TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Na Cluichí Oilimpeacha, an bhrionglóid ina tromluí anois

Ba gheall le brionglóid é nuair a bronnadh na Cluichí Oilimpeacha ar Rio de Janeiro seacht mbliana ó shin. Ach tá tromluí ag cur as don Bhrasaíl anois, a scríobhann ár gcolúnaí

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Na Cluichí Oilimpeacha, an bhrionglóid ina tromluí anois

Rio

Cuirfear tús le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh in Rio de Janeiro as seo go ceann ceithre seachtaine. Ach ag éisteacht le muintir na Brasaíle ní cheapfá é. 

Dhá bhliain ó shin, nuair a eagraíodh Corn FIFA an Domhain sa tír, bhí an t-imeacht sin ar bhéal gach uile dhuine ar feadh bliana roimh an chéad chluiche. Ach anois, agus gan an mhí féin fágtha roimh an searmanas oscailte, ní chloisim muintir na Brasaíle ag trácht ar na Cluichí ach ar éigean.

Tá rudaí thairis sin ar a n-aigne.

Tá go leor athraithe sa Bhrasaíl ó bhí Corn an Domhain ann. Agus tá i bhfad níos mó fós athraithe ó bronnadh na Cluichí Oilimpeacha ar chathair Rio de Janeiro seacht mbliana ó shin.

An t-am sin, i bhFómhar na bliana 2009, bhí an ghaoth i seolta na Brasaíle go fóill. Bhí géarchéim airgid tar éis an bonn a bhaint d’eacnamaíochtaí na hEorpa agus Mheiriceá, ach bhí geilleagar na Brasaíle ag fás go tréan. Bhí muintir na tíre sin agus go deimhin an domhain ar fad fós meallta ag an uachtarán iomráiteach Lula, a bhí i gcumhacht go fóill an t-am sin. 

Corn an Domhain agus na Cluichí Oilimpeacha a chur ar siúl sa tír chéanna, gan ach dhá bhliain eatarthu, níor tharla a leithéid riamh cheana. Breathnaíodh ar bhronnadh an dá imeacht ar an mBrasaíl mar chomhartha go raibh fathach Mheiriceá Theas, a ndeirtí ina thaobh i gcónaí gur ina chodladh a bhí sé, tar éis dúiseacht faoi dheireadh. 

Seacht mbliana níos déanaí, tá an fathach sin tar éis dul a luí in athuair. Ní amháin sin, ach tá tromluí ag cur as dó. 

Tá an geilleagar, a ndeirtí ina thaobh nach mbeadh tionchar ag an ngéarchéim idirnáisiúnta air, tar éis titim go tubaisteach. Tá an dífhostaíocht ag fás, agus an costas maireachtála freisin. Den chéad uair le blianta fada anuas tá an deighilt idir shaibhir agus daibhir ag méadú arís.

Murar leor sin, tá géarchéim pholaitiúil sa tír nach bhfacthas a leithéid ó tháinig deireadh le deachtóireacht mhíleata sa bhliain 1985. Tá tús curtha le próiseas táinsimh i gcoinne an uachtaráin Dilma Rousseff, rud a theastaigh ó mhórchuid Brasaíleach meánaicmeach agus uasaicmeach a chaith breis agus bliain ag léirsiú chun a leithéid a bhaint amach. Shílfeá, áfach, go bhfuil aiféala ar na léirseoirí seo anois mar atá ar chuid shuntasach de mhuintir na Breataine a vótáil ar son na Breatimeachta. Ní mó ná sásta atá muintir na Brasaíle – íos-, meán- ná uasaicmeach – le rialtas nua an nua-liobrálaigh Michel Temer ach an oiread, fear a toghadh ina leasuachtarán in 2014 agus atá ag feidhmiú mar uachtarán anois.

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ceaptha a bheith ina sméar mhullaigh ar dhul chun cinn na Brasaíle faoi stiúir Lula, Rousseff agus a bpáirtí, Páirtí na nOibrithe (PT).

D’fhéadfadh sé tarlú anois go gcuirfí Rousseff as cumhacht go hoifigiúil le linn na gCluichí.

Ach ní hé an dráma sin, fiú amháin, atá ar aigne na mBrasaíleach is boichte.

Déanann cara liom, Diego, fear slándála, gáire dóite nuair a fhiafraím de cén fáth nach bhfuil éinne ag caint faoi na Cluichí Oilimpeacha a bheas ag tosú i gceann míosa. 

‘Níl duine ar bith ag caint lena chéile, lánstad! Bíonn eagla ar dhuine na laethanta seo stopadh agus comhrá a bheith aige le duine eile ar eagla go n-iarrfaidh an duine sin iasacht airgid air!’

Ansin imíonn an gáire dá aghaidh.

‘An bhfuil a fhios agat, den chéad uair le blianta, tá daoine ar an tsráidín s’agamsa nach mbíonn dóthain le n-ithe acu.’

Test
Test Fada