TUAIRISC Ó CHÚBA: ‘Chreideamar Fidel nuair a dúirt sé nach raibh tábhacht le hairgead’

Insíonn Mauricio Cifuentes scéal a mhuintire dár dtuairisceoir, scéal ar léiriú maith é ar scéal Chúba féin sa 20ú haois

TUAIRISC Ó CHÚBA: ‘Chreideamar Fidel nuair a dúirt sé nach raibh tábhacht le hairgead’

Is as Matanzas do Mauricio Cifuentes Nodarse, cathair bheag 100 km soir ó Havana, Cúba. Tá sé ag déanamh staidéir faoi láthair in Panama agus labhair mé leis faoi scéal a chlainne, scéal ar léiriú maith é ar scéal Chúba féin sa 20ú haois.

Mauricio Cifuentes Nodarse: Bhí mo shin-seanathair ag freastal ar an gcoláiste dlí in Havana an bhliain chéanna a rugadh Fidel Castro. Bhí sé páirteach i ngrúpa a bhí ag troid in aghaidh na caimiléireachta agus na héagóra. Mhothaigh na daoine seo nach raibh Cúba ina phoblacht cheart ó scar siad ón Spáinn agus mar sin bhí siad ag iarraidh tír a chruthú ina mbeadh cearta sóisialta ag cách, tír nach mbeadh aon chiníochas inti ná bochtanas faoin tuath.

Ansin tháinig Fidel nuair a bhí sé óg sna 50dí agus bhunaigh sé gluaiseacht réabhlóideach ag cur na bprionsabal céanna sin chun cinn. Fáisceadh mo sheanathair as atmaisféar seo na réabhlóide. I 1961 tharla sé go raibh mo sheanathair ag comhdháil mac léinn gar don Bay of Pigs nuair a tháinig na Meiriceánaigh i dtír. Cuireadh fios ar na mic léinn le dul chun troda agus cé nach raibh mo sheanathair ach 17 bliana d’aois, rinne sé an fód a sheasamh taobh le Fidel i gcoinne na Meiriceánach.

Ruairí Henchy: An raibh sé ina bhall den Pháirtí Cumannach mar sin?

M: Ní raibh, ba mhac dlíodóra é agus le linn na seascaidí agus na seachtóidí, bhí an-amhras ann faoi lucht na meánaicme ar fad. Tharla an rud céanna sa Rúis agas sa tSín, ba iad an lucht oibre an t-aon aicme amháin nár measadh gur namhaid iad.

R: Cé mhéad de na daoine seo ón meánaicme a d’imigh go Florida?

M: Níos mó ná 500,000 duine. Ar dtús d’fhan beagnach gach duine ach ansin i 1961, de bharr na bhfadhbanna leis na Stáit Aontaithe, ghabh an rialtas seilbh ar na scaglanna ola, na monarchana agus, ar deireadh, ar mhaoin phearsanta lena n-athroinnt i measc an lucht oibre. D’imigh na daoine a chaill cuid dá maoin phríobháideach. Mhothaigh siad gur cheart daonna é maoin phríobháideach a bheith agat agus ní raibh siad sásta déileáil le rialtas nár chosain cearta daonna.

R: Ach d’fhan do mhuintir féin?

M: Bhí nasc láidir acu leis an talamh agus, faoin am sin, dá mbheartófá dul go Meicsiceo nó Miami nó cibé áit, chaill tú do mhaoin ar fad agus do stádas mar shaoránach Cúbach. Bhí dóchas ag mo mhuintir sa réabhlóid, faoin deis a bhí ann pobal níos fearr, níos cothroime a bhunú. Chuir siad ina luí orthu féin nach raibh airgead ná a  gcuid aidhmeanna gairmiúla chomh tábhachtach sin. An príomhrud a bhí uathu ná Cúba nua a chur ar bun. Cinneadh ídé-eolaíoch a bhí ann, ní cinneadh eacnamaíoch.

Ach bhí an t-uafás fadhbanna eacnamaíochta ann sna  seascaidí. In aon mhí amháin chaill an tír 600 dochtúir, 3,000 innealtóir agus 5,000 ailtire agus ní raibh dóthain daoine gairmiúla nó cáilithe ann chun geilleagar ceart a chur ar bun. Thriail siad gach rud, thug siad ba isteach ón Eilbhéis in iarracht cáis Chúbach a dhéanamh, mar shampla. Rinne said sáriarracht cur go mór le táirgeacht cána siúcra i 1970 ach theip orthu.

