Tuairisc.ie ag glacadh múnla dátheangach chuige féin

'Is chun leas na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge an múnla dátheangach seo, ach tabharfar tús áite i gcónaí do chroí-ábhar Gaeilge an tsuímh'

Report.ie

Beidh Tuairisc.ie ina seirbhís nuachta dhátheangach feasta.

I ráiteas a d’eisigh Tuairisc Bheo Teo, dúradh go mbeidh ábhar i nGaeilge agus i mBéarla ar Tuairisc.ie as seo amach ar mhaithe le breis léitheoirí a mhealladh chun an tsuímh.

Cuirtear tús maidin inniu leis an tseirbhís dhátheangach le leagan Béarla den cholún is déanaí le hAntain Mac Lochlainn.

Tráthúil go maith, baineann ‘Friotal’ na seachtaine seo le cúrsaí aistriúcháin.

Dúradh sa ráiteas ón gcomhlacht ar leis Tuairisc.ie go dtabharfadh an straitéis dhátheangach nua “rochtain éasca” do léitheoirí nua ar ‘chroí-ábhar’ Gaeilge an tsuímh gan “cur isteach” ar “chroíphobal” na seirbhíse, is é sin, “pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Tugadh le fios go mbeadh an branda Report.ie in úsáid in éineacht leis an mbranda Tuairisc.ie feasta ar an suíomh nuachta ar bhronn Foras na Gaeilge conradh ceithre bliana air i bhfómhar na bliana seo caite.

Dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir Tuairisc.ie, agus duine de stiúrthóirí Tuairisc Bheo Teoranta, nach “gan dua ná allas” a thángthas ar an gcinneadh cur chuige dátheangach a chur i bhfeidhm.

“Ní raibh sé furasta teacht ar an gcinneadh seo ach táimid sásta go bhfuil an cinneadh ceart déanta againn ar son Tuairisc.ie agus ar son na teanga.

“Is chun leas na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge an múnla dátheangach seo, ach tabharfar tús áite i gcónaí do chroí-ábhar Gaeilge an tsuímh,” a dúirt eagarthóir Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Tuairisc.ie ag glacadh múnla dátheangach chuige féin'

  • Pól MacUnfraidh

    Scéal earraigh maith :-)

  • Bríd

    An chéad lá d’Aibreán?

  • Ben

    Lá na n-amadán?!

  • Ruth Ní Shiadhail

    Botún millteanach agus masla dúinne atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.

    • Ruth Ní Shiadhail

      Tuigim anois – amadán Aibreán!!

  • John Seán

    Sibh dátheangach ó thús. Gaeilge chonamara agus Gaeilge na leabhar!

    • Kevin Hickey

      A chara,

      Meabhraímis duit an bhunriail a bhaineann leis an bhfóram plé seo: nach gcumfaí cuntas bréagach ríomhphoist chun clárú linn.

      Maidir lena bhfuil ráite agat faoi ‘Gaeilge na leabhar’ a bheith ag Seosamh Ó Cuaig, Antain Mac Lochlainn, Dara Ó Cinnéide, Alan Titley, Máire Ní Fhinneadha, Mártan Ó Ciardha, Seán Mac an tSíthigh, Póilín Ní Chiaráin, Cathal Mac Coille – gan ach cuid de na scríbhneoirí againn a lua – glacaim leis gur mar mhagadh ar Lá na nAmadán a tháinig tú chugainn agus an méid sin á mhaíomh agat!

      KH

      • Colmán

        Níl a dhath ar bith cearr le Gaeilge na leabhar nuair is pobal uile na hÉireann atá tú ag freastal. Ní dóigh liom gur nuacht réigiúnach Chonamara atá i gceist le tuairisc.ie cé go mbíonn an cuma sin air in amanna.

  • Páid Ó Donnchú

    An ceart ar fad agat Kevin. Agus ba cheart JohnSeán Johnny Curran (Seán Ó Cuirreáin) seoladh ephost cheart a fháil dó féin.

  • Colmán

    *nuair is pobal uile na hÉireann atá tú ag freastal air.

  • Seoirse

    Súil le dia agam gur amadán aibreán é seo…..