TUAIRISC BHEO: Tionchar Brexit ar an nGaeilge á phlé i dTithe an Oireachtais

Tuairisc bheo ar chruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais. Tá ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, POBAL agus Foras na Gaeilge i láthair inniu le labhairt faoin tionchar a bheidh ag Brexit ar chás na Gaeilge in Éirinn

TUAIRISC BHEO: Tionchar Brexit ar an nGaeilge á phlé i dTithe an Oireachtais

18.37 Tá an cruinniú i seisiún príobháideach anois.


18.32 Tá ceist curtha ag Catherine Connolly ar Fhoras na Gaeilge faoin scéal go bhfuil an eagraíocht ag bogadh go ceannáras nua ar Shráid Amiens. Mar fhreagra air sin, dúirt Seán Ó Coinn go raibh deacrachtaí acu maidir le hoifigí nua a aimsiú, rud ba ghá a dhéanamh agus an léas atá acu istigh, ach go raibh “réiteach iontach” aimsithe anois acu. Dúirt Connolly nach raibh sí “sásta” go mbeadh an Foras ag fágáil “foirgneamh poiblí” agus ag dul i muinín an mhargaidh phríobháidigh. Dheimhnigh Seán Ó Coinn go mbeadh cíos níos airde i gceist sa cheannáras nua. Agus deireadh ag teacht  leis an gcruinniú, dúirt sé go mbeadh an Foras sásta bualadh le Catherine Connolly leis an scéal a mhíniú go mion di.


18.25 Braitheann sé ar cén duine atá i gceannas nó i gcumhacht, fiú nuair a bhíonn Acht láidir ann, a deir Peadar Tóibín. Caithfear deireadh a chur leis an “thuas seal, thíos seal” a bhí ann go dtí seo agus Airí a bhí báúil don teanga agus Airí nach raibh báúil don teanga i gcumhacht.


18.19 Níor cheart go mbeadh cainteanna fós ar bun faoi na rudaí seo, a deir Pádraig Ó Tiarnaigh, mar aontaíodh na rudaí seo uilig cheana féin. Tagraíonn sé don chás cúirte a bhí ag Conradh na Gaeilge níos luaithe i mbliana agus do theip Stormont maidir lena straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm.


18.12 Is maith le Janet Muller an meafar a bhí ag Tóibín faoi phósadh. Dúradh go minic go bhfuil tacaíocht ann d’Acht Gaeilge ach níl tacaíocht ann don Acht Gaeilge atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge. Ní leor a rá go bhfuil muid ar son Acht de chineál éigin, caithfear é a leagan síos cén sórt Acht atá uainn, a deir sí. Dúirt sí go bhfuil deis iontach ann anois ó tharla go bhfuil tacaíocht láidir tugtha ag institiúidí idirnáisiúnta do reachtaíocht teanga láidir ó thuaidh, a deir Muller.


18.08 Táthar ann atá den tuairim gur leor “páirtnéireacht shibhialta” do phobal na Gaeilge nuair a theastaíonn “pósadh” ceart uathu, a deir Tóibín, agus é ag caint faoi Acht lag Gaeilge.


18.06 Tá sé “dochreidte” go bhfuil muid fós ag caint faoi Acht Gaeilge ó thuaidh nuair a aontaíodh é i gComhaontú Chill Rímhinn agus Comhaontú Aoine an Chéasta, a deir Peadar Tóibín, atá díreach tagtha isteach.


18.03 Béim á leagan ag an Seanadóir Joe O’Reilly ar na himpleachtaí a bheadh ag an mBreatimeacht ar chúrsaí oideachais, idir dhaltaí an Tuaiscirt a bhíonn ag taisteal chun na Gaeltachta, agus daltaí i gceantar na teorann a bhíonn ag dul ó dhlínse go dlínse gach lá.


18.01 B’fhéidir go gcaithfear díriú ar an bpobal ó thuaidh nach bhfuil ag foghlaim na Gaeilge, a deir Éamon Ó Cuív.


18.00 Den chéad uair riamh, a deir Pádraig Ó Tiarnaigh, tá móramh na bpolaiteoirí a toghadh go Tionól Stormont i bhfabhar Acht Gaeilge “i bprionsabal”.


17.57 Janet Muller ag rá go gcaithfear an seicteachas a sheachaint agus reachtaíocht teanga a thabhairt isteach. Molann sí an obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge le deireanas. Deir sí nach leor Acht “lag nó easnamhach”.


17.54 Deir de Spáinn go mbeadh sé an-chabhrach dá mbeadh an Coiste Gaeilge sásta éileamh a dhéanamh ar chosaint reachtúil don Ghaeilge ó thuaidh, agus go bhfuil an “deis” ann é sin a dhéanamh anois.


17.52 Fiafraíonn Éamon Ó Cuív de na grúpaí cén fáth a bhfuil siad buartha faoina bhfuil i ndán do “chomhaontuithe idirnáisiúnta nach mbaineann leis an Aontas Eorpach” (Aoine an Chéasta/Cill Rímhinn). Deir sé go dtagann deiseanna iontacha le chuile athrú, an Bhreatimeacht san áireamh, agus go bhfuil díomá air nach bhfuil na heagrais atá os a chomhair ag rá “yippee, tá deiseanna anseo”.

“Ní déarfainn ‘yippee’,” a deir Julian de Spáinn, “ach tá deis faoi láthair ann Acht Teanga a thabhairt isteach”.


17.50 A gcur i láthair déanta ag gach dream. Ceisteanna iarrtha ag an gcathaoirleach Catherine Connolly ón gCoiste. “Coinnigh ort, den chéad uair riamh tá neart ama agat,” a deir sí leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.