Mar gheall ar na fadhbanna sin, thosaigh siad ag labhairt leis an Aontas Sóibhéadach agus chun scéal fada a dhéanamh gearr thosaigh an tAontas Sóibhéadach ag déanamh urraíochta ar gheilleagar Chúban. Tháinig feabhas ar chúrsaí i gCúba ina dhiaidh sin. Fuair daoine éadaí nua ón Rúis, carranna Lada, teilifíseáin agus mar sin de. Chabhraigh na Sóibhéadaigh leo monarchana nua a thógáil chun rudaí a bhí ag teastáil uathu sa Rúis a dhéanamh, ach níor thug siad saoirse do rialtas Chúba a chonair féin a leanúint. Bhí imní orthu, dar liomsa, dá mbeadh an tsaoirse sin ag Cúba, nach mbeadh Fidel sásta cloí leis an gcomhaontas leis an Aontas Sóibhéadach.

R: Arbh iad na 90idí an tréimhse ba mheasa do phobal Chúba?

M: Sílim go raibh na 60idí níos measa, ach faoi 1989 bhí ardchaighdeán maireachtála ag daoine ó thaobh cúrsaí oideachais agus sóisialta. Ní raibh aon fhadhb choiriúlachta, drugaí ná striapachais ann. Bhí saol iontach ag mo mháthair in Havana sna 80idi, mar shampla. Chuaigh sí ar saoire go dtí an Bhulgáir, bhíodh gach sórt ceoil agus drámaí agus feiseanna damhsa ar siúl ar fud na tíre. Bhí ranganna damhsa agus amhránaíochta saor in aisce ar fáil. In Havana bhí daoine ag imirt fichille amuigh ar an tsráid agus ag léamh leabhar ar an mbus. Ach i ndiaidh 1989, chaill daoine na pléisiúir bheaga seo. Bhí frustachas ar dhaoine agus mhothaigh siad gur theip an rialtas orthu. B’in drochthréimhse do na daoine ar fad a rinne féin-íobairt fanacht i gCúba chun tacú leis an réabhlóid.

B’in tréimhse fhíorchrua sa tír ach láimhsigh Fidel go maith é. Glacadh le Fidel mar shiombail den aontas náisiúnta. Bhí cumas neamhghnách ag Fidel muinín a spreagadh i ndaoine. Dúirt sé go dtiocfaimis tríd le chéile agus chreid daoine é. Lean siad ar aghaidh á chreidiúnt go dtí 2006 nuair a d’éirigh sé as an gceannaireacht mar gheall ar dhrochshláinte agus ba ansin a thosaigh daoine ag cailliúnt a muiníne. Níl aon cheannaireacht anois ann agus tá rudaí ag dul i dtreo an chórais Shínigh agus an t-airgead ag teacht isteach ó chomhlachtaí idirnáisiúnta.

Bhí an pobal Cúbach sásta i gcónaí cur suas leis an mbochtanas agus na srianta ar fad toisc go raibh dóchas acu go mbeadh rudaí níos fearr sa todhchaí, ach i mo thuairimse ní chreideann daoine é sin a thuilleadh. Labhair le duine ar bith anseo i Miami agus inseoidh sé duit go raibh gach uile dhuine ag troid in aghaidh Fidel ó 1960, ach sílim go bhfuilimse ag caint mar dhuine a thuigeann na daoine a d’fhan i gCúba. Chreideamar Fidel nuair a dúirt sé nach raibh tábhacht leis an airgead, ach i bhfianiase a bhfuil ar siúl ag an rialtas faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhfuil airgead tábhachtach dóibh.

