TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: An tríú craobh as a chéile do Bhaile Átha Cliath agus Maigh Eo croíbhriste arís

Is iad Baile Átha Cliath curaidh na hÉireann agus Corn Mhig Uidhir tugtha leo acu don tríú bliain as a chéile, ach bhí deis iontach eile ag Maigh Eo an aisling a fhíorú

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: An tríú craobh as a chéile do Bhaile Átha Cliath agus Maigh Eo croíbhriste arís

Ciarán Kilkenny, Paddy Andrews agus John Small ag ceiliúradh. ©INPHO/James Crombie

An mbuafaidh siad go deo é?

Ní den chéad uair, bhreathnaigh sé go raibh a ndóthain déanta ag Maigh Eo chun Baile Átha Cliath a chloí. Ach arís eile, baineadh tuisle astu agus an cúram nach mór déanta acu.

Is iad Baile Átha Cliath curaidh na hÉireann agus Corn Mhig Uidhir tugtha leo acu don tríú bliain as a chéile, ach bhí deis iontach eile ag Maigh Eo an aisling a fhíorú. Beidh sé deacair orthu teacht chucu féin agus tosú arís ag an mbun.

Mar a tharla sna cluichí idir na foirne céanna i gcraobhacha 2015 agus 2016, bhí Maigh Eo níos fearr ná a gcéilí comhraic, sa chéad leath go háirithe. Cé gur chuir siad tús uafásach leis an gcluiche, nuair a ghearr Con O’Callaghan tríd an gcosaint chun cúl breá a aimsiú agus gan ach nóiméad go leith imeartha, bheadh údar ag Maigh Eo díomá a bheith orthu nach raibh siad ach pointe chun cinn ag leath ama.

I ndiaidh dóibh an cúl sin a ghéilleadh, bhí tréimhse cheannasaíochta ag na Connachtaigh agus bhí na foirne ar comhscór agus ceathrú uaire imeartha. Nuair a d’aimsigh Andy Moran dhá phointe as a chéile leath bealaigh tríd an chéad leath, den chéad uia Maigh Eo chun cinn den chéad uair, 0-5 in aghaidh 1-1.

Chinn Jim Gavin Eoghan O’Gara a chur chun páirce ón tús ach, cé gur aimsigh sé pointe, is beag tionchar a bhí ag an bhfear mór ar an imirt. Ní hé aon t-aon fhear i ngeansaí gorm a bhí ag streachailt, áfach. Níor aimsigh tosaithe Bhaile Átha Cliath ach 1-2 ón imirt sa chéad leath sin agus bhí cosantóirí Mhaigh Eo, leithéidí Chris Barrett agus Keith Higgins go háirithe, ag imirt ar fheabhas. Ón imirt a tháinig gach ceann de na naoi bpointe a fuair Maigh Eo sa chéad leath sin ón imirt.

Ina ainneoin sin uile, ní raibh eatarthu ach an t-aon phointe amháin sin ag an mbriseadh, 0-9 in aghaidh 1-5, agus bhí an bhearna bheag sin iata ag Baile Átha Cliath agus ag Paul Mannion 20 soicind isteach sa dara leath.

Bhí fíorbheagán idir na foirne as sin amach. Chuir an dá fhoireann deiseanna ar chúil amú, agus bhuail Mannion agus Jason Doherty a gcuid iarrachtaí róghar don chúl báire. Is ansin a tháinig cor cinniúnach eile sa chluiche, tugadh cárta dearg do bheirt imreoirí. Fuair John Small an dara cárta buí as calaois a dhéanamh ar Colm Boyle agus ansin bronnadh cárta dearg ar Donal Vaughan nuair a leag sé Small i ndiaidh na heachtra.

Con O’Callaghan agus cúl á aimsiú aige ©INPHO/Ryan Byrne

Nuair a chuaigh Baile Átha Cliath dhá phointe chun cinn go luath ina dhiaidh sin, bhí an chuma ar an scéal gur in olcas a bhí cúrsaí ag dul do Mhaigh Eo, ach bhí casadh eile sa scéal agus fuair Lee Keegan cúl a d’fhág pointe chun tosaigh iad, 1-12 in aghaidh 1-11, agus ceathrú uaire fágtha. Tháinig Baile Átha Cliath ar ais arís agus bhí na foirne cothrom arís a bhuíochas do chúilín den scoth ó Dhiarmuid Connolly.

Bhí gá le hathimirt idir na foirne seo le dhá bhliain anuas agus bhreathnaigh sé gurbh amhlaidh go mbeadh lá eile ag teastáil agus muid ag teacht i dtreo dheireadh an chluiche.

Bhí an 70 nóiméad caite nuair a tugadh deis do Chillian O’Connor Maigh Eo a chur chun cinn ó chic saor ach bhuail a iarracht ón gcliathán chlé an cuaille. Nuair thuill Diarmuid Connolly cic saor eile agus 74 nóiméad imeartha, ba ag Dean Rock a bhí an deis an cluiche a bhuachan dá fhoireann.

Mar a rinne Stephen Cluxton in 2011, shlánaigh Rock an cic chun Craobh na hÉireann a bhuachan agus chinntigh sé freisin go mbeidh peileadóirí Mhaigh Eo ag fanacht bliain eile ar a laghad.

Baile Átha Cliath: S Cluxton; P McMahon, C O’Sullivan, M Fitzsimons; J Cooper, J Small, J McCaffrey; B Fenton, J McCarthy; C Kilkenny, C O’Callaghan, P Mannion; P Andrews, E O’Gara D Rock. Ionadaithe: P Flynn in áit J McCaffrey (8 nóim), D Connolly (0-1) in áit P Andrews (35 nóim), K McManamon (0-1) in áit E O’Gara (35 nóim), B Brogan in áit P Flynn (63 nóim), N Scully in áit C O’Callaghan (67 nóim), C Costello in áit P Mannion (73 nóim).

Maigh Eo: D Clarke; B Harrison, D Vaughan, K Higgins; L Keegan, C Barrett, C Boyle; S O’Shea, T Parsons; K McLoughlin, A O’Shea, P Durcan, J Doherty, C O’Connor, A Moran. Ionadaithe: D O’Connor in áit S O’Shea (50 nóim), S Coen in áit C Boyle (55 nóim), C Loftus for A Moran (62 nóim), D Drake in áit J Doherty (69 nóim), G Cafferkey in áit K Higgins (74 nóim).

Réiteoir: Joe McQuillan.