Tuairisc Bheo: Toghchán Thuaisceart Éireann

Bhí Maitiú Ó Coimín i bhfeighil @tuairiscnuacht le linn an chomhairimh aréir. Féach thíos an tuairisc bheo a thug sé ar an toghchán

beothuairisc Olltoghch

05.42        Sin a bhfuil uainn don oíche anocht. Beidh tuilleadh faoin Olltoghchán ar Tuairisc.ie amárach. Codladh sámh a chairde. Oíche mhaith.

05.36        Na baill tofa do Thuaisceart Éireann:

  • Gleann an Lagáin: Jeffery Donaldson DUP
  • Tír Eoghain Thiar: Pat Doherty SF
  • Feabhail: Mark Durkan SDLP
  • Aontroim Thuaidh: Ian Paisley DUP
  • Baile Loch Cuan: Jim Shannon DUP
  • Aontroim Theas: Danny Kinahan UUP
  • An Dún Thuaidh: Sylvia Hermons (neamhspleách)
  • An Bhanna Uachtair: Jo-Anne Dobson DUP
  • Béal Feirste Thoir: Gavin Robinson DUP
  • Béal Feirste Thiar: Paul Maskey SF
  • Béal Feirste Thuaidh: NIgel Dodds DUP
  • Béal Feirste Theas: Alasdair McDonnell SDLP
  • Ulaidh Láir: Francie Molloy SF
  • An Dún Theas: Margaret Ritchie SDLP
  • Doire Thoir: Gregory Campbell DUP
  • Fear Manach/Tír Eoghain Theas: Tom Elliot UUP
  • Iúr Chinn Trá/Ard Mhacha: Mickey Brady SF

05.33        Iúr Chinn Trá & Ard Mhacha: Sinn Féin – Mickey Brady

05.31        Mar a sheasann cúrsaí in Olltoghchán na Breataine : Páirtí an Lucht Oibre (157), Na Caomhaigh (148), Páirtí Náisiúnach na hAlban (53), DUP (8), Na Daonlathaithe Liobrálacha (6), Plaid Cymru (3), Sinn Féin (3), SDLP (3) agus UKIP (1)

05.22        Níl le fógairt anois ach Iúr Chinn Trá & Ard Mhacha. Tá súil againn go bhfuil sibh fós linn.

05.17        Torthaí Shasana go dtí seo: Na Caomhaigh (122 – 38%), Páirtí an Lucht Oibre (120 – 35.6%), UKIP (1 – 13.8%), Na Daonlathaithe Liobrálacha (4 – 7.7%), Na Glasaigh (0 – 4%).

05.14        Fear Manach/Tír Eoghain Theas: UUP – Tom Elliot.

05.12        Torthaí na hAlban go dtí seo: Páirtí Náisiúnach na hAlban (50 – 50.8%), Na Caomhaigh (1 – 5.5%), Na Daonlathaithe Liobrálacha (1 – 1.5%), UKIP (0 – 1.5%), Na Glasaigh (0 – 1.4%)

05.07        16/18 suíochán buaite. 29.8% DUP (8) 21.5% SF (3) 13.8% SDLP (3) 12.2% UUP (1) 9.7% Comhaontas 3% UKIP. Neamhspleách amháin.

04.37        An bhfuil sibh fós linn? Fear Manach & Tír Eoghain Theas agus Iúr Chinn Trá fós le theacht. Fear Manach/Tír Eoghain á sheiceáil faoi láthair.

04.33        An chéad suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre in Albain buaite acu i nDún Éideann Theas.

04.32        An toghlach ar fad: PLO (87), Caomhaigh (52), SNP (41) DUP (7) Daonlathaithe Liobrálacha (3), grúpaí eile (9).

04.29        Sasana: PLO 66, Caomhaigh 45, Daonlathaithe Liobrálacha 1. 421 suíochán fós le buachan.

04.27        An Bhreatain Bheag: PLO (21), Na Caomhaigh (7), Plaid Cymru (3) Daonlathaithe Liobrálacha (1). 8 suíochán fós le buachan.

04.26        Albain: SNP 42 suíochán. Daonlathaithe Liobrálacha 1 suíochán. 17 suíochán fós le buachan.

04.23        Doire Thoir: DUP – Gregory Campbell.

04.22        3 suíochán fós le buachan i TÉ anocht: Doire Thoir, Fear Manach & Tír Eoghain Theas agus Iúr Chinn Trá & Ard Mhacha. Fanaigí linn.

04.19        An Dún Theas: SDLP – Margaret Ritchie

04.15        Ulaidh Láir: Sinn Féin – Francie Molloy.

04.07        Á mhaíomh gur ag an SDLP a bheas An Dún Theas…

04.02       An t-aon suíochán nach bhfuair an SNP in Albain, is ag na Daonlathaithe Liobrálacha atá sé. Inse Orc agus Inse Shealtainn.

