Tuar dóchais é balla ‘síochána’ a bheith leagtha i dtuaisceart Bhéal Feirste

Tógadh a thuilleadh ballaí síochána ó tháinig an tsíocháin i réim ach tuar dóchais é ceann a bheith leagtha i dtuaisceart Bhéal Feirste

Tuar dóchais é balla ‘síochána’ a bheith leagtha i dtuaisceart Bhéal Feirste

Is iondúil gur i ngeall ar chonspóid agus achrann faoi pharáidí na ndílseoirí i gceantar Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste sna ceannlínte ach bhí cóisir ansin an tseachtain seo caite ag ceiliúradh ré nua. Tá tithe a bhí folaithe taobh thiar de bhalla ard le feiceáil anois, gairdíní deasa os a gcomhair amach agus amharc acu ar eaglais cháiliúil na Croise Naofa ar an taobh eile den bhóthar.

Bhí 270 méadar de bhalla a bhí os cionn ocht dtroigh ar airde idir iad agus léas le scór go leith bliain. Balla síochána ab ea é, ceann de na ballaí cosanta a tógadh chun a dhul i ngleic le hionsaithe i gceantair ina raibh an dá phobal bord ar bhord lena chéile. Sceith bhéil as foréigean agus marú ab ea an chuid seo de Bhóthar Chromghlinne, an cumar idir comharsanachtaí dílseacha Twaddell, Woodvale is an tSeanchill agus an ceantar náisiúnach Ard Eoghain.

Tharla na céadta dúnmharú anseo le linn na dtrioblóidí agus níos deireanaí, rinne dílseoirí iarracht stop a chur le páistí Caitliceacha ag dul ar scoil. Bhí círéibeacha uafásacha sa cheantar faoi pharáidí agus le trí bliana anuas b’údar imní agus achrainn é campa agóide Twaddell, a bunaíodh nuair nár ligeadh paráid oráisteach thar bráid. I bhfianaise na staire sin, is céim chróga an balla a leagan.

Ní gan imní a d’aontaigh na háitritheoirí náisiúnacha an balla a leagan. Ba mhaith ann é, a dúradar, ach bhí sé in am deireadh a chur leis. Ta súil acu nach mbeidh gá lena leithéid go deo arís, a dúirt bean ón gceantar liom. Leagadh an balla sé mhí ó shin agus rinneadh an dearadh nua ar na gairdíní i gcomhairle le muintir na háite.

Feabhas mór ar an tírdhreach is ea é. Céim chumhachtach, shiombalach é, dar leis an LeasChéad Aire, Martin McGuinness, Sinn Féin, a bhí ag an gcóisir cheiliúrtha an tseachtain seo caite, sórt seoladh poiblí ar an ré úr.

Tá ciallachais ag an bhforbairt seo do gach

áit ina bhfuil balla síochána agus coinneofar súil ghéar ar gach a dtarlóidh sa cheantar as seo amach.

Tá suas le céad de na ballaí seo fós ina seasamh, cuid acu a tógadh ó 1998 ar aghaidh. I mBéal Feirste atá an líon is mó ach tá siad i nDoire agus i bPort an Dúnáin chomh maith. Tógadh an chéad cheann idir an tSeanchill agus Bóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste tar éis loisceadh Shráid Bombay i 1969 nuair a d’ionsaigh dílseoirí an ceantar náisiúnach thart ar mhainistir Chluain Ard. Cuid den tírdhreach is ea anois iad, cuid freisin de chonair na turasóireachta agus triall ag na mílte orthu gach bliain.

D’ainneoin ballaí síochána nua a bheith á dtógáil ó 1998 ar aghaidh, ceann acu taobh le scoil imeasctha, tháinig brú ó ghrúpaí i Meiriceá, ó charthanachta agus roinnt polaiteoirí na ballaí síochána go léir a leagan. Bhí drogall ar na daoine a bhí ag brath orthu déanamh dá n-uireasa. Ceithre bliana ó shin mheas seachtar as gach deichniúr a bhí ina gcónaí in aice leo go raibh gá leis na ballaí.

Ó 2013, tá sé mar aidhm ag an bhFeidhmeannas i Stormont na ballaí ar fad a bheith leagtha faoi 2023. Tá an feidhmeannas tithíochta, atá freagrach as cuid de na ballaí ag obair ar straitéis chun deireadh a chur leo, mar atá comhairle na cathrach i mBéal Feirste. Ba é feidhmeannas na tithíochta a bhí freagrach as an mballa in Ard Eoghain a leagan.

Rinneadh an obair ar fad i gcomhar leis an bpobal; chuathas i gcomhairle i dtosach leis na daoine a bhí ina gcónaí faoi chosaint an bhalla agus ansin leis na dílseoirí ar an taobh eile. Bhí ról ag an bpobal ar fad sa bhfiontar.

Ba chosúil gur bhraith na daoine a bhí ag an gcóisir gur leo féin an togra seo.

Ghlacadar seilbh air, nó comhsheilbh ba chirte a rá. Airíonn siad gurb iad a bheidh freagrach as. Sin scothchleachtas. Is é toil an phobail é agus tá bealaí leagtha amach chun caidreamh trasphobail a chinntiú le dul i ngleic le fadhb ar bith a bheidh acu.

Ní athmhuintearas foirfe é fós, cheapfá, ach céim shuntasach chun cinn atá ann, dea-shampla ó Ard Eoghain. Caithfidh sé gurb é seo an múnla do cheantair eile. Má éiríonn go maith leis an mbeart seo tabharfaidh sé uchtach do dhaoine eile tabhairt faoin obair agus b’fhéidir go mbeidh deis an smál seo ar an tírdhreach agus ar fhorbairt phobail a ghlanadh.

Fág freagra ar 'Tuar dóchais é balla ‘síochána’ a bheith leagtha i dtuaisceart Bhéal Feirste'