TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní chuireann fadhbanna praiticiúla stop le muintir na Brasaíle

Níor mhiste do lúthchleasaithe agus cuairteoirí a bheidh ag tabhairt aghaidh ar an mBrasaíl do na Cluichí Oilimpeacha roinnt foighne a bheith acu, a scríobhann ár gcolúnaí

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní chuireann fadhbanna praiticiúla stop le muintir na Brasaíle

Níor thaitin an baile Oilimpeach a tógadh in iarthar chathair Rio de Janeiro le mórán de na lúthchleasaithe a bhog isteach ann go dtí seo. Bhí cúis ghearáin acu, cinnte: bhí braon anuas ann, bhí boladh gáis ann, bhí sreangáin bheo leictreachais le feiceáil. Tharla tine bheag san fhoirgneamh a bhfuil lúthchleasaithe na hÍsiltíre lonnaithe ann.

Bhí gearán eile ag muintir na tíre sin, atá ar an bpobal is airde ar domhan go fisiciúil: bhí na leapacha róbheag dóibh. Dhiúltaigh foireann na hAstráile bogadh isteach ina bhfoirgneamh siúd scun scan (cé go bhfuil siad tar éis bogadh isteach ó shin.)

Níorbh aon iontas é go raibh alltacht ar lúthchleasaithe as cuid de na tíortha is saibhre ar domhan faoina raibh rompu nuair a bhain siad an Bhrasaíl amach an tseachtain seo, agus is cinnte go mbeidh mearbhall ar chuairteoirí a thabharfaidh aghaidh ar an tír le linn na gCluichí Oilimpeacha freisin.

Tír í an Bhrasaíl a bhfuil an saol éagsúil ann ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh, ón Áise.

Ceann de na difríochtaí is suntasaí idir an mBrasaíl agus ‘An Chéad Domhan’ (mar a thugtar ar na tíortha saibhre sa Bhrasaíl i gcónaí) ná nach n-oibríonn rudaí mar is ceart go minic. Briseann siad toisc go n-úsáidtear ábhar saor agus lochtach nuair a tháirgtear nó nuair a thógtar iad, briseann siad arís go luath ina dhiaidh sin toisc go gcuirtear sceach i mbearna nuair a dheisítear iad. Dá bharr sin, is féidir le rud chomh fánach le hairgead a bhaint amach as meaisín bainc an lá ar fad a thógáil (agus a mhilleadh) ar dhuine. An lá cheana, bhí orm siúl suas go dtí an deichiú hurlár sa túr árasán mar a bhfuil cónaí ar chara liom toisc go raibh an dá ardaitheoir san fhoirgneamh tar éis briseadh síos ag an am céanna. Don tríú huair an tseachtain sin, a dúirt mo chara.

Ar an láimh eile, bíonn réiteach ar gach uile ghéarchéim ag muintir na Brasaíle.

Ní chuireann fadhbanna praiticiúla stop leo.

Nuair a bhíonn gearradh cumhachta ann, tagann na coinnle amach. Faoi dhó cheana, thraenáil mé faoi sholas coinnle san ionad aclaíochta. An dtagann sé ina dhíle gan choinne? An chéad rud eile bíonn scáthanna fearthainne á ndíol ag na scórtha díoltóirí sráide. An bhfuil an bus briste? Seasfaidh an tiománaí i lár an bhóthair chun bus eile a stopadh dá phaisinéirí. 

Mura mbíonn réiteach ar fhadhb ar an bpointe boise, bíonn bua eile ag muintir na Brasaíle: foighid.

Bíonn a fhios acu go mbeidh gach rud mar ba cheart dó a bheith ag an nóiméad deireanach, agus is mar sin a bheidh sé i gcás pé dúshlán a thiocfadh chun cinn le linn na gCluichí Oilimpeacha freisin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní chuireann fadhbanna praiticiúla stop le muintir na Brasaíle'