TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht

Sa tuairisc speisialta seo, tugann ár gcomhfhreagraí ar thuras sinn go dtí Ceann Sibéal i gCorca Dhuibhne agus nochtann sé dúinn cuid de na rúin faoi theacht Star Wars go dtí an Ghaeltacht...

Radharc de nead scannánaíochta a tógadh le pacaí gainimhe sa bhfaill ar an nDún Mór le déanaí, agus é ag féachaint amach ar an gcarraig ar a dtugtar ‘An Liúir’ agus ar an mBlascaod
Radharc de nead scannánaíochta a tógadh le pacaí gainimhe sa bhfaill ar an nDún Mór le déanaí, agus é ag féachaint amach ar an gcarraig ar a dtugtar ‘An Liúir’ agus ar an mBlascaod

Níl deireadh crúite fós, ach cheana féin tá os cionn 1.9 billiún dollar sna beistí ag Star Wars VII: The Force Awakens. Tar éis do Disney Lucasfilm dhá thréimhse a chaitheamh ar an Sceilg bhí spéis ar leith á cur sa scannán anseo in Éirinn agus nach sinn atá mórálach. Fágtar daoine fé gheasa ag na radharcanna draíochtúla den gcarraig agus an tsean-mhainistir luath-Chríostaí a feictear i dtreo dheireadh an scannáin. Gan dabht tá polaiteoirí agus lucht riartha an tionscail scannáin anseo in Éirinn ag leagadh a chéile le sodar sceitimíneach ó shin, agus iad ar meisce ag manaí margaíochta agus tuartha turasóireachta. Ach is fearr í seo ná an Glas Gaibhneach. Tálfar a thuilleadh is cosúil. Tuigtear anois go mbeidh Disney LucasFilm ag filleadh ar Chiarraí, ach an babhta seo beidh na ceamaraí ag crónán ar Cheann Sibéal in iarthar Chorca Dhuibhne.

An Teabhar

Tá sé le tuiscint ón tslí a thagann Star Wars VII: The Force Awakens chun críche go mbeidh Sceilg Mhichíl i lár an aonaigh sa chéad scannán eile. Ceaptar, áfach, go mbeidh Ceann Sibéal ina láthair mhalartach le linn na scannánaíochta an babhta seo: radharcanna den Sceilg ón aer ach an dallamullóg á chur ar an lucht féachana agus na radharcanna aisteoireachta á dtaifead ar Cheann Sibéal.

The-Star-Wars-The-Force-Awakens

Cad atá ar eolas againn faoin scannánaíocht?

Tá conarthaí rúndachta le comhlacht scannánaíochta Disney Lucasfilm sínithe ag feirmeoirí gur leo an talamh ar Cheann Sibéal. Bhí buíon a bhain leis an gcomhlacht scannánaíochta i mbun suirbhéireachta rúnda ar an gcnoc an samhradh seo caite agus tá roinnt beag scannánaíochta a dhéanamh le tamall anuas ar mhaithe le híomhánna CGI a bhailiú. Tá an scannánaíocht seo ar siúl i láithreacha éagsúla cois cósta, ina measc, an Dún Mór i nDún Chaoin agus Ceann Sraithe i bParóiste an Fheirtéaraigh. Tuigtear go mbeidh an scannánaíocht ar bun i gceart ar feadh tréimhse trí seachtaine i mí Bealtaine. Tá lóistín óstáin agus tithe saoire curtha in áirithe sa Daingean le linn na tréimhse sin ag comhlacht scannánaíochta.

Ceann Sibeal

Agus í ag caint roimh Nollaig ag premiére Star Wars VII: The Force Awakens i mBaile Átha Cliath dheimhnigh léiritheoir an scannáin, Kathleen Kennedy, go mbeidh Star Wars ag filleadh ar Chiarraí i 2016 agus dhein sí tagairt fé leith do láthair ‘in aice an Daingin.’ Ag cloí leis an bpolasaí rúndachta a bhí sa treis le linn scannánaíochta ar Sceilg Mhichíl, níl aon fhonn ar Disney LucasFilm, ná ar Bhord Scannán na hÉireann aon eolas a roinnt féna bhfuil beartaithe, ach tá sé curtha in iúl ag an Aire Jimmy Deenihan go mbeidh Star Wars ag teacht go Ceann Sibéal.

