TUAIRISC Ó WASHINGTON DC: ‘Trump? Ní linne é – bíodh dorn san aer againn!’

Tá lá na cinniúna tagtha i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá imní ar mhórán, a deir ár gcomhfhreagraí a bhí i láthair ag insealbhú Donald Trump

TUAIRISC Ó WASHINGTON DC: ‘Trump? Ní linne é – bíodh dorn san aer againn!’

Insealbhaíodh Donald Trump mar an 45ú Uachtarán na Stáít Aontaithe Dé hAoine. Daoine, idir óg agus aosta, a tháinig amach ag tacú leis nó ag agóidíocht ina aghaidh. Guí ag a lán acu: ‘Tá súil agam go mbeidh báisteach ag an seó seo.’

Thosaigh an bháisteach ag titim agus dhorcaigh an spéir díreach nuair a shiúil sé amach ar an stáitse os comhair an 900,000 duine a bhí i láthair. Bhí lucht agóide le feiceáil i chuile áit agus iad an-ghlórach. I measc na mannaí acu, bhí ‘Puipéad Putin’, ‘Ní linne é’ agus ‘Is liomsa mo cholainn’. Bhí na mná go háirithe le feiceáil agus an bándearg á caitheamh go láidir acu agus iad ag ullmhú don mhórshiúlóid an lá dár gcionn– Mórshiúl na mBan, a raibh 500,000 i láthair ann.

Bhog mé féin go Washington cúpla mí ó shin agus ní fhaca mé DC mar seo ó tháinig mé. Bhí an t-arm le feiceáil i ngach áit, agus iad réidh do chíbréibeacha nó pé ní eile a tharlódh. Bhí orainn dul trí bhrathadóir miotail agus bhí trucanna móra ag barr chuile shráid. Gníomh stuama tar éis an méid a tharla sa Ghearmáin agus sa Fhrainc.

Nuair a thosaigh an t-amhrán náisiúnta, cuid den slua, an slua is mó dá bhfaca mé riamh i mbun agóide, síos ar ghlúin amháin agus dorn san aer acu. ‘Ní linne é, dorn san aer’ a bhí á screadaíl acu.

Mhothaigh mé an frustrachas agus an míshuaimhneas san aer agus mé ag siúl timpeall. ‘Tá muid fíorshásta go bhfuil muid i measc na rebeiliúnach eile atá ar chomhintinn linne,’ a dúirt bean amháin as Minneapolis. Is múinteoir scoile í a deir go bhfuil faitíos ar chuid mhór dá daltaí agus a muintir mar gheall ar an Uachtarán nua. ‘Tá mothúcháin láidre,  idir dhóchas agus faitíos agam. Bhí mé ag obair le 20 bliain ar son cearta an duine agus anois, céard a tharlóidh?’

Is ceist mhaith í sin nach bhfuil aon fhreagra againn uirthi. Mar sin féin, ní raibh chuile dhuine a bhí i láthair ag an ócáid éadóchasach ná baol air. Ach an slua mór a bhí ag céiliúradh agus ag tacú le Trump ní raibh siad chomh sásta céanna a gcuid tuairimí a chur in iúl domsa.

‘Go raibh maith agat a Thrump, as ucht ár dtír a dhéanamh iontach arís’ – bhuail mé le lánúin ar an Metro agus an póstaer sin á iompar acu.

“Mothaím lán le tírghrá agus mé ag pléascadh le dóchas don todhchaí!” Fear as Phoblacht na Seice a dúirt sin agus nuair a chuir mé ceist air faoi chúrsaí imirce, bhí a chuid tuairimí faoi réir aige dom. “Aontaím le himircigh dhleathacha ach caithfidh siad an próiseas ceart a leanúint agus sin a bhfuil faoi!” Chuir mé ceist ar scata eile a bhí ag tacú le Trump, ach ní rabh siad sásta a gcuid tuairimí a roinnt liom.

Bóthar fada atá amach roimh mhuintir Mheirceá cinnte agus romhainn féin chomh maith. Ní fios cén tionchar a bheas ag an uachtarán nua seo ar an tír s’againn féin, ach beidh súil ghéar á coinneáil ar chúrsaí sna Sáit Aontaithe. Is amhlaidh go mbeidh an bóthar sin sona do chuid mhaith daoine, ach tá líon mór daoine eile ann, agus, mar a dúirt go leor acu féin liom: ‘Tá ceithre bliana fada amach romhainne, ach ní stopfaidh muid choíche go dtí go gcloisfidh sé ár nguthanna.’

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó WASHINGTON DC: ‘Trump? Ní linne é – bíodh dorn san aer againn!’'

  • Donald J Trump

    Tá sé tofa mar Uachtarán agus caithfear seans a thabhairt dó anois.