R: Tógadh tusa sna 90dí le linn na ‘Tréimhse Speisialta’…

M: Rugadh i 1989 mé agus cuireadh tús leis an ‘tréimhse speisialta’ agus mé cúpla mí d’aois. Tar éis cúpla bliain chlis na háiseanna sóisialta ar fad, an córas taistil agus an córas leictreachais, mar shampla. Ní raibh mórán teacht againn ar leictreachas sa bhaile nuair a bhí mé óg, ná ola le haghaidh cócaireachta. Fuair tú do chuid bia an uair sin de réir chóras na leabhar ciondála. Sna 80idí bhí daoine in ann ciondálacha a choinneáil, fiú amháin, ach laghdaíodh ar an méid a fuair daoine sna 90idí. Ní raibh dóthain ann chun clann a chothú agus fiú dá mbeadh airgead agat ní raibh aon siopaí ann ina bhféadfá bia a cheannach. B’éigean do dhaoine a bheith cruthaitheach. Is cuimhin liom, mar shampla, m’athair ag dul amach faoin tuath ar a rothar le roinnt éadaí breise a bhí againn sa teach chun iad a mhalartú leis na feirmeoirí i gcomhair bia.

R: Ar mhian leat éalú?

M: Éist, níl Cúba san Eoraip, tá sé sa Chairib, i Meiriceá Laidineach agus tá fíricí faoin saol sna háiteanna seo nach gcífimid i meáin chumarsáide an iarthair. Ní chífimid cén sórt saoil atá ag na daoine bochta in El Salvador ná i Guatemala agus sílim nach bhfuil aon dúil ag na meáin é seo a thaispeáint toisc go léiríonn sé gur theip ar an gcaipitleachas sa 21ú haois. Dúradh leis na daoine seo dá séanfaidís an sóisialachas agus mura ndéanfaidís comhaontú le Cúba go mbeadh saol níos fearr acu, saol mar a bhí sna Stáit Aontaithe. Ach níor tharla sé. Nuair a amharcann duine ar an gcaighdeán maireachtála i dtír cosúil le Háítí, ba cheart dó a bheith buartha faoin gcóras a cuireadh chun cinn mar mhalairt ar chóras Chúba.

R: Ach an bhfuil níos mó bochtanais sna tíortha caipitleacha i Meiriceá Laidineach ná mar atá i gCúba?

M: Braitheann sé ar céard atá i gceist agat le bochtanas. Má bhaineann tú leis an meánaicme nó leis an uasalaicme, cinnte beidh saol i bhfad níos fearr agat. Ach fiú má tá 10-20% den 120 milliún duine i Meicsiceo san aicme sin, céard faoin 80% eile den 120 milliún daoine sin? Beidh tú in ann Coca Cola a cheannach nó b’fhéidir bróga Adidas ar Black Friday ach ní bhfaighidh tú oideachas ná cúram sláinte maith, agus mar sin níl aon deis agat saol níos fearr a bheith agat. Tá an ciníochas in aghaidh an phobail ghoirm agus an phobail dhúchasaigh go dona ar fad freisin.

R: Deirtear gur deachtóir a bhí i Fidel, gur chuma leis faoi chearta daonna. Deirtear freisin gur throid sé ar son na saoirse agus i gcoinne na héagóra sa bhaile agus thar lear. Cad a mheasann tú féin, ar éirigh leis? Ar theip air?

M: Tá laoch náisiúnta acu anseo in Panama darbh ainm Torrijos agus ba dheachtóir é. Ní gá domsa a mheabhrú d’éinne nach raibh mórán den daonlathas i Charles de Gaulle, ach an oiread. Ba é an 20ú haois ré na bhfear láidir, na fir a chuir rompu tíortha a aontú chun cinntí deacra a dhéanamh agus chun torthaí maithe a bhaint amach. Tharla sé ar fud na cruinne agus tá sé ag tarlú anois sna Stáit Aontaithe fiú! Má táthar ag iarraidh feabhas a chur ar shaol an phobail i dtír atá bocht, tá an ceart ag daoine, agus tá dualgas orthu, gach ar féidir a dhéanamh chun é sin a bhaint amach. Mar sin, aontaím nár dhaonlathaí maith é Fidel Castro; bhí gach rud a rinne sé radacach agus paiseanta agus uaireanta bhí sé amaideach, fiú! Ach sin cuid den mheon Cúbach freisin agus bíonn muid ag súil leis an méid sin i gceannaire. Is Laidinigh muid, ní duine ciúin, deisbhéalsach cosúil le banríon Shasana atá uainn mar cheannaire. Tá Fidel eile uainn amach anseo, duine óg, paiseanta, léannta chun croitheadh a bhaint as cúrsaí agus chun an pobal a dhúiseacht.