An Láthair

Rinn tíre in iarthar leithinis Chorca Dhuibhne, tuairim agus dhá mhíle siar ó Bhaile an Fheirtéaraigh. Meall ard talún 700 troigh ar airde agus é ag gobadh amach san Atlantach. Tá idir áilleacht agus fhiántas san áit seo, dainséar agus diamhair ag baint leis na faillteacha mar a tugtar le fios i logainmneacha cosúil le Góilín Ifrinn agus an Bhéidreach (the bitch).  Ar bharra Cheann Sibéal, agus a dhrom le haill, tá Teabhar an Bhaile Uachtaraigh, fothrach sean-ionaid faire a tógadh ar dtúis le linn aimsir Napoleon (c.1800).

Radharc on Teabhar

Dhá chéad slat siar uaidh sin tá spéice charraigeach eile ar a dtugtar Binn Fhoithir na nUan. Siar uaithi sin tá Gob Chorráin an Fhiaigh, faill dhainséarach cnapánach a chuirfeadh círín coiligh i gcuimhne dhuit.. Lasmuigh de sin ag seasamh go stuama sa bhfarraige tá an Fiach agus lasmuigh di sin tá Máthair an Fhiaigh. Más suíomh drámatúil ata á lorg do Star Wars tá sé go rábach ar Cheann Sibéal acu. Ag seasamh duit ar bharra Cheann Sibéal taibhsítear duit ná fuil a shárú de radharc le fáil ar domhan. An Triúr Deirféar agus Teabhar Bhaile Dháith ag gobadh aníos de dhroim a chéile lastuaidh. Cuan Ard na Caithne fé scáth Chnoc Bréanainn lastoir, Cuan an Chaoil agus Cruach Mhárthain uasal ó dheas agus na Blascaodaí ag ráthaíocht leo san iarthar.

Survey irons

Meastar go ndéanfar an scannánaíocht ar bharra na haille, ar phaiste suaithinseach idir Binn Fhoithir na nUan agus an Teabhar. Tá iarranaí i bhfeac sa talamh anso ón samhradh seo caite. Meastar gurb iad lucht suirbhéireachta an scannáin a d’fhág ann iad tar éis dóibh an láthair á scrúdú.

Buntáistí Cheann Sibéal?

Is deacair áit níos suaithinsí a aimsiú ó thaobh áilleachta de. Oirfidh na faillteacha méiscreacha agus an fiántas farraige go seoigh dos na radharcanna a samhlaítear le Star Wars. Tá oileáin bhreise le feiscint timpeall na Sceilge sna radharcanna i Star Wars VII – iad ginte ag ríomhaire is léir. Mar a tharlaíonn, tá radharc breá ar chúig cinn dos na Blascaodaí ó Cheann Sibéal, rud a luífidh go deas leis an dtíreolas atá á chur chun cinn ag an scannán.

An Fiach

Mar gheall ar a leochailí agus atá Sceilg Mhichíl ó thaobh seandálaíochta agus fiadhúlra de, thairg an scannánaíocht ann go leor aighnis le dhá bhliain anuas agus b’éigean do Disney Lucasfilm cloí le srianta dochta a cuireadh mar choinníoll leis an gcead scannánaíochta. Beidh i bhfad níos mó saoirse agus solúbthachta ag baint le Ceann Sibéal agus an deis ag an gcomhlacht gníomhaíochtaí níos cuimsithí agus obair rigeála níos troime a chur i gcrích. Anuas ar seo, ní bheidh scannánaíocht ar Cheann Sibéal ag brath chomh mór ar an aimsir. Bhí coinníollacha áirithe aimsire ag teastáil chun daoine a chur i dtír ar an Sceilg ó bhád nó ó héileacaptar. Sa chás seo beidh sé i bhfad níos fusa an taifead a phleanáil agus beidh an chriú ábalta an láthair a bhaint amach i bhfad níos tapúla.

