TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An ruaig curtha ar Rousseff, ach níl deireadh leis an suaitheadh polaitiúil

Táinsíodh uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, tráthnóna. Ní luíonn an cinneadh sin go héasca le spiorad an daonlathais, a scríobhann ár gcolúnaí

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: An ruaig curtha ar Rousseff, ach níl deireadh leis an suaitheadh polaitiúil

Tháinig an tuar faoin tairngreacht. Tráthnóna inniu, táinsíodh uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, a bhí ar fionraí ó bhí mí na Bealtaine ann, i seisiún corraitheach i Seanad na Brasaíle. Ach cinneadh i vóta seachtrach nach mbeidh cosc uirthi páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta amach anseo.

Leis sin, tá deireadh tagtha, ní hamháin le slí bheatha pholaitiúil na chéad mhná riamh a toghadh ina huachtarán ar an mBrasaíl, ach le réimeas trí bliana déag a páirtí, Páirtí na nOibrithe (PT).

Ach níl deireadh, ná baol air, leis an suaitheadh polaitiúil sa tír is mó i Meiriceá Theas.

Ar tharla coup d’état, mar atá á mhaíomh ag Dilma Rousseff agus ag a lucht tacaíochta ó cuireadh tús leis an bpróiseas táinsimh ina coinne?

Ag breathnú ar an scéal ar fad go fuarchúiseach, ní féidir a shéanadh go bhfuil sé saghas aisteach go bhfuil pionós polaitiúil chomh tromchúiseach sin á ghearradh ar uachtarán nach ndearna aon choir mhór. 

Cuireadh Dilma Rousseff as oifig toisc gur measadh go bhfuil sí freagrach as cuntasóireacht chruthaitheach a d’fhág cuma níos bisiúla ar chuntais an stáit roimh an toghchán uachtaránachta deireanach, ina raibh an bua aici, i bhFómhar na bliana 2014.

Ach ní tada sin i gcomparáid leis an gcalaois agus leis an gcaimiléireacht atá á gcur i gcoinne chuid de na polaiteoirí ba ghéire a bhí ina coinne.

Caithfear dhá rud a thabhairt san áireamh agus táinseamh Dilma Rousseff á mheas againn.

Ar an gcéad dul síos, tá géarchéim eacnamaíochta ollmhór sa tír agus tháinig laghdú nach mór deich faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre na Brasaíle le dhá bhliain agus ráithe anuas.

Ar an dara dul síos, níl bua na cumarsáide ag Dilma Rousseff. Ní raibh pioc den mhealltacht aici a bhain leis an iar-uachtarán iomráiteach, Lula ar tháinig sí i gcomharbacht air.

Anuas air sin ar fad, ní féidir a chur as an áireamh go raibh faitíos ar pholaiteoirí áirithe go mbeidís féin á gcur as oifig amach anseo mura bhfaighidís réidh le Dilma Rousseff ar dtús. Ó tháinig Rousseff i gcumhacht sa bhliain 2011, thacaigh sí go hiomlán leis an bhfiosrúchán i scannal ollmhór sa chomhlacht ola leathstáit Petrobras, lena bhfuil mórchuid polaiteoirí luaite.

Le scéal fada a dhéanamh gearr, is éard a bhí i dtáinseamh Dilma Rousseff ná bealach chun fáil réidh le huachtarán nach raibh tóir uirthi – gan an bunreacht a chaitheamh i dtraipisí ar fad.

Leanadh próiseas daonlathach chun táinseamh a dhéanamh ar Rousseff.

Ach ní luíonn táinseamh Rousseff go héasca le spiorad an daonlathais, go háirithe nuair a thugtar san áireamh go bhfuil calaois curtha i leith cuid mhór de na polaiteoirí ar theastaigh uathu fáil réidh le Rousseff, a comharba, Michel Temer, ina measc.

Cén fáth, mar sin, go bhfuil an chuma ar chúrsaí go bhfuil muintir na Brasaíle ag glacadh go réchúiseach leis an dráma polaitiúil is mó a tharla sa tír le breis agus scór bliain anuas? 

Agus na focail seo á scríobh agam, cloisim roinnt tinte ealaíne ceiliúrtha ag pléascadh taobh amuigh – ach ní tada é an gleo i gcomparáid leis na léirsithe móra pobail a chuir tús leis an tréimhse achrannach seo i stair na Brasaíle breis is trí bliana ó shin, i mí an Mheithimh 2013.

B’fhéidir gurb é an chaoi go bhfuil muintir na Brasaíle chomh dubh dóite de na cluichí polaitiúla ar fad – agus den bhac atá á chur ag an ngéarchéim pholaitiúil ar an ngeilleagar – go bhfuil siad sásta glacadh le cinneadh conspóideach nach mbeadh glacadh leis go deo bliain nó dhó ó shin.