TUAIRISC ÓN nGRÉIG: ‘Tá formhór na dteifeach cosúil liomsa nó leatsa, ná cuir faoi ghlas iad, lig isteach iad!’

Labhair Tuairisc.ie le Derek Graham, as Béal an Átha, Co Mhaigh Eo, a chaith an bhliain dheireanach seo ar Oileán Samos na Gréige ag obair i gcampa dídeanaithe

TUAIRISC ÓN nGRÉIG: ‘Tá formhór na dteifeach cosúil liomsa nó leatsa, ná cuir faoi ghlas iad, lig isteach iad!’

Tar éis neart iarrachtaí ar shos cogaidh tá borradh athuair faoin bhforéigean in Aleppo na Siria agus Mosul na hIaráice, i measc áiteanna eile, agus líon na dteifeach atá ag tabhairt aghaidh ar an Eoraip ag méadú leis. Labhair Tuairisc.ie le Derek Graham, arb as Béal an Átha, Co Mhaigh Eo é agus a chaith an bhliain dheireanach seo ar Oileán Samos na Gréige, lena bhean chéile Jenny, ag cabhrú i gcampa dídeanaithe.

“Tá daonra 40,000 i Samos agus tá timpeall 1,400 teifeach ann faoi láthair. Tháinig an-laghdú ar líon na ndaoine a bhí ag trasnú i rith an tsamhraidh de bharr an comhaontú idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Tuirc,” arsa Derek, “Ach rinne an AE praiseach de na téarmaí agus ar deireadh dhiúltaigh siad víosaí a thabhairt do na saoránaigh Thurcacha agus mar sin níl Erdogan (uachtarán na Tuirce) ag déanamh aon iarracht stop a chur leo.”

Tá na Grahams sa bhaile faoi láthair ach beidh siad ag filleadh ar an nGréig go luath, chuig an teorainn leis an Albáin, áit a bhfuil roinnt campaí nua bunaithe. “Is féidir linn obair níos fearr a dhéanamh in áit mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbunófaí  na campaí seo i gceart agus go mbeadh áiteanna chun ceatha agus níocháin ann, áiteanna a bhedh scartha ar bhonn gnéis agus aoise… Tá an t-uafás daoine óga neamhthionlactha ann,” a deir sé, “Agus caithfimid cistineacha cearta a bhunú ionas gur féidir leo a mbia féin a ullmhú, rud a thugann dínit agus neamhspleáchas dos na teifigh.”

Agus céard faoi chúlra na dteifeach, an bhfuil siad ar fad ag éalú ó pháirc an áir, leithéid Aleppo? “Tá an móramh ag teacht as an tSiria, 60% ar a laghad, ach tá cuid mhór ag teacht ón Iaráic, áit atá ina chíor thuathail chomh maith. Cinnte tá roinnt imircigh eacnamaíocha ann freisin, as leithéid na Pacastáine ach caithfidh tú smaoineamh ar na hAfganastánaigh chomh maith, níl siadsan ag teitheadh ar chúiseanna eacnamaíocha in aon chor.”

Is féidir na hAfganastánaigh a aithint láithreach bonn i measc na dteifeach eile, a dúirt Derek, mar gheall ar an gcanúint Mheiriceánach nó Briotanach a bhíonn acu i ndiaidh dóibh a bheith ag obair leis na fórsaí armtha mar aistritheoirí, srl. “Yeah man, I’ve lived in Afghanistan all my life,” a deir siad i mblas láidir Meiriceánach.

FB_IMG_1477477223607
Campa dídeanaithe, Tá Derek agus Jenny Graham i lár baoill

Gheall na Meiriceánaigh agus na Briotanaigh dóibh go gcosnóidís iad ach bhí an Taliban i gcónaí ag faire ar cé a bhí ag cabhrú agus tréigeadh iad sa deireadh.”

Ag teitheadh ó ionsaí díoltais ón Taliban atá siad anois.

Is léir nach bhfuil deireadh ná baol air ar an bhfhadhb seo ná nach ag feabhsú atá cúrsaí, ach cad mar gheall ar réiteach? “Tá sé deacair cinnte, ach theip ar an AE go dona,” arsa Derek.

Ba cheart fáil réidh leis an gcóras tearmainn atá ar bun faoi láthair agus víosaí oibre cúig bliana a thabhairt don 4,000 Siriach a bhfuil tearmann geallta ag an rialtas dóibh, dar leis.

“Ní teifigh airgeadais na daoine seo, is féidir leo cuidiú. Abair leo gur féidir leo teacht anseo le víosa cúig bliana, caithfidh siad a dteach féin a fháil ar cíos, a jab féin a aimsiú agus ag deireadh na tréimhse cúig bliana má bhíonn an cogadh thart, abhaile leo,” a deir sé.

“Tá formhór na dteifeach cosúil liomsa nó leatsa, tá siad ag iarraidh a bheith sa bhaile más féidir agus tá siad fós dóchasach faoin todhchaí atá i ndán dóibh sa tSiria, tá a fhios acu go dtiocfaidh a lán airgid isteach agus go mbeidh an-chuid deiseanna fostaíochta má thagann an cogadh chun críche. Mar sin ná cuir faoi ghlas iad in áiteanna cosúil le Maigh Muirí, lig isteach iad leis na cearta agus na dualgais chéanna atá ag gach duine eile, sin atá i gceist leis an bhfocal ‘tearmann’.”

Réiteach tapa, stuama a bheadh ann gan dabht. Toisc maorlathas, easpa toil pholaitiúil agus cúiseanna eile níl ach tuairim is 500 teifeach tagtha go hÉirinn faoin gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair.

a

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN nGRÉIG: ‘Tá formhór na dteifeach cosúil liomsa nó leatsa, ná cuir faoi ghlas iad, lig isteach iad!’'