Tuarascáil faoi ‘nuachainteoirí’ na Gaeilge á hullmhú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Is é an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach le Gaeilge in OÉG, agus an Dr. Bernadette O’Rourke ó Ollscoil Heriot-Watt in Albain, a bheidh ag stiúradh an tionscadail

NUIG_DSC00304

Is ionann ‘nuachainteoir’ Gaeilge agus duine nár tógadh sa Ghaeltacht le Gaeilge ach a labhraíonn an teanga go rialta, dar leis an Dr. John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

“Téarma dearfach is ea ‘nuachainteoir’ a thugann le fios gur féidir le duine a chuid féin a dhéanamh de theanga, is cuma cad as dó nó cén cúlra atá aige,” a dúirt an Dr Walsh.

Tá taighde ar siúl le roinnt blianta anuas ag an Dochtúir Walsh agus a chomhghleacaí in Ollscoil Heriot-Watt, an Dochtúir Bernadette O’Rourke, arb as Contae an Chláir ó dhúchas í, ar ‘nuachainteoirí’.

Tá tuarascáil taighde á hullmhú faoi stiúradh na beirte ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i láthair na huaire agus táthar ag siúl go bhfoilseofar i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo í.

Cuireadh ceithre scór nuachainteoir ó gach cearn den tír faoi agallamh fada beathaisnéiseach agus eagraíodh grúpaí fócais le heolas a bhailiú faoi chúlra na gcainteoirí, an úsáid a bhaineann siad as an nGaeilge agus a ndearcadh idé-eolaíoch ina leith.

“Tá sé d’aidhm ag an taighde seo cur síos agus anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann nuachainteoirí as teangacha éagsúla, an Ghaeilge ina measc. Chomh maith leis sin, tá idé-eolaíochtaí na nuachainteoirí i leith na dteangacha á scrúdú againn; cad a chreideann na cainteoirí faoi na teangacha a labhraíonn siad agus cad ina thaobh go mbíonn na tuairimí sin acu,” a deir an Dr. Walsh.

Is beag staidéir atá déanta cheana sa réimse seo.

“Go stairiúil thug an teangeolaíocht thraidisiúnta tús áite do chainteoirí dúchais traidisiúnta agus deineadh neamhaird ar urlabhra cainteoirí eile. Ceapadh go raibh an urlabhra sin máchaileach agus nárbh fhiú staidéar a dhéanamh uirthi.

“I gcás na tíre seo, leagadh béim ar chainteoirí traidisiúnta Gaeltachta ach i bhfianaise a bhfuil de ‘nuachainteoirí’ ag an nGaeilge, creidimid go bhfuil sé riachtanach taighde a dhéanamh ar na daoine seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar phobal uile na teanga,” a dúirt an Dr. Walsh.

Tá an taighde ar nuachainteoirí ar bun ar bhonn uile-Eorpach agus is í an Dr. O’ Rourke atá ina cathaoirleach ar an gréasán taighde Eorpach atá ag plé le na nuachainteoirí. Tá suas le caoga taighdeoir as tíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh páirteach sa tionscadal agus i measc na dteangacha eile a bhfuiltear ag déanamh staidéir orthu, tá an Chatalóinis, an Bhascais, an Ghailísis agus an Gháidhlig.

Tá súil ag an Dr Walsh go mbainfidh Foras na Gaeilge úsáid as an tuarascáil atá á cur le chéile i láthair na huaire chun tacú lena mbeartas teanga i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tuarascáil faoi ‘nuachainteoirí’ na Gaeilge á hullmhú ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'

  • Seán Mac Risteaird

    Taighde fíorspéisiúil tábhachtach ar bun anseo.

  • Glór í Eo

    Agus dar ndóigh tá muintir na nua-ghaeltachta ann chomh maith – i mBéal Feriste agus Carn Tóchair…