Tuairisciú beo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2017 le Tuairisc.ie…

Foilsítear anseo tuairisciú beo Tuairisc.ie ar Buiséad 2017

Tuairisciú beo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2017 le Tuairisc.ie…

Seán Kyne

17.05 An scéal is déanaí faoi bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2017… Is cosúil nár tháinig aon athrú ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, in ainneoin an gealltanas atá intuigthe i gclár an Rialtais agus a aontaíodh sa socrú soláthair agus muiníne le Fianna Fáil go ndéanfaí infheistíocht bhreise ‘sa Ghaeilge’.

Laghdú 9% atá tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta, ó €51.026 milliún in 2016 go dtí €46. 736 milliún. Laghdú sa bhuiséad caipitil atá i gceist ansin a bhaineann le hairgead a bhí curtha ar leataobh anuraidh do thógáil Theach an Phiarsaigh i Ros Muc agus d’fhorbairt Ché Inis Oírr. Seachas sin is beag athrú atá tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta, seachas ardú €1.4 milliún ar an mbuiséad reatha.

San áireamh ansin, tá méadú €440,000 do scéimeanna tacaíochta teanga, ó €6 milliún go dtí €6.44 milliún, méadú €60,000 d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus méadú €250,000 araon do bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta agus do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ní bhfuair Foras na Gaeilge ardú ar bith i mBuiséad 2017 agus beidh an leithdháileadh caipitil céanna ag Údarás na Gaeltachta i mbliana is a bhí acu anuraidh – €6.687 milliún – nuair a chuirtear san áireamh an milliún breise a tugadh don eagraíocht i meastacháin dheireadh na bliana seo caite. Deir an tAire Stáit Seán Kyne gur éirigh leis €2.4 milliún breise a fháil don Údarás chomh maith le linn na bliana 2016.


15.54 Ráiteas ón Aire Stáit Seán Kyne: “Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag cur tacaíocht don Ghaeilge i dtús áite chomh maith le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán in 2017.  Tá an leithdháileadh cistiúcháin do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta agus Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge araon á mhéadú don bhliain seo chugainn. Tá an cistiú á mhaoiniú freisin don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, lena ndéanfar tuilleadh dul chun cinn ar an straitéis ríthábhachtach sin sa bhliain amach romhainn. “Gheobhaidh Údarás na Gaeltachta, a chuireann tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d’fhiontair i gceantair Ghaeltachta, leithdháileadh de €3.25 milliún dá chlár caiteachais reatha agus coinneoidh sé a leithdháileadh caipitil de €6.687 milliún, rud a chuirfidh, i dteannta leithdháileadh caipitil breise de €2.4 milliún atá gnóthaithe agam dó i mbliana, ar chumas na gníomhaireachta leanúint ar aghaidh ag tacú le cruthú post i gceantair Ghaeltachta.”


15.46 As an 42 dream atá liostáilte, is í An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an dara dream is mó a ndearnadh ciorrú uirthi, i ndiaidh an CSO a raibh buiséad i bhfad níos mó anuraidh aige óir bhí daonáireamh ann. Dealraíonn sé gurb iad gnóthaí réigiúnacha amháin a rinne go maith i mBuiséad 2017.


15.17  Screen Shot 2016-10-11 at 14.57.15

Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, ag maíomh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil airgead breise ann d’Údarás na Gaeltachta, ach is cosúil go mbaineann cuid den ardú le hairgead a fuarthas le déanaí do 2016. Deir Kyne go mbeidh an tÚdarás ábalta cuid den airgead sin a úsáid an bhliain seo chugainn, ach is cosúil gur €1 milliún an t-ardú don bhliain seo chugainn i gcomparáid leis an méid a fógraíodh i mBuiséad 2016. Dealraíonn sé go bhfuil laghdú 9% ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán do 2017 ó €51 milliún go dtí €46.7 milliún. Deir an tAire Stáit go bhfuil €250,000 breise ar fáil don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, €440,000 breise ann do scéimeanna tacaíochta teanga agus €60,000 d’Oifig an Choimisinéara Teanga.


14.44 Bualadh bos? Nós briste?


14.43 Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil laghdú 9% ar bhuiséad reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta agus laghdú €6 milliún ar bhuiséad caipitil na Gaeilge agus na Gaeltachta. “Drochlá do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta,” a deir sé. Níl aon ardú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ach an oiread, a deir sé. Tuilleadh sonraí ar ball…


14.26 Deir Eoin Ó Broin ó Shinn Féin gur buiséad lag de chuid ‘FG/FF’ atá ann, nach ndéanfaidh maitheas do mhórán…

Summary of FG/FF #budget2017 – Anaemic budget that will do little for low & middle income households or SMEs & hurt those in greatest need.