An Fiach agus Ceann Sibeal

Míbhuntáistí Cheann Sibéal

Nuair a bhí an scannánaíocht ar siúl ar an Sceilg b’fhuirist don gcomhlacht a gcuid oibre a cheilt ar an bpobal. Bhí naoi míle farraige idir iad agus an mhíntír, agus chuir cabhlach na hÉireann bac ar bháid teacht níos giorra ná trí mhíle farraige. Níl an iargúltacht chéanna i gceist i gcás Cheann Sibéal agus beidh ar an gcomhlacht plean slándála cuimsitheach, éifeachtach a chur i bhfeidhm thíos ar an mBaile Uachtarach chun fiosracht an phobail a choimeád ó dhoras. Limistéar fé chosaint speisialta é Ceann Sibéal fé threoirlínte an Aontais Eorpaigh agus cosaint fé leith ag préachán na gcosa dearga agus an seabhac gorm sna faillteacha ann. Cruthóidh seo deacrachtaí don gcomhlacht scannánaíochta agus cheana féin tá imní léirithe ag Cairde Eánlaith Éireann a deir go mbeidh éanlaithe sna neadacha ag an am agus baol go gcuirfear isteach ar choilíneachtaí éan atá fíorleochaileach.

Chough

Ceann Sibéal : An Seanchas

Tá a leagan féin de Luke Skywalker ag pobal Chorca Dhuibhne. Is é seo dúthaigh Phiarais Feirtéir. Taoiseach, saighdiúir, file, cruitire agus laoch pobail an 17ú haois fear Gaelach de shliocht Normánnach ab ea é a throid go fíochmhar in aghaidh na Sasanach. Bhí a cheannáras aige fé bhun Cheann Sibéal agus tá fothrach Chaisleán Phiarais le feiscint go fóill ar rinn tíre chaol ar a dtugtar Dún an Fheirtéaraigh. Le linn choncas Chromaill crochadh an Feirtéarach i gCill Airne sa bhliain 1653.

Caislean Phiarais

De réir seanchas na háite, iníon taoisigh ón nGaillimh a thug a hainm do Cheann Sibéal. Sibéal Ní Loinsigh ab ea í. Tráth dá raibh Piaras Feirtéar ina long i gCuan na Gaillimhe thug sé cuireadh ar bord don dtaoiseach áitiúil, an Loingseach.  Chuir Piaras dúil in iníon an Taoisigh agus chinn ar í a fhuadach. Nuair a bhí a dhóthain dí curtha siar ar mhac Uí Loingsigh thit a chodladh air, cuireadh i mbád beag é agus seoladh thar n-ais chun na míntíre é. Le dorchadas na hoíche tharraig Piaras na hancairí agus do sheol sé an cuan amach agus Sibéal Ní Loingsigh ar adhastar aige. Tamall ina dhiaidh sin bhí ionsaí á dhéanamh ag buíon Sasanach ar Dhún Phiarais ar an mBaile Uachtarach. D’fhonn iad a chosaint, chuir sé Sibéal agus Urla (deirfiúr Phiarais a deirtear) i bhfolach i bpluais sa bhfaill ar a dtugtar Poll an Chaisleáin. Ach do mhair an troid i bhfad níos faide ná mar a bhí súil ag Piaras leis, agus fén am a d’fhill sé bhí an taoide líonta isteach sa pholl agus an bheirt bhan báite. Deirtear gurb í Urla an chéad duine a cuireadh i dteampall Dhún Urlann agus gur baisteadh Ceann Sibéal ar an gcnoc os cionn an chaisleáin in omós d’iníon an Loingsigh.

Ceann Sibeal panorama

Ach is léir go raibh ainm Shibéal luaite leis an gceantar seo roimh aimsir Phiarais. Ar shean-léarscáileanna (1600 agus 1610) tá ‘Castle Sybil’ mar ainm ar chaisleán an Fheirtéaraigh agus i gcúis dlí ón mbliain 1300 luaitear bean den ainm ‘Isabella la Fureter.’

An Teabhar
An Teabhar

Tá gach seans ann go mbainfidh lucht Star Wars úsáid as Teabhar an Bhaile Uachtaraigh le linn na scannánaíochta. Fothrach seana-thúr a bhí ina ionad faire ag arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda agus ag Arm na hÉireann agus an LDF le linn an Dara Cogadh Domhanda. Timpeall na bliana 1800 a tógadh an chéad túr anseo. Túr cruinn Martello ab ea é a thóg na Sasanaigh d’fhonn an cósta a chosaint ar ionsaí ó Napoleon. Binn na Tine an tsean-ainm a bhí ar bhuaic an chnoic mar a bhfuil an Teabhar tógtha, léiriú go raibh feidhm chomharthaíochta, nó deasghnátha b’fhéidir, ag baint le Ceann Sibéal anallód.

Nach deas a oirfidh sé do Star Wars!

Fág freagra ar 'TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht'