TUAIRISC Ó PHÁRAS: Caithfear prionsabail uaisle bhunúsacha phoblachtánas na Fraince a chosaint…

Na scéalta beaga a léiríonn chomh huilíoch is atá tionchar na sceimhleoireachta i bPáras, dar leis an bhfile Paddy Bushe, atá ina chuairteoir i bPáras faoi láthair

 

eiffel tower

Agus mé á scríobh seo, táim lonnaithe i gColáiste na nGael nó an Centre Culturel Irlandais i bPáras. Is cineál oileán ciúnais an áit seo, i ngach aon chiall des na focail sin. Cé go bhfuil sé lárnach go maith sa chathair, is i gcúlshráid atá sé, agus ciúin dá réir. Agus tá an ciúnas agus an fhothain is dual do sheancholáiste sagartóireachta fós le brath ar an ionad, fiú sa lá atá inniu ann.

Pribhléid domsa bheith anseo ar thréimhse chónaitheachta scríbhneoireachta le sé seachtaine anuas, agus an t-oileánachas sin ag dul i bhfeidhm orm. Ach ar maidin, chonaic mé beirt shaighdiúirí, iad ag iompar arm agus san airdeall, ag siúl síos suas na sráide amuigh. Bhíos imithe i dtaithí orthu le seachtainí anuas ag Notre Dame nó ag an Gare du Nord, ach ní fhacas timpeall anseo roimhe seo iad. Fiú má thuigeas an chúis a bhí len iad a bheith sa timpeall, baineadh stad asam.

Comhartha sóirt dom é seo ar an athrú atá le brath anseo i bPáras. Nílim i dtaithí air fós. Oíche Dé hAoine seo caite a scoilteadh an ciúnas seo go rabhas imithe i dtaithí air, nuair a ghlaoigh mo bhean chéile orm ag fiafraí an rabhas ceart go leor. Bhíos im chodladh, i ngan fhios ar an scéal ar fad.

Chuir Fíona mé ar an eolas a bhí aici, agus chuas go dtí an seomra bia a raibh na mic léinn cruinnithe ann ag breathnú ar an dteilifís agus, ar ndóigh, iad ag méarú na bhfón acu. Bhí fhios agam go raibh roinnt acu imithe ag an gcluiche peile sa Stade de France, ach faoin am seo, bhíodar tar éis bheith i dteagmháil ag rá go rabhadar slán sábháilte. Agus, mar a tuairiscíodh de réir a chéile, níor tharla an slad ag an gcluiche a bhí pleanáilte ag na sceimhleoirí. Fós féin, d’fhéadfaí an faoiseamh a mhothú nuair a thángadar isteach san ionad, faoiseamh as ucht iad a bheith slán ós na huafáis faoina rabhadar, mar ba léir níos déanaí, idir dhá cheann na meá.

Baineadh croitheadh asam as an méid seo. Ach baineadh croitheadh i bhfad níos mó asam nuair a chualas an scéal faoin bhfear cineálta cabhraitheach atá ag obair san ionad anseo. Bhí sé ag freastal ar an gcoirmcheol sa Bhataclan, an áit ar deineadh an t-ár ba mheasa ar fad an oíche sin. Chuaigh sé féin agus cairde leis i bhfolach, de réir mar a thuigim, i seomra uaine na gceoltoirí agus chuireadar cuisneor agus tolg leis an ndoras. D’fhanadar ansin go dtí deireadh an léigir. Chualadar gach aon chuid des na huafáis a mhair leathuair a’ chloig.

Ní féidir liomsa a shamhlú cén sceimhle a mhothaigh sé, nó a mhothóidh sé amach anseo. Fear seoigh é seo, fear a bhí diongbháilte ar theacht ag obair maidin Luain, mar ba mhór aige, a dúirt sé, an soutien a bhí anseo aige. Téim chun cainte leis, agus fiafraím de conas atá aige. Ba dhána an mhaise dhom níos mó a fhiafraí air. Is cuairteoir anseo mé, agus níor mhaith liom bheith im chuairteoir uafáis ann.

Maidir liom féin, bhíos le dul go Montreuil oíche Shathairn chun béile le cairde. Bruachbhaile é seo go bhfuil líon ard inimirceach agus Ioslamach ann, agus gur tharla an léigear ollmhargaidh ann i ndiaidh eachtraí Charlie Hebdo. Maidin Shathairn, bhíothas tar éis teacht ar ghluaisteán ann a raibh baint aige le huafáis oíche Dé hAoine. Bhí seisear againn le bheith sa chomhluadar. Seans maith go mba bhotún ab ea é, ach cuireadh an ócáid ar ceal. Ina dhiaidh sin, bhuaileamar lena chéile oíche Dé Luain. B’fhiú é a dhéanamh, ach ba faoi scáil sceimhle a deineadh. Mar a dúramar nuair a chruinníomar, b’shin brí agus modh oibre na sceimhleoireachta.

Scéalta beaga, b’fhéidir, ach scéalta a léiríonn chomh huilíoch is atá tionchar na sceimhleoireachta anseo. Má bhraithimse é, mar chuairteoir in oileán ciúnais, conas mar atá ag na daoine a théann ag obair anseo,  lá i ndiaidh lae? Níorbh ionadh dá mba nós na gráinneoige ba láidre a chleachtófaí, spíonóga á mbagairt ina n-aghaidh siúd go mbraithfí iad a bheith éagsúil, coimhthíoch. Agus tá uchtach anseo do leithéidí an Front National ag Marine Le Pen.

Ach tá súil le Dia agam nach gcuirfear leis na clocha seo ar an bpaidrín acu. Is cinnte go gcaithfidh an Fhrainc í féin a chosaint. Ach is cinnte freisin go gcaithfear poblachtánachas na Fraince, agus prionsabail uaisle bhunúsacha an phoblachtánachais sin – uilíochas, fáiltiúileacht agus ionannas – a chosaint. Sin é guí an chuairteora áirithe seo.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁRAS: Caithfear prionsabail uaisle bhunúsacha phoblachtánas na Fraince a chosaint…'