TUAIRISC Ó BARCELONA: An Chatalóinis faoi bhrú agus í thíos le naimhdeas na Spáinne

Tá ár gcomhfhreagraí in Barcelona faoi láthair mar a bhfuil tuarascáil nua foilsithe a thugann éachtaint ar an mbrú atá ar theanga na Catalóine

TUAIRISC Ó BARCELONA: An Chatalóinis faoi bhrú agus í thíos le naimhdeas na Spáinne

Dar le tuarascáil a foilsíodh in Barcelona an tseachtain seo, tá an Chatalóinis faoi bhrú déimeagrafach i bhformhór na n-áiteanna ina labhraítear í agus sa Spáinn féin tá sí faoi léigear ag polasaithe naimhdeacha an stáit.

Scríobhtar san Informe sobre la llengua catalana (‘Tuarascáil faoin gCatalóinis’) gurb ionann brú déimeagrach agus ‘staid shocheangeolaíoch laistigh de chomhthéacs mífhabhrach maidir le heolas poiblí ar an teanga agus cearta chun í a úsáid’. Is ionann an staid sin agus ‘brú leanúnach ó theangacha eile agus cur isteach normatach a théann go han-láidir i gcoinne úsáid na teanga’. Tá an tuarascáil seo á foilsiú gach bliain ó 2006 agus is comhfhiontar í faoi stiúir an ghréasáin taighde Xarxa Cruscat i bpáirt le heagraíochtaí deonacha a shaothraíonn ar son na Catalóinise.

Seachas sa Chatalóin féin, labhraítear an Chatalóinis i ndeisceart na Fraince, Andóra, Aragó, València, na hOileáin Bhailéaracha agus L’Alguer, cathair sa tSairdín. Meastar go bhfuil níos mó ná 9 milliún cainteoir Catalóinise ann, a bhformhór mór sa Chatalóin féin, atá ar cheann de ‘phobail fhéinrialaitheacha’ na Spáinne. Scríobhtar sa tuarascáil go bhfuil an dul chun cinn is suntasaí déanta ag an gCatalóinis in Andóra, an phrionsacht bheag bhídeach ar theorainn na Fraince agus na Spáinne áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil.

Sna críocha atá faoi dhlínse na Spáinne, áfach, tá an Chatalóinis thíos le polasaithe an stáit lárnaigh, a mhaítear sa tuarascáil. Tá ‘naimhdeas freasúrach láidir’ léirithe ag an Ard-Chúirt Bhunreachtúil i leith Reacht Féinrialach na Catalóine, an comhaontú bunreachtúil idir Barcelona agus Maidrid a shocraíonn rialacha institiúideacha na Catalóine. Cé go bhfuil tacaíocht láidir ag an gCatalóinis ón Generalitat (an rialtas réigiúnda) ó 2010 i leith, tá srian curtha ag an gCúirt le cumhachtaí polaitiúla na Catalóine i réimsí áirithe rialtais, cúrsaí teanga ina measc. Tá tacaíocht pholaitiúil ag an gCúirt ó pháirtithe coimeádacha na Spáinne agus bíonn binb mhillteach san allagar idir Maidrid agus Barcelona go minic. Dar le húdair na tuarascála, is í an Spáinn an t-aon stát san Aontas Eorpach a dhiúltaíonn aitheantas iomlán oifigiúil ag leibhéal an stáit nó an Aontais Eorpaigh a thabhairt do theanga a bhfuil an oiread cainteoirí aici is atá ag an gCatalóinis. Tá gluaiseacht ar son an neamhspleáchais ag bailiú nirt ó 2010 agus ghlac parlaimint na Catalóine le rún anuraidh chun tús a chur le próiseas oifigiúil neamhspleáchais. 

