TUAIRISC BHEO! An toradh deireanach istigh i dToghchán an Tionóil 2017…

Tuairiscíodh go raibh daoine i mbun vótála ‘go seasta’ ó mhaidin inniu sa dara toghchán tionóil ó thuaidh le deich mí anuas. Bí linn inniu dár dtuairisc bheo…

TUAIRISC BHEO! An toradh deireanach istigh i dToghchán an Tionóil 2017…

03.19 Tá Clare Bailey tofa don Chomhaontas Glas i mBéal Feirste Theas agus gach aon cheann den 90 suíochán anois líonta. I dtús an lae, d’fhógair Conradh na Gaeilge bua stairiúil san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus anois agus deireadh leis an gcomhaireamh toghcháin, tá tráchtairí aitheanta ag cur síos ar lá stairiúil i stair na hÉireann.

Is cinnte gur lá iontach a bhí ann do Shinn Féin agus gur lá réasúnta maith a bhí ann don SDLP agus don pháirtí Alliance. Fiú más ar éigean é, tá an DUP fós ar an bpáirtí is mó, ach níl aon amhras ach gur drochlá a bhí ann dóibh agus dá gceannaire Arlene Foster agus gan oiread na fríde anois idir iad féin agus Sinn Féin. Drochlá amach is amach a bhí ann don aontachtas trí chéile, áfach, agus a móramh caillte ag aontachtóirí den chéad uair riamh. Is léir nár chun leas an UUP a bhí an socrú maidir le vótaí aistrithe a rinneadh leis an SDLP.

Seo an toradh deireanach, mar sin, agus go raibh maith agaibh as a bheith linn.

(90/90 suíochán líonta)

28 DUP

27 SF

12 SDLP

10 UUP

8 ALL

1 PBP

1 NS

1 TUV

2 CG


2.09 Na torthaí is déanaí…

Christopher Stalford (DUP) tofa i mBéal Feirste Theas. Tá Claire Bailey (CG) agus Michael Henderson (UUP) anois san iomaíocht don suíochán deireanach i dToghchán an Tionóil 2017.

Ó bhíomar ag caint go deireanach, toghadh John Dallat (SDLP), Caoimhe Archibald (SF)  i nDoire Thoir agus Robin Newton an DUP i mBéal Feirste Thoir.

Staid na himeartha agus 89/90 suíochán líonta: 28 DUP, 27 SF, 12 SDLP, 10 UUP, 8 ALL, 1 PBP, 1 NS, 1 TUV, 1 CG.


01.09 Agus eagrán an lae amáraigh den nuachtán céanna…


00.50


00.45


00.01 Gary Middleton (DUP) tofa san Fheabhal. Cúig shuíochán le líonadh fós. Sinn Féin agus an DUP gob ar ghob agus 26 suíochán ag an dá pháirtí.


23.55 Na torthaí is déanaí

Ceathrar eile tofa don DUP: George Robinson agus Maurice Bradley i nDoire Thoir, Joanne Bunting (DUP) i mBéal Feirtse Thoir agus Edwin Poots, iar-aire cultúir eile a mbeadh aithne mhaith ag lucht na Gaeilge air, tofa i nGleann an Lagáin.

Bua gan choinne ag Pat Catney agus an SDLP i nGleann an Lagáin. Cailiúint mhór eile don DUP. Nichola Mallon tofa don SDLP chomh maith i mBéal Feirste Thuaidh.

Carál Ní Chuilín agus Gerry Kelly tofa do Shinn Féin i mBéal Feirste Thuaidh.

Andy Allen (UUP) tofa i mBéal Feirtse Thoir.


23.10 Creideann Jim Allister (TUV), a toghadh in Aontroim Thuaidh gur ‘hobby language’ í an Ghaeilge nach bhfuil ‘aon fheidhm phraiticiúil’ ag baint léi. Éist leis anseo má tá an goile agaibh chuige an t-am seo den oíche. Tá droch-cháil ó thaobh na Gaeilge chomh maith ar Peter Weir, an t-iar-aire oideachais ar toghadh don DUP anocht i Loch Cuan é.


23.01  Staid na himeartha agus gan ach 15 den 90 suíochán fós le líonadh. Sinn Féin (24), DUP (21), UUP (9), SDLP (9), Alliance (8), PbP (1), Comhaontas Glas (1), NS (1) agus TUV (1).