— Eoin O Broin (@EOBroin) October 11, 2016


14.35 Chuir Michael McGrath i leith gach páirtí eile, seachas Fine Gael, Fianna Fáil agus an Chomhghuaillíocht Neamhspleách, gur thóg siad “saoire deich lá” sular cuireadh rialtas le chéile.


14.28 I bhfianaise cás Apple ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an Rialtas in ann do dhúshlán Brexit, a deir McGrath.


14.23  ‘Cé nach sinne a scríobh an buiséad, bhí an oiread tionchair againn agus a d’fhéadfaimis…is buiséad níos cothroime é ná na cinn a chuaigh roimhe.’ Bhí a seans acu siúd a dhéanfaidh cáineadh ar Fhianna Fáil ar rud éigin a dhéanamh iad féin, ach níor ghlacadar leis, a deir sé. É ag díriú go fóill orthu siúd atá ‘an-fhada amach ar an eite chlé’ seachas ar an Rialtas.


14.16 Michael McGrath, urlabhraí Airgeadais Fhianna Fáil anois ag caint sa Dáil.


14.13 ‘Public Service Pay Commission’ le bunú ag Paschal Donohoe.


14.12 €15 milliún curtha ar leataobh do chúrsaí leathanbhanda faoin tuath.


Pascal


14.11 Dúirt Dara Calleary ó Fhianna Fáil ar maidin: ‘We have made inputs, so the notion of running around taking credit is not on’.

Is léir nach bhfuil a chomhghleacaithe ag cloí lena rabhadh.

 

 


14.07 Ardú ar mhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta, a deir Donohoe. An Clár Forbartha Tuaithe agus an clár LEADER an t-aon dá rud eile a luaigh sé maidir leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.


14.02 Lucht na n-ealaíon molta ag an Aire Donohoe agus é ag tagairt do Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca i mbliana. Caithfidh muid breathnú chun cinn anois, a deir sé.


14.01 Ardú 85% ar bhónas na Nollag do lucht Leasa Shóisialaigh.


13.59 €28 milliún breise don Gharda Síochána. 800 Garda le hearcú an bhliain seo chugainn agus gnáthbhall foirne freisin.


13.58 Ardú €5 ar an bpinsean ó mhí Mhárta na bliana seo chugainn.


13.53 Buiséad €9.5 billiún don Oideachas. Is ionann sin agus 16% den chaiteachas iomlán agus áirítear ann 2,400 post nua múinteoireachta. Múinteoirí acmhainne a bheidh i 900 acu sin.


13.50 €14.6 billiún don Roinn Sláinte. Méadú 7.4% ó Bhuiséad 2016, a deir Donohoe. “An méid is mó airgid a cuireadh ar fáil don tsláinte i stair an stáit,” a deir sé.


13.48 €1.2 billiún don Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Ceadaíodh €545 milliún anuraidh.


13.45 Earcófar 4,500, idir Ghardaí, altraí agus múinteoirí, a deir Paschal Donohoe.


13.42 Athbhreithniú cuimsitheach ar chaiteachas le déanamh roimh Bhuiséad 2018, a deir Paschal Donohoe. Ní féidir gach a gealladh a dhéanamh ina aon bhuiséad amháin, a deir sé. ‘Tá teacht aniar á dhéanamh ag an ngeilleagar, ach ní sé tagtha aniar fós,’ a deir sé.


13.40 An tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe ag caint anois. Ní raibh aon tagairt do chúrsaí Gaeltachta ná Gaeilge ag an Aire Airgeadais Michael Noonan.

Noonan Budget 2017


13.38 Gan a bheith chomh dáiríre sin faoin scéal, carbhat corcra a chaith Michael Noonan sa deireadh. Cuirtear suim sa scéal seo gach bliain. N’fheadar sinn cén fáth, ach, pé scéal é, rinneamar roinnt taighde faoin ábhar. Dar le saineolaithe áirithe go ndeir carbhat corcra gur duine cruthaitheach paiseanta, tuisceanach, féinmhuiníneach thú. Cé gur measadh baint a bheith ag ‘corcra’ le saibhreas agus ríogacht, deirtear go bhfuil an méid sin ag athrú. Táthar ann, áfach, a deir gur comhartha an carbhat corcra gur duine sotalach, tuathalach thú. Mhol daoine áirithe Noonan as a rogha neamhghnách, ach de réir tuairisce i The Guradian tamall de bhlianta ó shin ‘the purple tie is a phenomenon of modern politics’. Peter Mandelson a chuir tús leis i Sasana is cosúil, agus ba é an carbhat corcra seachas an carbhat dearg rogha New Labour Tony Blair.


13.34 Ardú ar an gcáin ar thobac – €0.50 ar bhosca toitíní.


13.33 Tá sé i gceist ag Noonan ‘Cáin an tSiúcra’ a thabhairt isteach. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ag an am céanna le cáin siúcra Shasana i mí Aibreáin 2018. Tá próiseas comhairliúcháin fógartha aige inniu maidir leis an gcáin nua.


