TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’

Sa tuairisc seo ó Pháras, déanann ár gcomhfhreagraí cur síos ar ionsaithe na hAoine agus ar conas mar atá muintir Pháras ag dul i ngleic leis an uafás

0009fbd1-614

Dé hAoine an 13 Samhain – droch-chomhartha do na Francaigh nó na Gearmánaigh? B’shin í an cheist roimh an gcluiche. Ní cluiche iomaíoch atá ann ach tá aird an phobail ar an dteilifís féachaint conas a éireoidh le Les Bleus i bhfianaise scéal mór spóirt na seachtaine go bhfuil Benzema agus Valbuena fágtha ar lár.

Tá an cara is fearr ag mo mhac sa Stade de France lena athair Franck, iad gar do Bhealach Éalaithe J. Nuair a chloistear na pléascáin lasmuigh den Stade, níl a fhios ag éinne cad atá tarlaithe. Tuairiscítear go bhfuil Francois Holland tar éis an cluiche a fhágáil. Ansin tosaíonn na tuairiscí ag teacht isteach; ionsaí déanta ag an Bataclan; daoine maraithe i mbialann an Petit Cambodge sa 10ú arrondissement; ionsaithe féinmharfacha lasmuigh den State. Leantar leis an gcluiche. Cuirimid an nuacht ar siúl. Is ar éigean gur féidir linn é a chreidiúint.

Ceantair faiseanta anamúla iad an 10ú agus an 11ú arrondissement, mar a mbíonn na caiféanna agus na bialanna plódaithe tráthnóna Dé hAoine. Bailíonn daoine óga anseo chun tús a chur leis an deireadh seachtaine, gliondar orthu agus iad ag gáirí agus ag cabaireacht.

Ba dhóigh leat ó na radharcanna teilifíse ó lasmuigh d’ionad ceolchoirme íocónach an Bataclan go bhfuil gach rud ciúin socair. Ach tá scéal eile ar fad ag mo chara Celine. Tá sí i bhfolach sna leithris i mbialann atá caoga méadar ón Bataclan. Is é seo an chéad oíche amuigh aici ó saolaíodh páiste di le déanaí. Níl a fhios aici cad atá ag tarlú ach tháinig na póilíní isteach agus d’fhógair siad ar gach éinne luí síos ar an urlár agus gan bogadh. Cloiseann sí bonnáin ag imeacht.

Is ar éigean go bhfuil aon teacht ar an idirlíon ag cúl na bialainne agus tá sí ag fáil téacsanna óna fear céile. Níl uaithi ach dul abhaile agus a páiste a bheathú agus tá a deartháir ag teacht ag triall uirthi sa charr. Níltear ag ligean d’aon duine fágáil, áfach. Sa deireadh, éiríonn léi tabhairt ar phóilín í a ligean amach. Déanann na póilíní sciath dhaonna di agus baineann sí an carr amach.

Ní raibh aon súil aici leis an uafás atá roimpi. Tá an áit ina cíor thuathail agus gach duine imithe chun scaoill. Tá daoine ag rith i ngach treo, cuid acu agus fuil orthu. Tá carranna ag imeacht ar ardluas. Os a comhair amach, buaileann otharcharr faoi charr de chuid na bpóilíní agus caitear an carr sa aer. Seo Páras an apacailipsis. Tá scanradh a hanama ar Celine. Níl uaithi ach bheith lena clann. Baineann sí an baile amach ag 1 am. An chéad rud a dhéanann sí ná póigín a thabhairt do na leanaí atá ina gcodladh go sámh. Ansin tosaíonn sí ag gol.

Idir an dá linn, tá Franck agus a mhac fós sa Stade de France agus iad amuigh anois ar an bpáirc leis na sluaite ag fanacht leis an scéala gur féidir leo dul abhaile. Féachann an mac suas ar an athair, súile an mhic lán le hiontas. ‘Nach orainne atá an t-ádh a bheith amuigh anseo ar pháirc imeartha an Stade de France féin!” a deir sé.

Déanann Franck meangadh beag gáire leis le teann bróin.

An mhaidin dár gcionn, agus go míthráthúil, tá an ghrian amuigh i bPáras. Níl duine ná deoraí ar na sráideanna thíos faoin árasán againn. Tá gach áit dúnta. Beannaíonn mo mhac dom. ‘Cé a bhuaigh an cluiche?’ a deir sé.

Cá dtosóidh mé?

De réir a chéile, osclaítear na caiféanna agus na siopaí. Amach linn chun casadh le cairde. Braitheann sé nach bhfuil aon rogha eile ann ach dul amach agus bualadh le daoine, labhairt le daoine. Tá mar a bheadh comhrá mór amháin ar siúl i bPáras. An raibh aithne agat ar éinne ann? Ceisteanna agus tuilleadh ceisteanna. Céard a tharlóidh anois? Cén rian a fhágfaidh sé seo ar an bpobal Moslamach? Conas a thiocfaidh Páras chuici féin arís?

Inniu tá na músaeim, na linnte snámha, na pictiúrlanna, na leabharlanna, na hamharclanna ar fad dúnta.

Céard a tharlóidh amárach?

Tá na leanaí os ár gcomhair amach ar an tsráid ag spraoi le liathróid.

Tá brón orainn. Táimid trína chéile. Tá imní orainn faoi olc an mhionlaigh agus eagla an mhóraimh.

Ar na híobartaigh agus a muintir atáimid ag cuimhneamh, ar a bhfuil i ndán dóibhsean agus dúinne ar fad. An gcuirfidh an Fhrainc ar a súile do na sceimhlitheoirí céard is Poblacht dáiríre ann; go bhfuilimid buailte ach nach bhfuilimid briste?

Tá sé seo difriúil le huafás Charlie Hebdo. Na caiféanna, Le Petit Cambodge, Bataclan, an Stade de France – seo ionsaí ar ‘la vie Parisienne’.

Tá ceist eile ag mo mhac dom: “Est-ce la guerre, maman?”

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁRAS: ‘An cogadh atá anseo againn, a mhamaí?’'

  • Breandán Delap

    An-tuairisc go deo

  • Fearn

    “Est-ce la guerre, maman?”

    Bhal, bhí an freagra ag an Uachtarán, nach raibh?: eachtra de chogadh a bhí ann, dúirt sé.

  • Liam Mac Lochlainn

    Cur síos iontach. Comhghairdeas.