“Tá an-chion ag muintir na Catalóine ar a dteanga agus fonn láidir orthu í a chothú agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile,” a dúirt Joan Pujolar, ollamh le sochtheangeolaíocht ag an Universitat Oberta de Catalunya. “Tá athrú tagtha ar labhairt na teanga anseo toisc gur tharla an oiread inimirce ó dheisceart na Spáinne agus ó Mheiriceá Laidineach le caoga nó seasca bliain anuas agus anois tá pobal mór againn arb í an Spáinnis a ngnáth-theanga labhartha. Níor thréig na Catalónaigh a dteanga ach tá tuairim ann go bhfuil an Spáinnis ag bailiú nirt. Go pearsanta níl aon mhilleán á chur agamsa ar inimircigh; dlúthchuid den saol is ea an imirce agus bheadh rud éigin an-chearr leis an tír nach mbeadh daoine ag teacht isteach inti. Sa Chatalóin is léir go bhfeictear d’inimircigh go bhfuil an Chatalóinis riachtanach dóibh agus go minic is mian leo go bhfoghlaimeodh a gclann í. Cuireann imircigh go mór le neartú na teanga mar foghlaimíonn go leor acu í.”

Tá taighde ar siúl ag an Oll. Pujolar ar ‘nuachainteoirí’ na Catalóine, daoine a labhraíonn an teanga go rialta agus go líofa í ach nach í a dteanga dhúchais í. “Úsáideann tuairim is 75 faoin gcéad den phobal an Chatalóinis go rialta ach ní cainteoirí dúchais iad 40 faoin gcéad acu sin,” a dúirt sé. “Mura mbeadh na nuachainteoirí (nous parlants) seo ann bheadh an Chatalóinis i ndrochstaid ar fad agus is ar éigean a d’fhéadfaí a mhaíomh gur teanga phobail a bheadh inti in aon chor.”

Mar a dúradh sa tuarascáil, tá ceist na Catalóinise fite fuaite le neamhspleáchas na Catalóine. Tá Joan Pujolar den tuairim nach gá neamhspleáchas i gcónaí chun teanga a chosaint ach ní chreideann sé gur féidir a leithéid a dhéanamh sa Chatalóin i bhfianaise pholasaithe na Spáinne. “Is í an difríocht is mó idir sinne agus Quebec, an Bheilg agus an Eilbhéis ná go bhfuil an stát ag éirí i bhfad níos naimhdí i leith na Catalóinise. Tá rialtas na Spáinne agus an reachtaíocht ag gníomhú inár gcoinne agus ní dóigh liom go mbeidh an Chatalóinis inmharthanach má fhanann an Chatalóin laistigh den Spáinn. Tá stát na Spáinne ag éirí ciníoch agus tá páirtithe den eite dheis a chuireann náisiúnachas Spáinneach chun cinn ag dul i neart. B’fhéidir go mbeidh an neamhspleáchas riachtanach chun an Chatalóinis a thabhairt slán, sa Chatalóin féin ar a laghad.”

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó BARCELONA: An Chatalóinis faoi bhrú agus í thíos le naimhdeas na Spáinne'

  • Breathnóir

    Is ábhar buartha é go mbeadh teanga a bhfuil na milliúin cainteoirí aici i mbaol. Ní tuar maith é sin do thodhchaí na Gaeilge…

  • Lillis Ó Laoire

    Tá an Chatalóinis imithe i léig go mór in Alghero na Sairdíne:

    https://www.nytimes.com/2016/11/21/world/europe/catalan-italy-alghero.html?_r=1

  • Tomaí

    Ní dhéarfainn, a Bhreathnóir, go bhfuil an Chatalóinis i mbaol ach tá brú áirithe uirthi. Sin ráite, tá sí le feiceáil agus le cloisteáil go tréan agus go forleathan fós. Aithne agam ar roinnt mhaith daoine sa Chatalóin a tógadh leis an Spáinnis ach a labhraíonn an Chatalóinis lena gcairde srl. Is dócha, áfach, gur fíor don ollamh thuas a deir go mbeidh todhchaí níos fearr ag an teanga i stát neamhspleách Catalónach.