TUAIRISC Ó LONDAIN: An eagla ina scamall ar chách agus ceathrar marbh

Bhí daoine i Londain scanraithe aréir agus cúis acu, ach ní foláir dúinn uilig a bheith cúramach agus cúrsaí sceimhlitheoireachta go mór i mbéal an phobail arís

TUAIRISC Ó LONDAIN: An eagla ina scamall ar chách agus ceathrar marbh

Póilíní armtha ar ruathair, héileacaptair ar dualgas, daoine ar a dteitheadh ó cheantar Westminster agus an eagla ina scamall ar chách.

B’in mar a bhí tráthnóna inné i Londain agus glór bhonnáin na n-otharcharr agus charranna na bpóilíní le cloisteáil os cionn gach rud eile.

Ar droichead Westminster, bhí feithiclí tréigthe. Ar an taobh eile den droichead, bhí an London Eye ina stad, agus aláraim á mbualadh ag lucht bialainne chun daoine a dhíbirt ón gceantar ina raibh ordú dianghlasála i bhfeidhm.

Tamall ina dhiaidh sin, chualathas na tuairiscí go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta déanta ar Londain, gur tiomáineadh feithicil faoi dhaoine a bhí ag siúl an chosáin, go raibh urchair scaoilte agus daoine maraithe. Deimhníodh inniu gur ceathrar a maraíodh, an sceimhlitheoir aonair a rinne na hionsaithe ina measc. Mharaigh an fear beirt ar dhroichead Westminster nuair a thiomáin sé carr faoi choisithe. Ina dhiaidh sin, agus iarracht á déanamh aige ruathar a thabhairt faoi Pharlaimint Westminster, sháigh an t-ionsaitheoir póilín, Keith Palmer, 48. Lámhach na póilíní an t-ionsaitheoir. Tuairiscítear gur gortaíodh ar a laghad 40 duine eile san eachtra.

Tráthnóna inné, bhí gutháin ag bualadh agus á bhfreagairt, daoine ag lorg tuairiscí faoina muintir agus a gcairde agus daoine ar a dteitheadh ag iarraidh tearmann an bhaile a bhaint amach.

Dúradh go mbeadh méadú ar líon na bpóilíní ar na sráideanna, ach ba mhór fós idir Londain inné agus Páras dhá bhliain ó shin nuair a tharla na hionsaithe i bpríomhchathair na Fraince. In Eanáir 2015, bhíos féin i bPáras nuair a tharla na hionsaithe sceimhlitheoireachta ansin.

Bhí póilíní míleata amuigh go tréan ar na sráideanna ar fud na cathrach, agus tuilleadh acu ag léim i rith an ama de thrucailí.

Ní raibh an oiread céanna póilíní le feiceáil i Londain inné, cé go raibh caint faoi chúrsaí slándála go mór sa treis. B’fhéidir go bhfeicfear níos soiléire na beartais slándála seo sna laethanta amach romhainn.

I lár na cathrach bhí grúpa turasóirí ó Mheiriceá ag trácht ar sceimhlitheoirí a bheith i mbun ionsaithe athuair ar chóras daonlathach an Iarthair, iad ag caint ar an ngá le lucht ISIS a ruaigeadh agus iad den tuairim go dtarlaíonn eachtraí mar seo i dtíortha nach bhfuil sásta dul i ngleic le ISIS.

Is é seo an toradh a bhíonn ar ionsaithe mar seo go hiondúil; polaiteoirí, lucht rialtais agus lucht slándála ag caint faoi shlándáil an phobail agus cúrsaí sceimhlitheoireachta.

Níor cheart beag is fiú a dhéanamh de na hionsaithe uafásacha a tharla inné, ach ar chóir ISIS a bheith á lua sna meáin nuair nach raibh sé deimhnithe fós go raibh ceangal idir ISIS agus na heachtraí?

Bíonn trácht i gcónaí i gcásanna mar seo faoi ardú ar an ‘leibhéal práinne’ maidir le cúrsaí sceimhlitheoireachta agus scaiptear ráflaí chomh neafaiseach céanna is a scaipfí scéalta faoi chlár teilifíse réaltachta.

Tugann an chaint seo deis do pholaiteoirí dlíthe nua a thabhairt isteach ar mhaithe le ‘slándáil’ an phobail, agus bíonn daoine chomh scanraithe sin go nglactar leo.

Sin mar a chruthaítear stát póilíneach, stát ina mbítear buíoch don rialtas as dlíthe a a thabhairt isteach a chuireann srian leis an daonlathas.

Ní chuirtear aon cheist mar teastaíonn uainn ar fad a bheith slán sábháilte agus ní theastaíonn ó aon duine go ndéanfaí ionsaí arís ar chuma an t-ionsaí a tharla i bPáras dhá bhliain ó shin, nó na hionsaithe ar Sydney in 2014 agus ar Londain féin in 2005.

Agus sinn sceimhlithe inár mbeatha ag an sruth gan staonadh de thuairiscí agus pictiúirí uafásacha agus na tagairtí gan stad do Pháras agus do Londain in 2005, tá an baol ann go mbeimis sásta aon ní a ghéilleadh ar mhaithe leis an mothú go bhfuilimid sábháilte.

Bhí daoine scanraithe i Londain aréir agus cúis acu, ach caithfear iarracht a dhéanamh a n-imní a mhaolú. Mura ndéantar amhlaidh, cuirfear srian leis an daonlathas.

Ní foláir dúinn uilig a bheith cúramach agus cúrsaí sceimhlitheoireachta go mór i mbéal an phobail arís anseo i Londain.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó LONDAIN: An eagla ina scamall ar chách agus ceathrar marbh'