TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Is cinniúnach an ráithe atá amach roimh mhuintir na Colóime…

Ba é an reifreann ar an Farc a tharraing aird an domhain ar an gColóim le déanaí. Ach tá níos mó ná dream amháin le tabhairt chun réitigh más mian síocháin a bhaint amach sa tír sin, mar a bhfuil ár gcomhfhreagraí faoi láthair

TUAIRISC ÓN gCOLÓIM: Is cinniúnach an ráithe atá amach roimh mhuintir na Colóime…

Juan Manuel Santos

Agus é ag glacadh duais Nobel don tsíocháin i Stócólm an mhí seo caite, bhí fógra daingean lán dóchais ag uachtarán na Colóime, Juan Manuel Santos, dóibh siúd a bhí ag éisteacht leis. ‘A fheara is a mhná,’ a dúirt sé, ‘tá deireadh anois le ceann de chogaí an domhain agus is é an cogadh sin an cogadh sa gColóim.’ Ag tagairt don choimhlint inmheánach idir fórsaí an rialtais agus grúpa paraimíleatach an Farc a bhí sé, coimhlint atá ar bun anois le breis is caoga bliain.

Le linn an achair sin rinneadh léirscrios ar áiteanna áirithe sa gColóim agus ar chlú na tíre trína chéile, sa gcaoi is gur mhór an scéala é anuraidh go raibh conradh síochána réitithe idir an dá dhream. Bhí an conradh sin le faomhadh ag pobal na tíre i reifreann i mí Dheireadh Fómhair agus is ar an obair sin, cuid mhaith, a bronnadh duais Nobel ar Santos sa gcéad áit.

Ba é íoróin an scéil é, gan amhras, nár éirigh leis an mbille síochána ar chor ar bith nuair a cuireadh faoi bhráid mhuintir na tíre é. 50.2% den líon íseal daoine a chaith vótaí ar an lá, dhiúltaigh siad don chomhréiteach leis an Farc agus b’éigean an bille a leasú. Tá an leagan nua de le cur faoi bhráid na Dála anseo sa gColóim i gcónaí – an iarraidh seo, ní ligfear don phobal a ladhar a chur isteach sa scéal agus is faoi na polaiteoirí amháin a bheas sé an comhréiteach a thabhairt chun críche. Tá súil go n-éireoidh leis an mbille nua ach níl duine ar bith ag déanamh talamh slán de go fóill.

Tar éis caoga bliain den fhoréigean, ní nach ionadh go mbeadh muintir na Colóime corraithe faoin mbille seo agus faoina bhfuil i ndán don tír. Ar láimh amháin, tá mórán gach duine ag iarraidh síocháin a bheith i réim, nó b’in a cheapfá agus tú ag caint le daoine anseo.

Ar an láimh eile, tá neart daoine meáite air go n-íocfaidh an Farc go daor as an méid atá déanta acu, agus ní ghlacfaidh siad le haon chomhréiteach a ghabhfaidh bog orthu. Dá mbeadh an tríú lámh againn, b’éigean a chur san áireamh nár bhac ach 38% de mhuintir na Colóime le vóta a chaitheamh i gceann de na reifrinn is tábhachtaí i stair na tíre – léiriú gléineach ar phatuaire, ar amhras, agus ar shoiniciúlacht na ndaoine maidir leis an gcóras polaitíochta abhus. Sin a tharlaíonn tar éis an oiread sin blianta d’aighneas agus de gheallta gan chomhlíonadh, is dóigh. Rinneadh iarrachtaí cheana teacht ar réiteach leis an Farc, go háirithe idir 1998 agus 2002, agus ní raibh de thoradh air sin ach go ndearnadh na guerrillas níos láidre fós. Cuimhníonn muintir na tíre air sin go fóill agus, dá mhéad an dóchas, bíonn an dabht sna sála air i gcónaí.

Ní furasta a thuar céard a thitfidh amach leis an Farc sa gColóim ná leis an mbille a réitíodh. B’éigean do na paraimíleataigh ceannairí áirithe a dhíbirt toisc iad gan a bheith sásta tacú leis an bpróiseas síochána. Tá ceisteanna móra ann freisin faoin nglacadh a bheidh le polaiteoirí an Farc sa Pharlaimint, faoi cé mhéad suíochán a thabharfaidh siad leo nuair a thiocfaidh deireadh ceart le ré na troda.

Ach meabhraíodh dúinn an mhí seo go bhfuil níos mó i gceist le síocháin na Colóime ná an Farc amháin.

