Tuairisc ón mBruiséil: An Bhruiséil faoi léigear? Beidh a fhios againn go luath an bhfuil nó nach bhfuil

Tá sé á fhógairt sna meáin ó mhaidin inné nár cheart do phobal na Bruiséile bheith scanraithe ach is deacair do dhaoine guaim a choinneáil orthu féin agus lucht slándála siopaí ag bagairt orthu

Screen Shot 2015-11-22 at 00.41.30

Tá ceathrú uaire an chloig agat le do chuid siopadóireachta a dhéanamh, ansin bí ag imeacht.

Sin an méid a bhí le rá ag fear slándála an ollmhargaidh liom thart ar a dó a chlog agus mé ag iarraidh mo chuid siopadóireachta a dhéanamh i dtuaisceart na Bruiséile. Nuair a cheistigh mé tuilleadh é, d’inis sé dhom go raibh ordú faighte ag gach ionad gnó a bhí ar na príomhbhealaí isteach chun na Bruiséile dúnadh a luaithe is féidir agus go raibh an t-arm ar an mbealach.

Seo an chaoi a mbíonn sé i dtíortha atá faoi léigear, a dúirt mé liom féin, agus mé ag siúl isteach sa siopa. Smaoinigh mé ar na scéalta a d’insíodh Nadine dhom blianta ó shin. Cara liom í Nadine a d’fhás aníos i mBéiriút sna 1980daí, tráth a mbíodh an Liobáin faoi ionsaí go rialta. Chloisfí na bonnáin agus bhíodh ar chuile dhuine teitheadh faoi thalamh i mbuncair shábháilte, a déarfadh sí liom. Ach chuir mé Nadine agus Béiriút as mo cheann go tapaidh mar go mbeadh orm a bheith praiticiúil. Is beag am ceathrú uaire an chloig do dhuine a chaithfeadh uair an chloig go héasca ag máinneáil thart in ollmhargadh. Tá an t-ádh dearg liom, a dúirt mé liom féin, gur chuir mé liosta garbh le chéile. D’fhéach mé ar an liosta, d’fhéach mé ar an uaireadóir; gheobhainn na rudaí is tábhachtaí i dtosach!

Ach níorbh shin an chéad iarracht agam mo chuid siopadóireachta a dhéanamh inniu. Bhí sé ar intinn agam bearradh gruaige a fháil, chomh maith céanna, nuair a d’fhág mé an teach, ach bhí a fhios agam agus mé ar an mbealach amach an doras nárbh é an lá ab fhearr é chuige sin.

Tá rabhadh tugtha don phobal ó mhaidin gan dul go hionaid siopadóireachta, tá an metro agus na tramanna uilig a théann faoi thalamh ina stad, imeachtaí spóirt agus ceoil curtha ar ceal; dhiúltaigh roinnt tiománaithe bus dul amach ag obair. Cheap mé gurbh fhearr lár na cathrach a sheachaint agus chuaigh mé go hionad beag siopadóireachta eile ar imeall thuaidh na cathrach, áit ar cheap mé nach mbeadh aon chur isteach mór ar an saol ann. Ach, mo léan, agus mé ag teannadh leis an ionad sin, bhí veain póilíní ag cur bac orm dul isteach san ionad páirceála. Bhí tuilleadh póilíní ag an bpríomhdhoras. Cé go raibh daoine ag dul isteach is amach an príomhdhoras, thuig mé gurbh fhearr dhom casadh thart agus dul go hollmhargadh beag eile a chonaic mé leathmhíle síos an bóthar. Bíodh an diabhal ag mo chuid gruaige, a dúirt mé liom féin.

Bhí sé á fhógairt sna meáin ó mhaidin inné nár cheart don phobal bheith scanraithe, nach bhfuil i gceist leis na bearta slándála seo ach caoi leis an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Mar sin féin, is deacair do dhaoine guaim a choinneáil orthu féin agus lucht slándála siopaí ag bagairt orthu, ag bagairt go bhfuil rud eicínt le tarlú luath nó mall, anseo nó síos an bóthar.

Ní mórán a bheidh amuigh ar shráideanna na Bruiséile anocht. Tá Salah Abdeslam fós ar a theitheadh. Tá an bheirt a thug ar ais i gcarr go dtí an Bhruiséil é fós faoi choinneáil. Tar éis iad a bheith ina dtost le seachtain faoin méid a thit amach sa gcarr ar an mbealach ar ais ó Pháras, sceith duine acu roinnt eolais maidin inné. Thug sé le fios go raibh cuma mhíshuaimhneach bhagrach ar Salah agus é sa gcarr leo. Ceapann sé go mb’fhéidir go raibh crios phléascach á chaitheamh aige. Tá ráflaí ann anois gur theith Salah Páras agus nár scaoil sé aon phléascán ann an oíche úd. Chiallódh sin go bhfuil na pléascáin fós aige agus go scaoilfidh sé iad nuair a thogróidh sé é. Gabhadh duine eile aréir a raibh lámh aige freisin in eachtraí Pháras. Níl na húdaráis ag sceitheadh mórán eolais ach dúirt an Príomh-Aire Charles Michel go raibh baol mór ann in ionaid siopadóireachta agus margaidh. Tá margaí an Domhnaigh curtha ar ceal thart timpeall na cathrach. Tá líne ghutháin éigeandála oscailte ag na húdaráis don phobal, sin uimhir 1771.

Déardaoin gheall an rialtas 400 milliún euro breise do bhearta slándála. Rith an Pharlaimint roinnt dlíthe nua: cuirfear aon duine a fhilleann as an tSiria i bpríosún láithreach; aon duine a bhfuil amhras go bhféadfadh baint a bheith aige le cúrsaí sceimhlitheoireachta, bainfear a chárta aitheantais de agus cuirfear bráisléad leictreonach air le go mbeidh a fhios ag na húdaráis cá bhfuil sé; rachfar sa tóir ar Iomáim nár cheart a bheith ag seanmóireacht i moscanna agus tabharfar aghaidh ar Shruthán an Mhuillinn (nó Moolenbeek mar is fearr aithne air!).

D’éirigh go geall le lucht earcaíochta an Stáit Ioslamaigh i gceantar Moolenbeek in 2012. As an 130 duine a d’fhill ar an mBeilg as an tSiria go dtí seo, is é Moolenbeek an baile ag 85 duine díobh. Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Baile, Jan Jambon, go dteastaíonn uaidh chuile theach agus chuile árasán i Moolenbeek a dhianseiceáil le go bhfaighidh na húdaráis amach cé go díreach atá ina gcónaí ann.

Táthar ag rá go bhfuil an Bhruiséil faoi léigear. Beidh a fhios againn go luath an bhfuil nó nach bhfuil.

Fág freagra ar 'Tuairisc ón mBruiséil: An Bhruiséil faoi léigear? Beidh a fhios againn go luath an bhfuil nó nach bhfuil'