TUAIRISC Ó BHOSTON: Fuadar faoi fheachtas Marty Walsh agus muintir Chonamara ina lár

Is cosúil go bhfuil Marty Walsh, mac imirceoirí as Carna agus Ros Muc, chun tosaigh i dtoghchán an Mhéara i mBoston ach níl a lucht tacaíochta ag lagan ar na maidí, a deir ár gcomhfhreagraí atá thall faoi láthair

TUAIRISC Ó BHOSTON: Fuadar faoi fheachtas Marty Walsh agus muintir Chonamara ina lár

Chuile chlár tomhaiste go cruinn. Dudley Mac Donnchadha as Muiceanach i gConamara ar an sámh, Peadar Mac Donnchadha as Leitir Móir ag oibriú an chasúir. Dhá throigh le troigh go leith. Comhartha le bualadh orthu: ‘Marty Walsh for Mayor of Boston’.

Fir ag obair ar fheachtas toghchánaíochta Marty Walsh i mBoston Déardaoin seo caite san Bayview Expo Centre gar do Bhóthar Columbia ar an teorainn idir Dorchester agus South Boston. 

I lár na cathrach, bhí cáipéis á clárú ag an Méara Walsh, chuir sé séala na cathrach ar an iarratas atá déanta ag Boston le bheith ar an dara ceanncheathrú ag an gcomhlacht ollmhór Amazon.

Ba é Déardaoin an spriocdháta. Tá leathchéad cathair agus baile mór eile ar fud na Stát Aontaithe ag fiach ar Amazon freisin. Dá roghnódh Amazon lonnú i mBoston bheadh 50,000 post breise sa gcathair acu taobh istigh de scór blianta, sin agus cuimse eile poist eile nuair a bheadh an obair thógála agus forbartha ar bun.

Mura mbeadh aon bhlas eile ann ach an méid sin féin, bheadh a lorg fágtha ag Marty Walsh, mac imirceoirí as Carna agus Ros Muc i gConamara, ar Bhoston go deo. Ach ní bheidh a fhios cén toradh a bheas ar an gcomórtas mór seo go dtí 2018 agus tá coimhlint ghéar ann.

Ní cosúil go bhfuil an choimhlint chomh géar ar shráideanna agus i mbruachbhailte Bhoston i bhfeachtas toghcháin an Mhéara. De réir na bpobalbhreitheanna, tá an Méara Walsh go mór chun tosaigh ar an bhfear atá ina aghaidh, an Comhairleoir Cathrach, Tito Jackson. Go deimhin, deimhníodh gur amhlaidh an scéal sa réamhthoghchán an mhí seo caite. Bhí ceathrar san iomaíocht an uair sin agus faoi chóras toghchánaíochta chathair Bhoston, b’éigean beirt acu a chur as an gcomhaireamh sa gcaoi agus nach mbeadh fanta ach beirt sa toghchán. Marty Walsh a thug 63% den vóta leis, fuair Jackson 29%. Is iadsan atá san iomaíocht dheiridh agus tá an ghaoth i seolta fhear Chonamara.

Ach, ní raibh duine ar bith san Expo Centre ag lagan ar na maidí Déardaoin seo caite.

Teastaíonn maide seacht dtroithe ar airde faoi chuile chomhartha agus tá an carnán acu ag méadú. Tuilleadh adhmaid, tuilleadh cláracha, tuilleadh tairní agus tuilleadh comharthaí. Daoine eile ag gabháil ar mhéarchláir ríomhairí. Anseo a mhúsclaítear na vótóirí.

John Laddt atá ina stiúrthóir ar an bhfeachtas. Truslóg thar an tairseach agus éascaíocht na hóige ina chuid siúil. Is é a chloch nirt é má tá deich mbliana fichead slánaithe aige. D’oibrigh sé i bhfeachtas Marty Walsh i gceantar Allston den chathair in 2013. Leis an Méara a d’oibrigh sé ó shin i leith. Ar cheann de na dualgais a bhí air sa phost sin, bhí cumarsáid leis an bpobal faoi chúrsaí éagsúla forbartha. Tá dualgas eile air anois – feachtas an Mhéara a thabhairt slán go ceann scribe ar an 7 Samhain.