03.58        13/18 suíochán buaite. 32.2% DUP (7) 18.8% SF (2) 11.9% UUP (1) 11.6% SDLP (2) 11% Comhaontas 2.9% TUV. Neamhspleách amháin

03.49        Béal Feirste Theas: SDLP – Alasdair McDonnell

03.49        Beidh toradh againn ó Bhéal Feirste Theas gan mhoill…

03.44        Suíocháin na Breataine Bige go dtí seo (26/40): PLO 17, Caomhaigh 5, Plaid Cymru 3, Daonlathaithe Liobrálacha 1.

03.41        Gach suíochán go dtí seo ag an SNP in Albain. Os cionn 20 fós le fógairt.

03.35        12/18 suíocháin buaite. 33% DUP (7) 19.2% SF (2) 12.1% UUP (1) 10.5% Comhaontas 10.5% SDLP (1) 3.2% TUV. Neamhspleách amháin.

03.30        Béal Feirste Thuaidh: DUP – Nigel Dodds.

03.25        Doire Thoir, An Dún Theas, Fear Manach & Tír Eoghain Theas, Ulaidh Láir, Iúr Chinn Trá & Ard Mhacha, BF (U) agus BF (E) fós le theacht

03.09        Tuairiscítear gur ag Alasdair McDonnell atá Béal Feirste Theas. Tada deimhnithe.

03.07        11/18 suíocháin buaite. 31.7% DUP (6) 17.8% SF (2) 13.3% UUP (1) 10.8% Comhaontas 10.7% SDLP (1) 3.5% TUV. Neamhspleách amháin.

03.04        Béal Feirste Thiar: Sinn Féin – Paul Maskey.

02.54        10/18 suíocháin buaite. 33.9% DUP (6) 14.4% SF (1) 14.3% UUP (1) 11.6% Comhaontas 10.7% SDLP 3.8% TUV. Neamhspleách amháin.

02.47        Béal Feirste Thoir: DUP – Gavin Robinson.

02.41        Toradh ó Bhéal Feirste Thoir le theacht i gceann 10 nóiméad. An chosúlacht air gur ag an DUP a bheas an suíochán.

02.39        Táimid ag fanacht ar Dhoire Thoir, Ulaidh Láir, Fear Manach & Tír Eoghain Theas, Iúr Chinn Trá & Ard Mhacha, An Dún Theas agus BF 1-4.

02.37        Aontroim Thoir: DUP – Sammy Wilson.

02.33        Suíocháin an Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) go dtí seo: Aontroim Theas.

02.32        Suíocháin an Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre (SDLP) go dtí seo: Feabhail.

02.31        Suíocháin Shinn Féin go dtí seo: Tír Eoghain Thiar.

02.31        Suíocháin an DUP go dtí seo: Gleann an Lagáin, An Bhanna Uachtair, Aontroim Thuaidh agus Baile Loch Cuan.

02.26        Is í Mháirí Black SNP an MP is óige sa Ríocht Aontaithe. 20 bliain d’aois.

02.23        8/18 suíochán buaite. 31.7% DUP (4) 16.8% SF (1) 15.6% UUP (1) 12.7% SDLP (1) 7.3% Comhaontas 4.1% TUV.

02.19        An Bhanna Uachtair: DUP – Jo-Anne Dobson.

02.12        7/18 suíochán buaite. 31.5% DUP (3) 15.4% SF (1) 13.4% UUP (1) 7.9% Comhaontas 4.8% TUV.

02.10        An Dún Thuaidh: Neamhspleách – Sylvia Hermon.

02.03        Aontroim Theas: UUP – Danny Kinahan

02.00        5/8 suíochán buaite. 30.8% DUP (3) 22.1% SF (1) 18.8% SDLP (1) 11.7% UUP 6.1% Comhaontas 5.4% TUV.

01.57        Baile Loch Cuan: DUP – Jim Shannon.

01.47        4/18 suíochán buaite. 26.3% DUP (2) 25.7% SF (1) 23.1% SDLP (1) 11.6% UUP 6.3% Comhaontas 2.6% UKIP

01.45        Aontroim Thuaidh: DUP – Ian óg Paisley

01.44        Feabhail: SDLP – Mark Durkan

01.41        Tír Eoghain Thiar: Sinn Féin – Pat Doherty

01.31        Táthar ag súil le toradh ó Fheabhail i gceann 10 nóiméad…

01.25        1/18 suíochán buaite i TÉ. 47.9% DUP 15.2% UUP 13.9% Comhaontas 6.3% SDLP 5.5% UKIP 4.7% TUV.

01.22        Lagán = DUP, Jefferey Donaldson.

01.18        Tinreamh 55.51% in Aontroim Thuaidh, a thuairiscítear ón ionad comhairimh.

01.12        Toradh ó BF Thoir agus Gleann an Lagáin i 15 nóiméad. Tír Eoghain Thiar an-luath freisin.

01.08        UUP chun cinn in Aontroim Theas, a mhaítear. Níl toradh críochnúil ann go fóill.

00.59        10-15 nóiméad le dul roimh thorthaí Thír Eoghain Thiar agus Aontroim Thoir a deirtear.

00.20        Táimid ag súil leis an 1ú toradh ón toghchán i dTuaisceart Éireann i gceann 40 nóiméad nó mar sin. Fanaigí linn.