TUAIRISC ón mBruiséil: ‘Is deacair an saol seo a thuiscint corruair’

Bhí an chuma ar mhuintir na Bruiséile aréir go raibh a fhios acu ar dhóigh éigin go raibh na hionsaithe ag teacht

Screen Shot 2016-03-23 at 11.40.01

Pobal cruinnithe go huaigneach in aon áit amháin agus iad ag iarraidh sólás a thabhairt dá chéile. Níl ach tuairim is ceithre mhí caite ó chonacthas radharc mar é go deireanach i gcathair eile de chuid na hEorpa. An iarraidh sin, i bPáras na Fraince, tháinig an sléacht go hiomlán aniar aduaidh ar mhuintir na cathrach. Bhí an chuma ar mhuintir na Bruiséile go raibh go raibh a fhios acu ar dhóigh éigin go raibh na hionsaithe ag teacht.

Aréir i Place de la Bourse sa Bhruiséil, díreach mar a bhí i Place de la Republique i bPáras, bhí an talamh ag lonrú i ndorchadas na hoíche. Chruinnigh slua ansin, mic léinn den chuid is mó, agus teachtaireachtaí lán dóchais scríofa ar an talamh acu agus coinnle lasta i gcuimhne na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh in ionsaithe an lae inniu. Dúirt roinnt daoine go raibh eagla orthu go dtarlóidh tuilleadh ionsaithe, go háirithe agus na póilíní fós sa tóir ar fhear a cheapann siad a bhí ar dhuine de na hionsaitheoirí. D’ainneoin a gcuid eagla, d’fhan siad san áit a raibh siad.

Bhí Rossana Bril, a fear céile Guillermo Garcia Herdt agus a dtriúr buachaillí ag siúl ar ais ó Place de la Bourse chuig a n-óstán. Is ón Airgintín iad. Bhí siad le dul go Páras ar saoire ach bheartaigh siad dul go dtí an Bhruiséil ina áit mar go raibh stailc aerthráchta ar siúl san Fhrainc.

“Is deacair an saol seo a thuiscint corruair. Chuir eachtraí an lae inniu isteach go mór orainn. Caithfear deireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an scrios atá ar bun,” a deir Rossana. Dúirt siad go ndearna siad iarracht an Bhruiséil a fhágáil inniu ach nach raibh raibh carr, bus, traein, eitilt nó tacsaí le fáil agus sáinníodh sa chathair iad cosúil le go leor eile.

Le linn an tráthnóna, bhí na stáisiúin metro dúnta agus dianslándáil i bhfeidhm thart ar na stáisiúin traenach. Bhí saighdiúirí ar dualgas ar fud na cathrach, cé go ndeir muintir na cathrach go bhfuil cleachtadh acu ar a leithéid ó bhog an fiosrúchán faoi ionsaithe Pháras ón Fhrainc go dtí an Bheilg.

Ach inniu, níl raibh siad ar dualgas ar mhaithe le bagairt sceimhlitheoireachta amháin. Ionsaí marfach a bhí i ndiaidh tarlú. Thréig go leor de phobal na Bruiséile na sráideanna dá bharr agus eachtraí na maidine ag goilliúnt go mór orthu.

Ach níor fhan Ridwan Vinck, fear sna fichidí ón Bhruiséil, sa bhaile tráthnóna inné. Bhí a chuid tuismitheoirí ina chuideachta agus iad ag siúl ar Rue de la Loi, cóngarach den áit ar tharla an t-ionsaí i Stáisiún Metro Maalbeek. “Ar an drochuair níor chuir na hionsaithe iontas orm, bhí a fhios againn go dtarlódh a leithéid anseo. Ach caithfear réiteach a fháil ar an scéal sa dóigh is nach dtarlóidh sé arís. Dá mbeadh deis agamsa labhairt leis na daoine ba chiontaí leis an mbriseadh croí seo, d’impeoinn orthu smaoineamh ar a gcuid máithreacha agus ar a dteaghlaigh,” a dúirt Ridwan Vinck. “Brón agus fearg, sin a bhraithim faoi,” a dúirt a athair. “Tá muidne amuigh anseo anocht, ag siúl thart ar ár gcathair mar a dhéanfadh muid de ghnáth,” a dúirt a mháthair. “Níl eagla orainn, caithfidh muid leanstan ar aghaidh agus ní féidir linn géilleadh don sceimhlitheoireacht.”

Imíonn an triúr acu as radharc trí shráideanna dorcha na Bruiséile. Níl aon duine eile le feiceáil sa cheantar áirithe seo ach amháin na meáin chumarsáide agus na póilíní. I gcroílár na cathrach, i gceann de na háiteanna is cumhachtaí san Eoraip, níl le brath anocht ach ciúnas agus uaigneas.

– Is iriseoir ó Nuacht TG4/RTÉ í Caoimhe Ní Chonchoille

Fág freagra ar 'TUAIRISC ón mBruiséil: ‘Is deacair an saol seo a thuiscint corruair’'