Ar an dara lá de mhí Eanáir d’fhógair Roinn Cosanta na Colóime go raibh siad tar éis ochtar páistí, a earcaíodh mar shaighdiúirí, a shaoradh ó chrúba na heagraíochta paraimíleataí Ejército de Liberación National, an ELN. Ní chloistear mórán tráchta ar an ELN in Éirinn ach is amhlaidh gurb iad an dara dream paraimíleatach is mó sa gColóim, tar éis an Farc féin. Go deimhin, tá neart i bpáirt acu le chéile: seo eagraíocht atá i bhfad i bhfad amach ar an eite chlé (dar leo féin), dream a cuireadh faoi oiliúint an chéad uair i gCúba Castro sna seascaidí agus atá ag fearadh cogaidh ó shin ar mhaithe le prionsabail na cothromaíochta agus na saoirse.

An áit a bhfuil an gad ná go maoiníonn siad iad féin trí dhaoine a fhuadach is a dhíol, trí chomhlachtaí móra a chur faoi bhagairt agus trí ‘cháin’ a ghearradh ar lucht déanta drugaí. Go deimhin, a fhad is atá an Farc ag tréigean cuid de na pobail bheaga faoin tír chun bóithrín caol na síochána a shiúl, deirtear go bhfuil an ELN ag teacht isteach ina n-áit chun ceannas a ghlacadh ar na pobail chéanna. Agus má tá dul chun cinn á dhéanamh leis an Farc a cheansú, níor tosaíodh go fóill ar aon chainteanna síochána a dhéanamh leis an ELN.

Ar an údar sin tá an méid atá ag titim amach faoi láthair leis an leagan nua den bhille síochána ríthábhachtach. Ní hamháin go bhféadfadh sé an choimhlint leis an Farc a stopadh, ach d’fhéadfadh sé freisin eiseamláir pholaitíochta a leagan síos agus an ELN a mhealladh chun cainte faoi dheireadh. Tá sé seo ar na bacáin le beagnach bliain anuas – thiar i Márta 2016, mhaígh an ELN go raibh siad sásta dul ag allagar leis an rialtas. D’éiligh an rialtas ar dtús go saorfadh siad na gialla ar fad a bhí á gcoinneáil acu agus go staonfadh siad dá gcuid ionsaithe. Scaoileadh cuid de na gialla saor, is fíor, ach tá polaiteoir amháin ar a laghad fós acu agus is cosúil nach bhfuil siad sásta deireadh iomlán a chur lena gcuid gníomhaíochtaí. Mar sin cuireadh na cainteanna siar.

Nuair a shínigh an Farc agus rialtas na Colóime an comhréiteach síochána i mí Mheán Fómhair 2016, b’iúd chugainn an ELN á rá go raibh siad sásta anois tosú ar an bpróiseas i gceart. Socraíodh ar na cainteanna a dhéanamh i bpríomhchathair Eacuadór, Quito, an mhí dár gcionn ach níor tharla siad sin ach an oiread. Idir an dá linn, ar ndóigh, bhí an reifreann ann agus ní dhearna sé sin an scéal aon phioc níos simplí. An nuacht is deireanaí ná go gcuirfear tús le plé leis an ELN an mhí seo féin. Anois agus fórsaí an rialtais tar éis ruathar a dhéanamh agus na gasúir de shaighdiúirí sin a shaoradh, cá bhfios céard a thitfidh amach.

Agus, gan amhras, níl sa mhéid seo ar fad ach cuid den scéal. Baineann an Farc agus an ELN leis an eite chlé den choimhlint pholaitiúil sa gColóim; cuimhneofar ar an Uachtarán Santos mar gheall ar an obair ar fad atá déanta aige ag plé leis an taobh sin den speictream.

Ach tá an eite dheis ann freisin, mar a bhíonn.

Roimh Santos, bhí fear darb ainm Álvaro Uribe ina uachtarán agus rinne seisean margadh – margadh bog, dar lena lán – leis na paraimíleataigh ar an eite dheis nuair a bhí sé i gcumhacht. Tá sé sin le cur i gcomparáid le cibé margadh a dhéanfar leis an Farc agus is cinnte go mbeidh aon mhíréir eatarthu ina húdar teannais. San idirlinn, tá Uribe agus a lucht tacaíochta ar a ndícheall ag cur i gcoinne aon socrú nach ngabhfadh crua ar na paraimíleataigh den eite chlé. Tá an t-iaruachtarán cumhachtach, glórach i gcónaí agus ní i ngan fhios don phróiseas síochána a théann a chuid gaotaireachta.

I lámha na Parlaiminte atá sé anois an chéad chéim eile a thabhairt ar chaoi ar bith.

Tá an bille leis an Farc le faomhadh nó le diúltú ar dtús agus a thionchar sin ar an gcuid eile den phróiseas síochána, go háirithe an plé leis an ELN, le rianú.

Is cinniúnach an ráithe atá amach roimh an gColóim pé scéal é.