13.28 Beidh €400 creidmheasanna cánach breise ag daoine féinfhostaithe.


13.27 Ní athrófar an cháin chorparáide ó 12.5% agus níl ‘duine ar bith’ ag iarraidh go n-athrófaí í.


13.26 Na trí ráta is ísle den USC gearrtha 0.5%. Ráta 1% laghdaithe go 0.5%, ráta 3% laghdaithe go 2.5% agus ráta 5.5% laghdaithe go 5%. Is ionann sin agus €1 níos lú cánach ar gach €200 a thuilltear faoi bhun €70,000 sa bhliain.


13.17 Faoiseamh ar cháin ioncaim d’iascairí bunaithe ar mholtaí a rinneadh anuraidh. Táthar ag súil go gcabhróidh an faoiseamh seo foirne iascaigh a choinneáil.


13.16 An chaint dírithe ar chás na talmhaíochta anois. Drochthionchar ag an aimsir agus ag Brexit ar earnáil na talmhaíochta i mbliana, dar le Noonan. An córas cánach athraithe d’fheirmeoirí agus cuirfear i bhfeidhm láithreach é.


13.08 Noonan ag caint anois faoi thionchar Brexit ar Bhuiséad 2017. Tuar na Roinne d’fhás an GDP don bhliain seo chugainn laghdaithe  3.5%. Níltear ag iarraidh go gcuirfí “teorainn chrua” i bhfeidhm.


13.01 Seo linn, an tAire Airgeadais Michael Noonan i mbun cainte.


13.00 Agus tvúit an lae go nuige seo ag Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dealraíonn sé go bhfuil leathshúil ag Áine ar Oireachtas eile!


12.59 Is minic iriseoirí na Gaeilge ag cásamh na bhfadhbanna a bhíonn acu teacht ar mhioneolas ó Roinn na Gaeltachta ar lá an bhuiséid. Is deas linn mar sin go bhfuil seisiún eolais do na meáin beartaithe ag an Aire Heather Humphreys agus Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i dTeach Laighean tráthnóna.


12.56 Beimid ag coimeád súil ghéar anseo inniu ar impleachtaí Bhuiséad 2017 do theanga Bhríd agus Phádraig. Beidh gach eolas againn anseo faoi chás na beirte sin, lánúin bhocht chéasta atá amach sna blianta agus atá ag súil le faoiseamh éigin inniu! Is féidir réamhthuairisc Mhaitiú Uí Choimín ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2017 a léamh anseo.


12.47 Cad atá ar eolas againn mar sin? I measc rudaí eile, tuairiscítear go mbeidh íocaíocht uilíoch cúram leanaí ann do thuismitheoirí leanaí atá idir sé mhí agus trí bliana d’aois; laghdú ar tháillí oidis do dhaoine os cionn 70; ardú 50 cent ar phaca toitíní; laghdú 0.5% ar an Muirear Sóisialta Uilíoch; scéim do cheannaitheoirí céaduaire ar fiú suas le €20,000 in aisíocaíochtaí cánach í; méadú €100 ar chreidmheas cánach don chúramóir baile; agus méadú ar chreidmheas cánach don té atá féinfhostaithe.


12.40 De réir tuairiscí ó Theach Laighean, beidh €2.2 milliún breise sa bhuiséad d’Údarás na Gaeltachta i mbuiséad an lae inniu. Fós ag fanacht ar na sonraí. Tuilleadh le teacht ar ball.


12.36 Ní haon rún é má tá a fhios ag triúr é. Ceist mhaith ag Máirín Ní Ghadhra ar maidin:


12.30  I dtús báire, buiséad nó cáinaisnéis?

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile,’ a deir lucht aistear.ie linn.


11:54 Fáilte go dtí tuairisciú beo Tuairisc.ie ar Bhuiséad 2017. Bígí linn i gcaitheamh an lae chun gach eolas a fháil faoin mbuiséad.

Fógróidh an tAire Airgeadais Michael Noonan Buiséad 2017 ag 1pm i nDáil Éireann agus tabharfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí óráid uaidh ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, beimid ag coimeád súil ghéar chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn chomh maith ar Twitter agus ar Facebook.


   

Fág freagra ar 'Tuairisciú beo: Faigh an cor is déanaí i scéal Buiséad 2017 le Tuairisc.ie…'

  • Eoin

    Is deas an tuairisciú beo a fheiceáil. Is deacair éalú ó na ceisteanna téarmaíochta :-) Sa gcás seo, níl a fhios agam an bhfuil mé ag teacht go hiomlán le lucht aistear.ie, nach é is ‘caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile’ ann ná réamhaisnéis ar an gcaoi a chaithfear na cánacha? Ar aon nós, beidh sé spéisiúil fáil amach an bhfógrófar aon rud nár sceitheadh leis na meáin cheana féin!