó an brabach a bheas acu sa deireadh.

‘Sea agus tá Tuarascáil Uí Chionnaith faoi chaonach liath ar sheilf stáit agus dearmad déanta ar a raibh molta inti.