TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Naoi mbliana go leith príosúin gearrtha ar an iaruachtarán iomráiteach Lula

Eagrán eile i sobaldráma polaitiúil na Brasaíle! Ciontaíodh an t-iar-uachtarán Lula as breabanna a ghlacadh agus as sciúradh airgid, ach beidh deis achomhairc aige sula gcuirfear i bpríosún é

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Naoi mbliana go leith príosúin gearrtha ar an iaruachtarán iomráiteach Lula

Tá sé ar dhuine de na polaiteoirí is mó tóir ar domhan – ach tráthnóna inné, gearradh téarma naoi mbliana go leith ar iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle, Lula.

Ciontaíodh é as glacadh le breabanna ar fiú nach mór milliún euro iad agus as sciúradh airgid, ach beidh cead aige achomharc a dhéanamh i gcoinne na breithe sula gcuirfear i bpríosún é. Lena chois sin – mura dteipfidh air ina iarracht achomhairc – beidh cead aige seasamh i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn.

‘Ionsaí ar an daonlathas’ a thug páirtí polaitiúil Lula, Páirtí na nOibrithe (PT), ar an mbreith. Dar leis an bpáirtí, tá ‘géarleanúint’ á déanamh ar Lula ag an mbreitheamh Sérgio Moro (atá i gceannas ar an gcás in aghaidh an iar-uachtaráin) in iarracht a chinntiú nach mbeidh cead ag Lula seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile.

Ba é an sóisialach Lula, a bhí i gcumhacht idir 2003 agus 2010, an chéad duine ón gcosmhuintir a toghadh ina uachtarán ar an mBrasaíl. Bhí tóir as cuimse air, ní hamháin ina thír féin ach ar fud an domhain, mar gheall ar an gcaoi ar éirigh leis na scórtha milliún bochtán a thabhairt isteach sa mheánaicme.

Ach tháinig smál ar a cháil, agus ar cháil Pháirtí na nOibrithe, nuair a tháinig slám scannal calaoise chun solais.

Ní hí an eite chlé amháin, áfach, atá céasta ag an gcrúibín cam.

Ag deireadh na míosa seo caite, cuireadh caimiléireacht i leith uachtarán reatha na Brasaíle, an nua-liobrálach Michel Temer. Tá na líomhaintí sin séanta ag Temer ach tá cuid mhór den phobal den tuairim gur cheart dó éirí as, agus tá seans dáiríre ann go ndéanfar é a tháinseamh – díreach mar a tharla anuraidh don té ar tháinig sé i gcomharbacht uirthi, Dilma Rousseff.

Reachtálfar toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chugainn. Ag Dia amháin atá a fhios cá mhéad casadh a bheidh i bplota shobaldráma polaitiúil na tíre idir seo agus sin, ach níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh ról lárnach ag Lula ann. An chuma atá ar chúrsaí anois ná go bhfuil sé cloíte – ach cá bhfios nach mbeidh sé ina uachtarán ar an mBrasaíl arís, in ainneoin chuile shórt.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Naoi mbliana go leith príosúin gearrtha ar an iaruachtarán iomráiteach Lula'

  • Muiris

    An gciontofai aon chaimileir cinsealach anseo dala mar a rinneadh ansiud? Is tuisce a fheicfear muca ar diathair.

  • Fearn

    Más crúibín cam staid an mhóraimh, an dtig le duine ar mian leis bheith i lár an mhargaidh bheith ina éagmuis?
    Tá an cruth ar an seilg bíobha seo nach bhfuil ann ach bearta phoilitiúla seachas ceartas a chur suas. Is annamh airgead ina thost!

  • Pól Réamonn

    Cad chuige go bhfuil an Bhrasaíl chomh truaillithe?