22.53 Na torthaí is déanaí.

Stephen Agnew tofa don Chomhaontas Glas i nDún Thuaidh.

Ceathrar eile tofa don DUP: William Humphrey i mBéal Feirste Thuaidh, Peter Weir i Loch Cuan agus Paul Frew agus Mervyn Storey in Aontroim Thuaidh.

Claire Hanna (SDLP) agus Paula Bradshaw tofa do pháirtí an Alliance i mBéal Feirste Theas.

Declan McAleer (SF) tofa i dTír Eoghain Thiar.

Jim Allister, ceannaire TUV, tofa in Aontroim Thuaidh.

21.35 Na torthaí is déanaí.

Chris Lyttle (Alliance) tofa i mBéal Feirste Thoir.

Mark H Durkan (SDLP) tofa san Fheabhal.

Dolores Kelly (SDLP) tofa sa Bhanna Uachtair.

Declan McAleer (SF) tofa i dTír Eoghain Thiar.

Clare Sugden (NS) tofa i nDoire Thoir.

David Ford (Alliance) tofa in Aontroim Theas. Rosemary Barton (UUP) tofa i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas.

Seán Lynch (SF) tofa i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. Philip McGuigan (SF) tofa i Aontroim Thuaidh.

Daniel McCrossan (SDLP) tofa i dTír Eoghain Thiar.

Michelle Gildernew (SF) agus Jemma Dolan (SF) tofa i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas.

21.22 A shuíochán caillte ag Maurice Morrow, cathaoirleach an DUP, i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. Buille don pháirtí agus d’Arlene Foster.


20.15 Tá a shuíochán caillte ag Nelson McCausland (DUP) i mBéal Feirste Thuaidh. Is ar éigean a shilfear aon deora i measc lucht na Gaeilge óir bhí an t-iar-aire cultúir ar dhuine de na polaiteoirí ba ghlóraí i gcoinne na teanga in Éirinn. Is minic a chuid tuairimí faoin nGaeilge curtha in iúl aige ar a cholún ar an Belfast Telegraph. Mháigh sé le linn an toghcháin go gcosnódh Acht Teanga £100 milliún in aghaidh na bliana, maíomh a bhí bunaithe ar eolas míchruinn. Deir Póilín Ní Chiaráin ar RTÉ RnaG go mbeidh ‘Gaeilgeoirí trína chéile’ faoin scéal is déanaí ó Bhéal Feirste agus, táimid ag glacadh leis, a teanga ina pluc aici agus í á rá.


 19.48 Michelle McIlveen (DUP) agus Mike Nesbitt (UUP) tofa i Loch Cuan. Ba í McIveen a d’athraigh ainm na loinge ó ‘Banríon Uladh’ go ‘Queen of Ulster’ agus í ina hAire Talmhaíochta anuraidh. Thug Mike Nesbitt le fios anocht go mbeidh sé ag éirí as ceannaireacht an UUP amárach.


19.40 John O’Dowd (SF) tofa sa Bhanna Uachtair. Bhí O’Dowd ina Aire Oideachais go dtí 2016 agus cháin an DUP go géar é le linn an fheachtais toghcháin anuraidh mar gheall ar an méid a rinne sé don Ghaelscolaíocht. Tháinig Peter Weir i gcomharbacht air agus thuill seisean go leor cáineadh ó lucht na Gaelscolaíochta.


19.30 Gordon Lyons, DUP, tofa in Aontroim Thoir.


19.25 ‘Reifreann ar an nGaeilge a bhí anseo chomh maith,’ a deir Máirtín Ó Muilleoir (SF) agus é faoi agallamh ag Nuacht TG4. ‘Vóta ar son an chomhionannais agus in aghaidh na caimiléireachta a bhí ann,’ a deir sé. Dúirt Patsy McGlone (SDLP) nach raibh sé ‘cinnte’ an botún a bhí sa socrú leis an UUP maidir le vótaí a aistriú, ach deir sé gur iarracht a bhí ann imeacht ón ‘sectarian bunfight’.


18.50 I measc na bpolaiteoirí mór le rá a bhfuil an cath caillte cheana acu, tá Alex Atwood an SDLP agus Danny Kennedy, leascheannaire an UUP. Deir Atwood go bhfuil ‘díomá’ air ach nach bhfuil sé ‘croíbhriste amach is amach’ (‘extravagantly disappointed’).