Thuas in Halla na Cathrach, tá béim leagtha ar an lear mór daoine óga atá i mBoston agus in Massachusetts sa gcáipéis atá le dhul go comhlacht Amazon an Déardaoin seo. Meabhraíodh do Amazon go bhfuil oideachas agus oiliúint den chéad scoth ar chuimse acu, dírítear aird ar na coláistí móra, cáiliúla atá in aice láthair. Is den ghlúin sin é John Laddt, a bhfuil sruth láidir d’fhuil na hÉireann ina chuid féitheacha ar thaobh a mháthar.

Céimí é Laddt de chuid Boston University. An bhliain ar thosaigh sé ansin, bhí 30,000 iarratas acu ó dhaoine óga a bhí ag iarraidh a dhul ag staidéar ann; níor glacadh ach le 2,500 – duine as chuile dháréag. Duine meabhrach, cumasach é ach fanann sé ar an gcúlsráid. Ní bhacann sé le grianghraif de féin. 

Cén cur síos a dhéanfadh seisean ar thréithe an Mhéara Walsh?

“He relates very will to people; he is a ‘neighbourhood guy’ who is really interested in people’s lives and difficulties and it always comes through,” an breithiúnas a thug John Laddt. Dúirt Laddt go raibh cruinniú acu le gairid agus gur fhiafraíodar den Mhéara cén oidhreacht nó cén cháil ba mhaith leis a fhágáil ina dhiaidh i mBoston. “Tá mé ag iarraidh an saol a fheabhsú i measc chuile phobal sa gcathair seo,” a deir an Méara “agus tá mé ag iarraidh a nglór a chloisteáil.”

Ach is maith is eol do dhaoine nach ar do cháil mar ‘neighbourhood guy’ a bhailíonn tú beagnach $4.5 milliún isteach i do chiste toghchánaíochta, an lear airgid is mó riamh a bhailigh Méara ar bith i mBoston. Tá a chosán siúlta go stuama ag Marty Walsh ó ghlac sé ceannas ar cheann de chathracha móra, stairiúla Mheiriceá ceithre bliana ó shin. Bhí daoine ann a shíl go mbéarfadh a chúlra mar cheannasaí ceardchumainn air agus go dtaobhódh sé an iomarca leis an lucht oibre. Ach, cé nár thréig sé a bhunáit i measc an lucht oibre riamh, níor chuir Walsh fiacail ina chuid cainte nuair a b’fhacthas dó go raibh éileamh ar bhuntáistí agus airgead ag dul thar fóir. Ní raibh drogall ar bith air agus go deimhin, bhí a thuiscint ar an gcumarsáid idir ceardchumainn agus lucht gnó ina buntáiste aige. Bhí sé i lár an aonaigh agus d’oibrigh sé go cumasach nuair a tugadh ceanncheathrú an chomhlachta General Electric chun na cathrach. 

Go deimhin, tá an luí atá ag lucht gnó agus forbartha leis an Méara le tabhairt faoi deara sna síntiúis mhóra atá tugtha dá chiste toghchánaíochta agus níl aon chúlú ach oiread ar na síntiúis ó cheardchumainn.

Tá 12,000 troigh cearnach in oifigí toghcháin seo Marty Walsh agus tá os cionn scór oibrí ar phá ann. Beidh ceithre nó cúig cinn d’oifigí eile acu ar fud na cathrach. Ach, den chuid is mó is oibrithe deonacha atá ar dualgas – ag fanacht go dtiocfaidh an glaoch agus go ngéarófar go láidir ar an bhfeachtas sa gcoicís dheireanach.

Tá Tomás Ó Conaire agus Peter Ó Máille as Ros Cíde tagtha isteach. An bhfuil aon bhlas le déanamh? Is gearr go mbeidh. Tuilleadh cláracha agus tuilleadh fógraí le bualadh orthu: ‘Marty Walsh for Mayor of Boston’. 

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó BHOSTON: Fuadar faoi fheachtas Marty Walsh agus muintir Chonamara ina lár'