Tuairiscí faoi imeacht stádas an Bhéarla san AE ‘míchruinn’ – Coimisiún na hEorpa in Éirinn

Chaithfeadh an Chomhairle, Éire san áireamh, vótáil d’aon ghuth chun aon athrú a dhéanamh ar réimeas teanga Institiúidí na hEorpa, a dúradh i ráiteas a chuir Comhairle na hEorpa amach ar maidin

Brexit

“Míchruinn” atá tuairiscí sna meáin a mhaíonn go gcaillfeadh an Béarla a stádas mar theanga oifigiúil san AE i ndiaidh Brexit, dar le Coimisiún na hEorpa in Éirinn.

I ráiteas a d’eisigh an Coimisiún ar maidin dúradh;

“Tugaimid faoi deara na tuairiscí sna meáin ina dtugtar le fios go mbeadh deireadh leis an mBéarla mar theanga oifigiúil de chuid an AE sa chás go n-imeodh an Ríocht Aontaithe ón AE.

“Tá sé seo míchruinn. Is í Comhairle na nAirí, ag gníomhú d’aon ghuth, a shocraíonn na rialacha maidir le húsáid teangacha in institiúidí na hEorpa. I bhfocail eile, chaithfeadh an Chomhairle, Éire san áireamh, vótáil d’aon ghuth chun aon athrú a dhéanamh ar réimeas teanga Institiúidí na hEorpa.”

Idir an dá linn, dúirt Danuta Hübner, ceann Choiste Gnóthaí Bunreachta Pharlaimint na hEorpa, nach mbeadh an Béarla i measc theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh i ndiaidh Brexit.

“Tá rialachán againn a fhágann go bhfuil an ceart ag gach tír san AE teanga oifigiúil amháin a aithint. D’aithin muintir na hÉireann an Ghaeilge agus d’aithin muintir Mhálta an Mháltais, mar sin níl agat ach an Ríocht Aontaithe ag tabhairt aitheantais don Bhéarla. Mura mbíonn an Ríocht Aontaithe againn, níl an Béarla againn,” a dúirt Hübner.

Tuairiscíodh ar an suíomh Politico.eu gur thug foinse san AE le fios nach raibh sé soiléir cé acu an mbeadh cead nó nach mbeadh ag ballstát níos mó ná teanga oifigiúil amháin a bheith aige. Dúradh go bhféadfaí an bhrí sin a bhaint as an mbunleagan Fraincise den rialachán a tugadh isteach i 1958.

D’fhéadfaí, áfach, a mhalairt de bhrí a bhaint as an aistriúchán Béarla ar an rialachán céanna, is é sin nach mbeadh cead ag ballstát dhá theanga oifigiúil a bheith aige.

Sa chás go socrófaí nach mbeadh cead ag aon bhallstát níos mó ná teanga amháin a bheith aige, d’fhéadfadh go mbeadh cinneadh le déanamh ag rialtas na hÉireann cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bheadh mar theanga oifigiúil ag an tír seo san Aontas Eorpach.

Tuairiscíodh ar an Wall Street Journal inné go raibh laghdú tagtha cheana féin ar úsáid an Bhéarla i gCoimisiún na hEorpa i ndiaidh reifreann Brexit na seachtaine seo caite, agus béim níos mó anois ar úsáid na Gearmáinise agus na Fraincise.

Dúirt Jean-Luc Mélenchon, Feisire Eorpach don Fhrainc, ar Twitter nach bhféadfadh an Béarla an stádas atá aige mar “tríú teanga oibre” Pharlaimint na hEorpa a choinneáil.

A mhalairt de thuairim a bhí ag Günther Oettinger, Coimisinéir na hEorpa don Ghearmáin, a dúirt gurb é an Béarla “an teanga dhomhanda a nglacann cách leis” agus go labhraítear i roinnt mhaith ballstát é.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Dochtúir Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar cheist na dteangacha san AE agus duine a throid ar son stádas na Gaeilge san Aontas gur dócha nach dtiocfaidh aon athrú ar stádas an Bhéarla san Aontas Eorpach toisc go bhfuil stádas oifigiúil aige in Éirinn agus i Málta.

Dúirt Ó Laighin gurb ionann agus cinnte go “laghdófar tionchar an Bhéarla de réir a chéile” i ndiaidh don Bhreatain imeacht as an Aontas. Mhaígh sé go dtiocfadh deireadh le “forlámhas an Bhéarla” san AE mar thoradh ar Brexit.