18.45 Jim Wells, DUP, tofa sa Dún Theas.


18.25 An t-iartheachta de chuid an DUP,  Jonathan Bell, a sheas mar neamhspleách an babhta seo, curtha as an áireamh ar an seachtú comhaireamh i Loch Cuan.


18.15 Ceannaire an DUP Arlene Foster tofa i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas agus ceannaire an SDLP, Colum Eastwood tofa san Fheabhal.


18.14  Conas claonadh an vótóra a aithint? Féach ar a gcosa!


18.00 


17.59 Stephen Aiken (UUP) tofa in Aontroim Theas. Tá triúr cainteoirí líofa Gaeilge tofa go dtí seo: Máirtín Ó Muilleoir (SF) Declan Kearney (SF) Barry McIlduff (SF).


17.38 Tá pointe suimiúil ag Pádraig Belton ar sluggerotoole, pointe a bhaineann leis an Achainí ar Bhonn Ábhar Buartha (Petition of Concern). Is ionann an achainí sin agus veto agus baineadh úsáid aisti san Fheidhmeannas deireanach, mar shampla, chun reachtaíocht maidir leis an bpósadh comhghnéis a chur ó mhaith. Teastaíonn 30 teachta chun feidhm a thabhairt don Achainí ar Bhonn Ábhar Buartha. Mar sin, dá dtitfeadh líon na suíochán ag an DUP faoi bhun 30, bheadh cuid dá gcumhacht caillte acu. Ábhar buartha do Arlene Foster a bheadh sa mhéid sin agus bheadh na sceana amuigh di, a deir Pádraig Belton.


17.36 Alex Maskey (SF) agus Gerry Carroll (PBP) tofa i mBéal Feirste Thiar. An chéad suíochán ag PBP.


17.21 Roy Beggs (UUP) agus Stewart Dickson (All) tofa in Aontroim Thoir.


17.18 Sinéad Bradley (SDLP) tofa sa Dún Theas, Conor Murphy (SF) tofa san Iúr/Ard Mhacha agus Simon Hamilton (DUP) tofa i Loch Cuan.


17.16


16:49  Deir Janet Muller, stiúrthóir POBAL, gur ‘breithiúnas dearfach do phobal na Gaeilge’ a bhí i gcinneadh na hArd-Chúirte inniu gur theip ar Fheidhmeannas Stormont a gcuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh le deich mbliana anuas. Deir stiúrthóir POBAL go bhfuil “roinnt ceisteanna gan freagra sa bheithiúnas inniu”.

“Níl ann d’Fheidhmeannas faoi láthair, agus mar sin tuigtear go mbeidh an cheist seo faoi chaibidil i gcainteanna polaitiúla sna seachtainí amach romhainn. An nglacfar leis an straitéis a cuireadh roimh an Fheidhmeannas roimhe seo? An éileoidh na páirtithe nár aontaigh leis na moltaí mórán athruithe? Nó an amhlaidh go mbeidh straitéis úrnua i gceist?  Sa chás sin, cé a bheadh freagrach as moltaí nua a scríobh, cén dearcadh a bheadh acu ar an Ghaeilge, agus cé chomh fada is a glacfaidh sé straitéis nua a chur le chéile?

Dár ndóigh, ní hionann straitéis agus Acht. Plean atá sa straitéis le cuspóirí ar leith a bhaint amach, ach gan reachtaíocht, beidh muid go fóill ag brath ar dhea-thoil. Tá muid thar a bheith sásta faoin chinneadh inniu, ach caithfear a chinntiú chomh maith nach nglacfaidh pobal na Gaeilge le sop in áit na scuaibe – ní leor straitéis, caithfidh Acht láidir cuimsitheach a bheith againn chomh maith, agus sin gan mhoill,” a deir Janet Muller

Seo breith na hArd-Chúirte inniu.


16.30 Beirt tofa do Shinn Féin i Lár Uladh: Linda Dillon (SF) agus Ian Milne (SF).


16.18 Declan Kearney tofa do Shinn Féin in Aontroim Theas.


16.15 Tá Kellie Armstrong tofa d’Alliance i Loch Cuan agus tá Raymond McCartney tofa do Shinn Féin san Fheabhal. Idir an dá linn, tá méadú 4% tagtha ar sciar Shinn Féin den vóta agus 27.9% acu, rud a fhágann beagáinín chun deiridh ar an DUP iad. Tá sciar 28.1% den vóta ag an DUP, laghdú 1.1%. Tá méadú 2.1% ar sciar Alliance den vóta.


