TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tá Pat Hickey á fhiosrú ag am a bhfuil crosáid i gcoinne na calaoise ar bun

Níl aon bhaint ag Pat Hickey agus na hÉireannaigh eile atá á bhfiosrú ag póilíní na Brasaíle leis an ‘gcuntasaíocht chruthaitheach’ atá á cur i leith uachtarán na tíre sin, Dilma Rousseff. Mar sin féin, tá baint idir an dá scéal, a scríobhann ár gcolúnaí…

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tá Pat Hickey á fhiosrú ag am a bhfuil crosáid i gcoinne na calaoise ar bun

Tá scéal Pat Hickey agus fiú scéal na gCluichí Oilimpeacha féin imithe as na ceannlínte sa Bhrasaíl le cúpla lá anuas. Tá cúis leis sin. Cuireadh tús Déardaoin leis an gcéim dheireanach sa phróiseas táinsimh i gcoinne an uachtaráin Dilma Rousseff, atá ar fionraí ó bhí mí na Bealtaine ann. Beidh a fhios an tseachtain seo chugainn an gcuirfear as cumhacht ar fad í nó an mbeidh sí i gceannas ar an tír arís.

Níl aon bhaint ag Pat Hickey agus na hÉireannaigh eile atá á bhfiosrú ag póilíní na Brasaíle maidir le mangaireacht ticéad Oilimpeacha leis an gcuntasaíocht chruthaitheach atá á cur i leith Dilma Rousseff.

Mar sin féin, tá baint idir an dá scéal.

Is é an chaoi go bhfuil crosáid i gcoinne na calaoise ar siúl sa Bhrasaíl le blianta beaga anuas. Níl aon ní cruthaithe i gcás Pat Hickey go fóill, ach ní féidir scéal na dticéad Oilimpeacha a mheas gan an ghéarleanúint atá á déanamh ar chaimiléirí sa Bhrasaíl faoi láthair a thabhairt san áireamh.

Le scéal fada a dhéanamh gearr: is iomaí polaiteoir sa Bhrasaíl a n-oirfeadh sé dó nó di dá mbeadh scéal faoi bhoc mór le rá ón iasacht a mbeadh caimiléireacht curtha ina leith i mbéal an phobail, seachas a ngnóthaí suaracha féin.

Is é an chaoi go bhfuil neart polaiteoirí sa Bhrasaíl a bhfuil rud éigin le ceilt acu, agus d’aontódh nócha a naoi faoin gcéad de mhuintir na tíre nach í Dilma Rousseff an duine is measa acu ar chor ar bith.

D’aontódh nócha a naoi faoin gcéad de mhuintir na Brasaíle leis, freisin, go bhfuil calaois agus caimiléireacht fite fuaite le córas polaitiúil na tíre ó thús ama. Le fada an lá, ba é an bealach a bhféadfadh polaiteoirí agus lucht an tsaibhris rud ar bith a dhéanamh beag beann ar phionós an chonstaic ba mhó sa troid i gcoinne na camastaíola, na cúblála agus na ladhrála.

Aisteach go leor, bhí Dilma Rousseff féin ar dhuine de na daoine a chuir tús leis an gcrosáid i gcoinne na caimiléireachta atá ar bun sa Bhrasaíl le blianta beaga anuas. Ó tháinig sí i gcumhacht sa bhliain 2011, thacaigh sí go hiomlán leis an bhfiosrúchán i scannal ollmhór sa chomhlacht ola leathstáit Petrobras, scannal ina bhfuil a páirtí sóisialach féin, Páirtí na nOibrithe (PT) fite fuaite.

Anois, tá tús curtha leis an gcéim dheireanach sa phróiseas táinsimh ina coinne féin.

Tá fianaise á tabhairt ag finnéithe ó inné. Tabharfaidh Rousseff féin fianaise Dé Luain agus glactar leis go vótálfaidh an Seanad faoina cás go gairid ina dhiaidh sin.

Ba cheart go mbeadh a fhios againn am éigin an tseachtain seo chugainn an gcuirfear as cumhacht ar fad í nó an mbeidh deis aici filleadh ar a hoifig agus a dara tréimhse a chríochnú.

Míorúilt a bheadh ansin. An chaoi a bhfuil cúrsaí sa Bhrasaíl agus an pobal dubh dóite den chaimiléireacht agus den chalaois, díolfar go daor as rudaí nár tugadh mórán suntais dóibh fadó.
Agus sin é, leis, an cúlra polaitiúil agus sóisialta a bhfuil Pat Hickey agus na hÉireannaigh eile atá luaite le cás na dticéad Oilimpeach á bhfiosrú ann.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Tá Pat Hickey á fhiosrú ag am a bhfuil crosáid i gcoinne na calaoise ar bun'

  • Fearn

    ‘Bhfuil sé in am Pádraig Ó hÍcí a tháinseamh?