TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáilte go dtí Rio ‘an cidade maravilhosa’…

Beidh súile an domhain ar Rio de Janeiro as seo go ceann trí seachtaine. Ach cén saghas cathrach í?

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáilte go dtí Rio ‘an cidade maravilhosa’…

Cariocas ag imirt peile, sliabh Charn an tSiúcra sa chúlra. Pictiúr: Alex Hijmans

A cidade maravilhosa’ a thugann muintir Rio de Janeiro ar a gcathair féin, ‘An chathair iontach’.

Tá pointe acu.

Ach, ag an am céanna, sin í an fhadhb.

An dea-scéal ar dtús. Ní féidir é a shéanadh: go fisiciúil, is í Rio de Janeiro an chathair is áille ar domhan. Ar crochadh ar shléibhte arda glasa, ag síneadh cois tránna fada buí, dufair thrópaiceach ar thaobh amháin agus an tAigéan Atlantach ar an taobh eile, ní fhéadfaí suíomh nádúrtha níos mealltaí a shamhlú do chathair.

Agus ní gá go mbeadh an ghrian in aird na spéire le go mbainfeadh an chathair an anáil de dhuine. Is cuimhin liom go raibh mé féin agus cara Éireannach in Rio uair amháin, na blianta ó shin. Ní raibh mo chara sa chathair riamh roimhe sin. An chéad oíche, thug muid aghaidh ar thrá Copacabana chun siúlóid a dhéanamh ar an bpromanáid. Nuair a chas muid isteach ar an bpromanáid lasta, áit a raibh na scórtha míle ag siúl, ag rith, ag rothaíocht agus ag imirt eitpheil choise, stad sé agus rug ar m’uillinn amhail is gur shíl sé go raibh sé ar tí titim i laige. Nuair a d’fhiafraigh mé de céard a bhí cearr leis, dúirt sé go raibh oiread mearbhaill air faoi áilleacht an radhairc go ndearnadh staic de.

Bíonn an éifeacht sin ag tírdhreach Rio ar chuairteoirí, agus bíonn an éifeacht chéanna ag muintir na cathrach orthu. Seans gurb í seo an t-aon chathair ar domhan ar mó líon na n-ionad aclaíochta inti ná líon na siopaí grósaera.

Anois an drochscéal. Mar is léir ón leasainm a bhaist muintir Rio de Janeiro ar a gcathair féin – ‘an chathair iontach’ – tá na Cariocas, mar a thugtar orthu sa Bhrasaíl, sách lán díobh féin. 

Ní áilleacht na cathrach agus na gcolainneacha ar an trá amháin is cúis leis sin. Ar feadh nach mór dhá chéad bliain, ba í Rio príomhchathair na Brasaíle. Nuair a tógadh príomhchathair nua as an bpíosa – Brasília – sna 1960í, d’fhan na meáin chumarsáide, an gréasán uilechumhachtach Globo ina measc, san áit a raibh siad, in Rio. As Rio a thagann nuacht náisiúnta na Brasaíle; in Rio a bhíonn nócha a naoi faoin gcéad de na sobaldrámaí lonnaithe. Dá bharr sin tá tionchar as cuimse ag Rio ar chultúr na tíre ar fad: ar chúrsaí faisin, ar an gcaint, ar an gceol. Stíl bheatha cheantair shaibhre Rio atá mar aidhm ina saol ag Brasaíligh fud fad na tíre; ní haon iontas é go mbíonn tuairim ag muintir Rio gurb í a gcathair féin lár an domhain.

Ach an oiread le cuid mhór Brasaíleach nach bhfuil cónaí orthu i gcathair Rio, tá caidreamh casta agam féin léi, mar áit. Is minic a bhí mé in Rio ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl ocht mbliana ó shin; bhí tréimhse ann nuair a bhínn ann ceithre huaire sa bhliain ar a laghad. Ach uair ar bith dá raibh mé ann, bhíodh an lúcháir chéanna orm ar fhágáil na cathrach dom agus a bhí orm ar theacht. Ní bheadh iontas ar bith orm dá ndéarfadh lúthchleasaithe agus cuairteoirí ón iasacht an rud céanna i gceann trí seachtaine, nuair a bheidh na Cluichí Oilimpeacha thart.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Fáilte go dtí Rio ‘an cidade maravilhosa’…'

  • Pól Réamonn

    Rio de Janeiro – Abhainn an Eanáir. Ach cá bhfuil an abhainn?