15.57 Staid na himeartha anois: Sinn Féin 10, DUP 8, Alliance 2, SDLP 1, UUP 1.


15.55 Megan Fearon (SF) tofa san Iúr/Ard Mhacha.


15.46 An chéad suíochán ag an SDLP buaite ag Justin McNulty san Iúr/Ard Mhacha.


15.38 An líon is mó vótaí i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas ag Arlene Foster ach níl duine ar bith tofa ann fós.


15.34 Is cosúil go bhfuil súil ghéar á coinneáil ar thorthaí an toghcháin san Eilbhéis…


15.30 Tá 20 suíochán as 90 suíochán líonta anois. Sin 22% den Tionól agus Sinn Féin chun tosaigh go dtí seo.


15.25 Carla Lockart (DUP) sa Bhanna Uachtair agus Gordon Dunne (DUP) sa Dún Thuaidh tofa.


15.13 Michaela Boyle tofa i dTír Eoghain Thiar.


15.10 Barry McElduff (SF) tofa i dTír Eoghain Thiar.


15.09 Thomas Buchanan (DUP) tofa i dTír Eoghain Thiar.


15.05 A shuíochán caillte ag Alex Atwood (SDLP) i mBéal Feirste Thiar. Tá sé ar dhuine de na chéad MLAnna le suíochán a chailleadh inniu.


14.55 Chris Hazzard (SF) agus Sinéad Ennis (SF) tofa sa Dún Theas. David Hilditch (DUP) tofa in Aontroim Thoir


14.50 Cáineadh don BBC ach moladh do RTÉ Raidió na Gaeltachta…


14.36 Paul Givan (DUP), an t-iar-aire a raibh baint ag a chinneadh le deireadh a chur le sparánachtaí Gaeltachta Líofa leis an aighneas a chuir deireadh leis an bhFeidhmeannas féin, tofa i nGleann an Lagáin. Cathal Boylan (SF) agus William Irwin (DUP) tofa san Iúr/Ard Mhacha.


14.30 Ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill, tofa i Lár Uladh agus ceannaire Alliance, Naomi Long, tofa i mBéal Feirste Thoir. 


14.25 

Arlene Foster a fuair an líon is mó vótaí i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. De réir tuairiscí, tá Nelson McCausland (DUP), duine de na polaiteoirí is glóraí i gcoinne na Gaeilge in Éirinn i dtrioblóid. Creideann McCausland féin go bhfuil a shuíochán i mbaol. Ach creideann sé chomh maith, i measc rudaí eile, go gcosnódh Acht Teanga £100 milliún in aghaidh na bliana…Tá daoine áirithe ag baint súp as an scéal go bhfuil McCausland i dtrioblóid.


14.05 Tá triúr tofa sa Dún Thuaidh: Alex Easton (DUP), Stephen Farry (All) agus Alan Chambers (UUP). Máirtín Ó Muilleoir an duine is mó a fuair vótaí i mBéal Feirste Theas agus an t-iar-aire airgeadais tofa gan stró do Shinn Féin. Tá Sinn Féin ag cruthú go maith ar fud Bhéal Feirste, de réir tuairiscí. Elisha McCallion tofa don pháirtí sin chomh maith san Fheabhal agus an líon is mó vótaí aici ar an gcéad chomhaireamh.


Michelle O’Neill, Pictiúr: RollingNews.ie/Paul McErlane

13.55  Órlaith Flynn tofa do Shinn Féin i mBéal Feirste Thiar. “Lá maith don daonlathas” a bhí ann inné, a deir ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill. Bhí sí ag tagairt don ardú mór a tháinig ar líon na ndaoine a vótáil. 812,783 duine a chaith vóta, 64.78% de na toghthóirí, an líon is mó daoine a rinne amhlaidh le 14 bliain anuas.


12.45  Tá an scéal mór ón Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu anois á thuairisciú ag na meáin Bhéarla. Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste, ar maidin, gur theip ar Fheidhmeannas Stormont na dualgais reachtúla atá air maidir le cur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh de réir mar a leagadh amach iad i gComhaontú Chill Rímhinn. Díol suime a bheidh ann féachaint cén freagra a thabharfaidh an DUP go háirithe ar an scéal. An ndéarfar gur chuid de Chomhcheilg Idirnáisiúnta na gCrogall atá i gceist? Nó an leanfar sampla Donald Trump?


