TUAIRISC SPEISIALTA: An gaeloideachas – cá bhfuil sé ar fáil agus cén t-éileamh atá air?

Tá anailís déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua chun léargas a fháil ar staid an ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht

TUAIRISC SPEISIALTA: An gaeloideachas – cá bhfuil sé ar fáil agus cén t-éileamh atá air?

Tá maolú tagtha ar an mborradh faoin ngaeloideachas le tamall de bhlianta anuas, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.

173 bunscoil lán-Ghaeilge agus 31 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge atá in Éirinn faoi láthair, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá ar fáil ó Ghaeloideachas.

52,115 a bhí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – 41,107 ag leibhéal na bunscoile agus 11,008 ag leibhéal na hiarbhunscoile.

Baineann na figiúirí áirithe sin leis an scoilbhliain 2015-2016. Níl staitisticí cruinne ar fáil go fóill don scoilbhliain 2016/2017.

Baineann na figiúirí maidir le líon na ndaltaí agus na scoileanna a raibh ró-éileamh orthu leis an scoilbhliain 2015/2016 GRAFAIC EOLAIS: Tuairisc.ie

Thug 55 bunscoil ó dheas le fios nach raibh siad in ann freastal ar an éileamh a bhí orthu don scoilbhliain 2015/2016 agus ní raibh áit ar fáil sna scoileanna sin do 1,656 dalta, de réir figiúirí a chuir Gaeloideachas ar fáil do Tuairisc.ie.

Thug 73 scoil le fios go raibh siad ábalta freastal ar an éileamh a bhí orthu don scoilbhliain 2015/2016 agus níor fhreagair 15 scoil an cheist.

Ba sna nóchaidí agus i dtosach na mílaoise ba mhó a bhí borradh faoi bhunú scoileanna lán-Ghaeilge agus idir 1990 agus 2009 bunaíodh 98 bunscoil lán-Ghaeilge agus 18 iarbhunscoil lán-Ghaeilge, os cionn leath de na scoileanna lán-Ghaeilge sa tír.


Tráth bunaithe na mbunscoileanna lán-Ghaeilge


 


Tráth bunaithe na n-iarbunscoileanna lán-Ghaeilge


Níl ach contae amháin in Éirinn nach bhfuil aon bhunscoil ná iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann – Ard Mhacha. Tá trí bhunscoil in Ard Mhacha ina bhfuil aonad lán-Ghaeilge iontu agus scoil amháin ina bhfuil sruth lán-Ghaeilge inti. Tá aonad lán-Ghaeilge chomh maith in iarbhunscoil amháin in Ard Mhacha.

Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge de réir contae, gan scoileanna Gaeltachta ná aonaid/sruthanna lán-Ghaeilge san áireamh. LÉARÁID LE Tuairisc.ie

Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge i 17 contae, cé go bhfuil aonad nó sruth lán-Ghaeilge ar fáil i scoileanna i gcuid de na contaetha sin. Níl iarbhunscoil lán-Ghaeilge ná sruth nó aonad lán-Ghaeilge i naoi gcontae, de réir an eolais is déanaí faoi staid an ghaeloideachais.

Le linn an fheachtais do cheannaireacht Fhine Gael, gheall an Taoiseach nua Leo Varadkar go mbeadh polasaí “réamhghníomhach” aige maidir le bunú “Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus aonaid nua” chun freastal “ar an méadú leanúnach” ar an éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge.

Bhí moratorium ar bhunú scoileanna nua sna 26 contae idir 2008-2011. Tháinig córas nua i bhfeidhm in 2011 maidir le bunú scoileanna nua agus bíonn próiseas iomaíoch ann bunaithe ar dhéimeagrafaic seachas ar éileamh ón bpobal atá ann anois. Tuairiscíodh ar an suíomh seo níos luaithe i mbliana go bhfuil polasaí na Roinne Oideachais maidir le bunú Gaelscoileanna á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.

Bunscoileanna lán-Ghaeilge de réir contae, gan scoileanna Gaeltachta ná aonaid/sruthanna lán-Ghaeilge san áireamh. LÉARÁID LE Tuairisc.ie