TUAIRISC ón mBeilg: Tiocfaidh an Bhruiséil tríd an ghábh, ach an dtiocfaidh an domhan tríd an ré dhorcha?

'Is lú ná fríd máthair an oilc', a deir an seanfhocal. An iarraidh seo, is é an Stát Ioslamach an t-olc; ach is mó agus is doimhne ná sin máthair an oilc, agus caithfear í a chloí

_86807606_86807604

Tá sé ag tarraingt ar a haon déag a chlog san oíche agus mé á scríobh seo. Sa teach atá mé. Tá rudaí ciúin go leor anois. Níl le cluinstin ach fuaim bhonnáin fheithiclí an lucht slándála i bhfad uainn. Go dtí dhá uair a chloig ó shin bhí ingearán ag foluain go hard taobh thiar den teach. Feicim ar an teilifís go bhfuil oibríocht phóilíneachta ar siúl i gcóngar stáisiún traenach Schaarbeek, áit atá faoi mhíle dom anseo.

Lá fada léanmhar a bhí ann sa Bhruiséil.

San áit a raibh mise, callán na mbonnán an chéad leid a fuaireamar go raibh rud inteacht contráilte. Carranna péas agus otharcharranna ag sciurdadh isteach agus amach bealach an aerfoirt, laomsoilse agus bonnáin ag gabháil gan stad. Níorbh fhada go raibh an scéala ar fud an fhoirgnimh a bhfuil mé ag obair ann. Agus sinn uilig ag cíoradh na láithreán nuachta ar líne ag iarraidh an eolais is déanaí. Ba chráite agus ba thragóideach an scéala a fuaireamar romhainn ansin – cuid mhór daoine marbh, a lán eile gortaithe.

Má b’olc ar maidin é ba mheasa tráthnóna é. De réir an chuntais is déanaí atá againn tá 30 marbh agus 230 gortaithe.

Fiú murar thángamar uilig faoina raon, bhain buamaí na maidine croitheadh asainn uile. Is deacair cur síos ar an dóigh a dtéann a leithéid seo i bhfeidhm ar dhuine. Bíonn idir mhothúcháin agus smaointe ag imirt ort agus gan aon cheann acu soiléir ná socair.

Bhí mé buíoch, ar ndóigh, gur tháinig mé féin agus mo mhuintir agus mo chairde slán gan mháchail as na hionsaithe. San am chéanna smaoinigh mé ar an chinniúint a d’fhág muid féin beo slán ach a d’fhág daoine eile marbh nó gortaithe. Aréir féin a tharla ag aerfort na Bruiséile mé – mé féin, mo bheirt pháistí agus deirfiúr dom a bhí ar a bealach chun an bhaile i ndiaidh deireadh seachtaine fada a chaitheamh abhus ar cuairt.

Smaoinímid an chéaduair ar an mhuintir atá cóngarach dúinn. Agus ní miste sin – luíonn sé le nádúr. Ach tugann sé orm smaoineamh gurb é an tsuim sin inár gcúrsaí féin agus an neamhshuim i gcúrsaí ‘nach mbaineann linn’ nó ‘nach bhfuil neart againn orthu’, gurb é sin croí na faidhbe. Ar na saolta deireanacha seo, tá an pobal a bhfuil mise i mo chuid de – pobal na teilifíse, an idirlín, na dtvuíteanna, na meán sóisialta – tá muid tuartha ag na scéalta uafáis a thig chugainn go tiubh leanúnach ó chearnaí i gcéin agus i gcóngar.

Tá seithe thiubh chosanta tarraingthe againn thart orainn féin le muid a chosaint ar uafáis agus ar ghráice an tsaoil; mura ndéanaimis sin, dá ligimis dúinn féin bheith ró-íogair, bhrisfimis faoi mheáchan uafáis agus dobróin.

An briseadh croí a bhaineann do dhaoine i bhfad uainn a mbuaileann tragóid iad – máithreacha agus aithreacha, mic agus iníonacha, deartháireacha agus deirfiúracha – ní théann sé go dtí an croí ionainn cé go bhfaigheann muid gach mioneolas faoi dtaobh de.

Is beag nach bhfuil muid gan mhothú; ní féidir croitheadh ceart a bhaint asainn ach le gníomh uafáis ar ár ndoras féin.

An bascadh agus an marfach, an cos ar bolg agus an éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh ar fud an domhain faoi shúile síorairdeallacha na meán, aithníonn muid é, b’fhéidir, ach an mothaíonn muid é?

Tá an éagóir á fearadh inniu ar fud an domhain ar scála ollmhór. Agus ní maith liom a rá, ach caithfear a rá, gur beag, i dtéarmaí na caille daonna, tragóid na Bruiséile inniu le taobh na dtragóidí a tharlaíonn go rialta sa mheánoirthear agus in áiteanna eile.

Sna laethanta beaga seo amach romhainn caithfear an-chuid airgid agus allais, agus mórchuid cumhachta intinne leis ‘an bhua’ a fháil ar na sceimhlitheoirí a rinne na dúghníomhartha gránna maidin inniu sa Bhruiséil.

Beidh caint ar CNN faoi ‘na sceimhlitheoirí’. Déanfar a lán cainte faoi sheasamh le chéile le ‘in éadan na sceimhlitheoireachta ‘. Ar ndóigh tá sé riachtanach gníomhú go héifeachtach le sinn a chosaint ar an bhagairt sceimhlitheoireachta. Ach cá huair a sheasfaidh muid le chéile ar son an chirt agus ar son na córa ar fud an domhain?

Ba bhreá liom a shíleadh go gcaithfear sciar éigin den airgead, den chumhacht intinne, agus go háirithe, sciar mór den chumhacht pholaitiúil le réiteach a fháil ar na bunfhadhbanna atá ag déanamh cíor thuathail den domhan.

Is dream dáigh neamhghéilliúil iad na Bruiséalaigh. Tiocfaidh an Bhruiséil tríd an ghábh.

Ach an dtiocfaidh an domhan tríd an ghábh, tríd an ré dhorcha? Agus má thig, an dtiocfaidh an daonnacht tríd, slán gan truailliú?

‘Is lú ná fríd máthair an oilc’, a deir an seanfhocal. An iarraidh seo, is é an Stát Ioslamach an t-olc; ach is mó agus is doimhne ná sin máthair an oilc, agus caithfear í a chloí.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ón mBeilg: Tiocfaidh an Bhruiséil tríd an ghábh, ach an dtiocfaidh an domhan tríd an ré dhorcha?'