CONRADH NA GAEILGE V STORMONT: BREITH ‘STAIRIÚIL’ SAN ARD-CHÚIRT


 12.25 Is cosúil go bhfuil an daonlathas á chothú i Lár Uladh, mar a bhfuil súil an tseabhaic á coinneáil ag Áine Ní Bhreisleáin ar chúrsaí do RnaG.


12.05

Tuairiscítear go bhfuil ardú mór tagtha ar líon na ndaoine a chaith vóta inné i gcomparáid le toghchán 2016. 54.9% de thoghthóirí a chaith vóta i dtoghchán na bliana seo caite, ach meastar anois go bhféadfadh gur chaith níos mó ná 60% de na toghthóirí vóta inné agus tá figiúirí níos airde ná sin á dtuairisciú cheana ó thoghcheantair áirithe (féach thíos). D’fhéadfadh gur chun leasa Shinn Féin a bheadh an méadú seo.

Tír Eoghain Thiar: vótaí caite 44,907, céatadán de vótóirí 69.89%

Aontroim Theas: vótaí caite 42,726, céatadán de vótóirí, 62.40%

Aontroim  Thoir, vótaí caite 37,836, céatadán de vótóirí, 60.12%

Aontroim Thuaidh, vótaí caite 48,518, céatadán de vótóirí, 63.22%

Lár Uladh, vótaí caite 50,228, céatadán de vótóirí, 72.38%

Béal Feirste Theas, vótaí caite 43,465, céatadán de vótóirí, 63.96%

Doire Thor, vótaí caite 42,248, céatadán de vótóirí,  62.69%

Béal Feirste Thiar, vótaí caite 40,930, céatadán de vótóirí,  66.76%

Béal Feirste Thoir, vótaí caite 40,828, céatadán de vótóirí, 63.02%

An Feabhal, vótaí caite, 45,317, céatadán de vótóirí,  65.00%

An Dún Thuaidh, vótaí caite 38,174, céatadán de vótóirí, 59.22%

Loch Cuan, vótaí caite 39,239, céatadán de vótóirí,  60.94%


Tá tuairisc bheo anseo againn inniu ar thoghchán an Tionóil ó thuaidh agus beidh na torthaí ar fad ón 18 toghcheantar againn de réir mar a thagann siad isteach. Tuairiscíodh go raibh daoine i mbun vótála ‘go seasta’ ó mhaidin inné  sa dara toghchán tionóil ó thuaidh le deich mí anuas. Meastar gach toghcheantar a bheith ina thoghcheantar imeallach an turas seo mar, murab ionann agus córas Stormont ó 1998 i leith, ní bheidh ach cúigear teachtaí le toghadh i ngach aon cheann de na 18 toghcheantar.


LÉIGH ANAILÍS TUAIRISC.IE AR NA TOGHCHEANTAIR AR FAD


Laghdú is ea é sin ar an líon iomlán teachtaí ó 108 go 90. Cinnteoidh an méid sin go bhféadfadh dianiomaíocht a bheith ann don chúigiú suíochán i ngach ceantar. Ba iad seo na torthaí ar thoghchán an Tionóil i mí na Bealtaine anuraidh. Má roinntear líon na suíochán sin chun iad a chur in oiriúint don 90 suíochán a bheidh ar fáil amárach, seachas an 108 a suíochán bhí ann cheana, seo é an toradh a theastódh le go mbeadh an stádas céanna ag na páirtithe is a bhí acu sular thit Stormont. Tá 228 iarrthóir san iomaíocht don 90 suíochán agus cuireadh tús le comhaireamh na vótaí ag 8am ar maidin.


ANAILÍS RÉAMHTHOGHCHÁIN LE PÓILÍN NÍ CHIARÁIN


Ar ndóigh, bhí ceist na Gaeilge go mór i mbéal an phobail le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, go háirithe ón uair a dúirt ceannaire an DUP, Arlene Foster, nach dtacódh a páirtí go deo le hAcht Gaeilge ó thuaidh agus gur geall le crogaill iad Sinn Féin agus iad ag iarraidh gan stad. Go deimhin, bhí scata crogall ina measc siúd a chaith vóta inné.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO! An toradh deireanach istigh i dToghchán an Tionóil 2017…'

  • Eoin

    Cén uair a bheas an tuairisc bheo ag tosú inniu? Tá fonn orm an t-eolas a alpadh siar mar a dhéanfadh crogall!

  • Seán

    Seirbhís iontach! Bíodh bród oraibh.