TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: Níl aon dul siar ann, tá teipthe glan ar an gcaidreamh leis an Spáinn

Cé go raibh mionlach ann a thacaigh le neamhspleáchas na Catalóine riamh, tá meánaicme agus uas-mheánaicme cheannais na gCatalónach lándiongbháilte ar son na saoirse anois, a deir ár gcomhfhreagraí in Cornellà del Terri

TUAIRISC ÓN gCATALÓIN: Níl aon dul siar ann, tá teipthe glan ar an gcaidreamh leis an Spáinn

Chaitheas an deireadh seachtaine i mbaile beag darb ainm Cornellà del Terri, timpeall 10 míle ó Girona i dtuaisceart na Catalóine, ceann de na ceantair is mó a thacaíonn leis an neamhspleáchas. Ní raibh coinne againn go dtarlódh mórán anseo: cad ab fhiú don Guardia Civil díriú ar ionad beag vótála a fhreastalaíonn ar mhíle duine nuair a d’fhéadfaí an réabhlóid a chur faoi chois sna cathracha? Bhí dul amú orainn ar maidin inné nuair a scaip ráfla tríd an slua go raibh Uachtarán an Generalitat, Carles Puigdemont, chun a vóta a chaitheamh in Cornellà toisc gur chuir an Guardia Civil an t-ionad vótála ba ghaire dó ó mhaith.

Go gairid roimh a 10 a chlog ar maidin, thosnaigh na céadta ag liúraigh ‘President, President’, nuair a tugadh Puigdemont tríd an slua agus isteach doras an ionaid vótála. Níor fhéadas a chreidiúint go raibh an bête noire is mó atá ag Mariano Rajoy cúpla slat uaim; go hobann bhí Cornellà beag i lár an aonaigh agus aird an domhain orainn. Cuireadh físeáin ar Twitter agus níorbh fhada gur chraol teilifís phoiblí na Catalóine TV3 na híomhánna de Puigdemont agus a pháipéar ballóide os cionn an urna aige.

Ba chosúil go raibh dainséar ann go gcaithfeadh Cornellà an téiléireacht a dhíol, áfach. Nuair a thráigh an t-iontas a bhí orainn, scaipeadh ráflaí eile go raibh an Guardia Civil chun an t-ionad vótála a chur ó mhaith mar ghníomh díoltais agus an bosca ina raibh vóta Puigdemont a scrios mar a bheadh bua suarach siombalach ann. Ní nach ionadh, chuir brúidiúlacht an Guardia Civil in Barcelona agus i gcathracha eile imní ar mhuintir Cornellà i gcaitheamh an lae agus d’áitigh méara óg an bhaile ar an lucht vótála cúpla babhta a bheith síochánta i gcónaí agus gan géilleadh don bhforéigean, fiú dá ndéanfaí iarracht iad a ghríosú. Bhí tuairiscí aige go rabhthas ag déanamh amhlaidh in áiteanna eile ar fud na tíre chun cur isteach ar an reifreann.

Thar aon rud eile, áfach, ba léir don dall go raibh an-fhonn ar mhuintir an bhaile vóta a chaitheamh agus nach ligfidís don imní an lámh in uachtar a fháil orthu. Idir óg agus aosta, sheasadar go foighneach ar feadh uaireanta an chloig chun a gceart a fháil, ag ligint gártha dála votarem, votarem (‘vótálfaimid, vótálfaimid’) uathu ó am go chéile. Na daoine críonna nó na heasláin a tháinig chun vótála, fuaireadar bualadh bas croíúil mar aitheantas as a n-iarracht. De dheasca na ráflaí a bhí sa timpeall, áfach, éiríodh as an vótáil ar feadh trí uaire an chloig i lár an lae agus caitheadh an t-ionad a dhúnadh ar fad go gairid roimh a 6.00 per seguritat (ar mhaithe le slándáil).

Na céadta ag fanacht go n-athosclófar Ionad vótála Cornellà del Terri a dúnadh ar eagla ruathair. PIctiúr: John Walsh/Twitter

Aighneas eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha is cúis leis an ngéarchéim seo, a dtéann a bpréamhacha siar go dtí 2010 nuair a chuir Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne – le lántacaíocht ón Partido Popular – go leor de Reacht Féinrialtais an Catalóine ar ceal. “Is í an éagothroime fhioscach  idir an Chatalóin agus an Spáinn an t-údar is mó leis an aighneas, nó an difríocht idir na cánacha a íocaimid agus na seirbhísí a fhaighimid,” a dúirt Joan Pujolar, ollamh le sochtheangeolaíocht ag an Universitat Oberta de Catalunya.

“Ní dhéantar dóthain infheistíochta sa chóras traenach ná sna mótarbhealaí agus ní chuirtear deontais ar fáil do mhic léinn ollscoile mar a tharlaíonn in áiteanna eile sa Spáinn.

“Bhí ceist na teanga ina cnámh spairne riamh chomh maith. Cé go bhfuil stádas oifigiúil ag an gCatalóinis ó 1980, sheas na breithiúna agus an córas dlí ina coinne riamh agus cuirtear an Spáinnis amháin chun cinn ar ais nó ar éigean. Is minic a shéanann an Guardia Civil, státseirbhísigh agus breithiúna an ceart chun an Chatalóinis a úsáid,” a dúirt Pujolar.

Maidir leis an mbeartas teanga a bheadh ag Poblacht na Catalóine, dá mbunófaí a leithéid, ceist chasta a bhí ann riamh don ghluaiseacht independentista, a dúirt an tOllamh Xavier Vila ón Universitat de Barcelona.

“Dá gcaithfinn buille faoi thuairim a chaitheamh, déarfainn go ndéanfaí an dara teanga oifigiúil den Spáinnis i bpoblacht neamhspleách,” ar seisean.

Cé gur cinnte go ngéaróidh ar an aighneas faoin gCatalóinis amach anseo, tá cathanna eile roimh mhuintir na Catalóine faoi láthair, fiú más go síochánta a throidfear iad cé gur dheacra ná riamh an tsíocháin a chinntiú. Sáraíodh líne chinniúnach inné agus ní bheifear ábalta dul siar go deo: tá teipthe glan ar an gcaidreamh idir an Spáinn agus an Chatalóin agus ní bheifear ábalta na créachtaí seo a leigheas go ceann i bhfad. Cé go raibh mionlach ann a thacaigh le neamhspleáchas na Catalóine riamh, tá meánaicme agus uas-mheánaicme cheannais na gCatalónach lándiongbháilte ar son na saoirse anois, rud nach raibh fíor cúpla bliain ó shin. Dar leosan, tá deireadh ag teacht le dlisteanacht na Spáinne de réir a chéile agus dheimhnigh na huafáis in Barcelona agus i gcathracha eile inné go raibh an ceart ar fad acu.

Léachtóir Sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr John Walsh. Tugann sé cuairteanna rialta ar an gCatalóin agus is ball é de ghréasán Eorpach atá i mbun taighde ar theangacha mionlaithe ar nós na Gaeilge agus na Catalóinise.