TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Calaois curtha i leith an uachtaráin, ach níl an sobaldráma thart

Cuireadh calaois i gcoinne Michel Temer go hoifigiúil aréir. Cuireann sobaldráma polaitiúil na Brasaíle mearbhall agus olc ar mhuintir na tíre – ach níl sé thart fós, a scríobhann ár dtuairisceoir.

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Calaois curtha i leith an uachtaráin, ach níl an sobaldráma thart

Chuirfeadh an Bhrasaíl comhfhreagraithe idirnáisiúnta soir mar thír. Ní túisce alt scríofa ag duine faoi líon na ndaoine a fhaigheann bás go foréigneach sa Bhrasaíl – líon atá de shíor ag ardú – nó caithfear an t-alt sin a chur ar an méar fhada toisc go gcuireann príomhionchúisitheoir poiblí na tíre calaois i gcoinne an uachtaráin.

Go mall aréir, chuir príomhionchúisitheoir poiblí na Brasaíle, Rodrigo Janot, calaois i leith an uachtaráin reatha Michel Temer, a tháinig i gcumhacht nach mór bliain ó shin nuair a táinsíodh Dilma Rousseff.

Seo é an chéad uair i stair na Brasaíle go bhfuil coir á cur i leith uachtarán atá fós i gcumhacht. D’fhéadfaí tréimhse príosúin suas go 12 bhliain a ghearradh ar Michel Temer má chiontaítear é.

Tá sé á chur i leith an uachtaráin Temer gur ghlac sé le breabanna móra ón mbilliúnaí Joesley Batista, iarchathaoirleach an chomhlachta feola is mó ar domhan, JBS. Lena chois sin, tá téip i seilbh phóilíní feidearálacha na tíre ar a bhfuil an t-uachtarán Temer le clos, más fíor, agus iallach á chur aige ar Joesley Batista, ‘íocaíochtaí neamhdhlisteanacha’ a dhéanamh chun iarCheann Comhairle na Brasaíle, Eduardo Cunha, a choinneáil ina thost. Gearradh téarma príosúin 15 bhliana ar Cunha i mí an Mhárta maidir leis an gcrúibín cam.

Tá na líomhaintí ar fad séanta ag Temer.

Oiread calaoise, oiread ainmneacha. An bhfuil mearbhall ort, a léitheoir? Bí cinnte de go bhfuil ar mhuintir na Brasaíle féin, mearbhall agus olc. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí – a rinneadh sular cuireadh calaois i leith an uachtaráin go hoifigiúil –  níl ach 7 faoin gcéad de mhuintir na tíre sásta leis an uasal Temer, an ráta sástachta is ísle dá raibh riamh ag uachtarán de chuid na Brasaíle. 

Céard a tharlóidh anois? 

An bhfógrófar toghchán uachtaránachta nua mar atá á éileamh ar na sráideanna le tamall de mhíonna anuas? Drochsheans, go háirithe ós rud é go mbeadh a leithéid míbhunreachtúil agus go gcothódh sé fasach contúirteach.

An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair ná go leanfaidh sobaldráma polaitiúil na Brasaíle ar aghaidh tamaillín eile. 

Beidh ar Theach na nIonadaithe (teach íochtarach Chomhdháil na Brasaíle) vóta a chaitheamh féachaint an bhfuil na líomhaintí i gcoinne Temer tromchúiseach a ndóthain. Má ghlacann dhá thrian de na hionadaithe leis go bhfuil, cuirfear tús le próiseas táinsimh a mhairfidh suas go 180 lá. D’fhéadfadh sé, mar sin, go ndéanfar beirt uachtarán a tháinseamh sa Bhrasaíl in achar dhá bhliain.

Agus ansin?

Tá an t-iar-uachtarán iomráiteach Lula ag déanamh thar barr sna pobalbhreitheanna faoi láthair, ach tá caimiléireacht curtha ina leith siúd freisin agus tá an ghráin shíoraí ag an meánaicme air, gan trácht ar an uasaicme.

Tá ‘Donald Trump’ na Brasaíle, Jair Bolsonaro, ag déanamh go maith sna pobalbhreitheanna freisin. Polaiteoir de chuid na heite fíordheise é seo, a dúirt tráth le polaiteoir mná: ‘ní éigneoinn thusa go deo – ní fiú an tairbhe an trioblóid’. ‘The most misogynistic, hateful elected official in the democratic world’ a thug an t-iriseoir iomráiteach as Meiriceá, Glenn Greenwald, air. 

Agus níl ag éirí go ródhona sna pobalbhreitheanna ach an oiread le Marina Silva, polaiteoir mná as ceantar na hAmasóine a bhfuil meascán mearaí den soiscéal glas agus den soiscéal Críostaí mar shoiscéal aici.

Triúr iarrthóirí conspóideacha. An dtiocfaidh duine acu i gcomharbacht ar Michel Temer nuair a bheidh deireadh lena ré siúd, nó an bhfuil tuilleadh iontais fós i ndán do mhuintir na Brasaíle?

Ag Dia amháin atá a fhios. Ag deireadh an lae, mar a deir muintir na Brasaíle, Brasaíleach é Dia.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Calaois curtha i leith an uachtaráin, ach níl an sobaldráma thart'