17.48 Tá Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag caint anois ar an bplécháipéis a sheol Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh. Tá tuilleadh le léamh faoi sin anseo. Iarrtha ag Comer ar an gCoiste go rithfeadh siad rún go bhfógródh Rialtas na hÉireann gur gá Acht Teanga a thabhairt isteach ó thuaidh agus go mba cheart an tAcht sin a bhunú ar an bplécháipéis.


17.46  Tá na forais trasteorann i mbaol mar gheall ar na “hathruithe córasacha” a thiocfaidh i bhfeidhm i ngeall ar an mBreatimeacht, a deir Comer.


17.44 Tá dlúthcheangal idir inmharthanacht na Gaeilge agus sláinte eacnamaíoch na bpobal a labhraíonn í. Tá patrún eisimirce le feiceáil i nGaeltacht na hÉireann agus tá tionchar aige sin ar an teanga.


17.41 Seo an chéad uair ag Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, a bheith os comhair an Choiste Gaeilge. Tá sé ag caint faoi obair an Chonartha ar fud na hEorpa.


17.40 Tuigeann muid gur “mioncheist” í an Ghaeilge sna cainteanna agus an plé a bhaineann leis an mBreatimeacht, dar le Rialtas na Breataine, agus, go pointe, dar le Rialtas na hÉireann, a deir Ó Coinn.


17.39 An ngearrfar pobal Ghaeltacht Thír Chonaill amach ón gcuid eile den tír, thuaidh agus theas, de bharr na teorann crua? An ngearrfar cainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt amach ón gcuid eile den oileán? a fhiafraíonn Ó Coinn. Bheadh ceangal níos lú ag an bpobal ó thuaidh le pobal an deiscirt de réir a chéile, rud a d’fhágfadh nach bhfeicfeadh an mórphobal ó thuaidh gur rud “ábhartha dá saol” í an Ghaeilge, a deir Ó Coinn.


17.37 Tá dochar mór déanta do phobal na Gaeilge ó thosaigh na ciorruithe in 2008. Dá dtarlódh sé arís i bhfianaise cúlú eile eacnamaíochta bheadh sé tubaisteach don Ghaeilge. Bhuailfí an buiséad arís, an rachadh muintir na Gaeltachta thar lear ar thóir oibre? An bhfillfeadh cainteoirí Béarla ó Albain agus áiteanna eile ar an nGaeltacht agus iad ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach – rud a chuirfeadh brú ar an bpróiseas pleanála teanga, a fhiafríonn Seán Ó Coinn.


17.36 Beidh deiseanna fostaíochta a bhaineann leis an teanga ceilte ar phobal na Gaeilge ó thuaidh i ndiaidh an Bhreatimeachta. “Cuireann deiseanna idirnáisiúnta fostaíochta an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha eile na hEorpa” a deir sé. Tá imní léirithe aige faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta i bhfianaise na dtuairiscí go bhféadfadh Éire an Béarla a chur in áit na Gaeilge mar theanga oifigiúil na hÉireann san Aontas.


17.35 Is iad pobal na Gaeilge ó thuaidh is mó a bheidh thíos leis an mBreatimeacht, a deir Seán Ó Coinn.


17.34 Tá muintir an Tuaiscirt buartha nach mbeidh sa Bhreatimeacht ach tús, tús ar imeacht ó eagraíochtaí agus institiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta a leagann síos caighdeáin idirnáisiúnta, a deir Seán Ó Coinn.


17.32 Má bhíonn tionchar ag an mBreatimeacht ar cúrsaí taistil, beidh tionchar aige ar thuismitheoirí sa dá dhlínse a bhfuil an Ghaelscolaíocht roghnaithe acu dá gclann agus a bhíonn ag taisteal ó dhlínse go dlínse leis an nGaelscolaíocht sin a fháil. Samplaí luaite aige, ina measc pobal Dhoire ag freastail ar Choláiste Chineál Eoghain agus pobal Ard Mhacha ag freastail ar Coláiste Orialla i Muineachán.


17.30 Tugann suas le 9,000 dalta cuairt ar cheantair Ghaeltachta i dTír Chonaill gach bliain, an chuid is mó acu ó na Sé Chontae, a deir Ó Coinn, ní fios cén tionchar a bheadh ag an mBreatimeacht air seo. D’fhéadfadh laghdú teacht ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga ón Tuaisceart agus bheadh tionchar freisin ag an méid sin ar gheilleagar na Gaeltachta.


17.28 Tá daoine eile atá lonnaithe i nDún na nGall a bhíonn ag taisteal tríd an dlínse eile agus iad i mbun oibre. Tá sé deacair go leor daoine a mhealladh le bheith ag obair le heagraíochtaí Gaeilge mar atá sé gan constaicí eile mar seo, a deir Seán Ó Coinn.


17.26 Bíonn ar fhostaithe de chuid an Fhorais taisteal thar teorainn le dul ag obair go minic agus ní fios go fóill an mbeidh bac nó moill ar thaisteal den chineál seo go fóill.


17.24 Beidh tionchar ag an mBreatimeacht ar an Tuaisceart agus ar áiteanna cois teorann go háirithe.


17.22 “Údar mór buartha” an Breatimeacht do Fhoras na Gaeilge, a deir Pól Ó Gallchóir. Beidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht ar obair an Fhorais, agus rachaidh sé i bhfeidhm ar oibrithe deonacha agus fostaithe na heagraíochta ar fud na hÉireann, a deir sé.


17.20 Tá moltaí POBAL faoi Acht Teanga aontaithe ag pobal na Gaeilge agus d’oibrigh cuid de na dlíodóirí teanga is fearr ar domhan ar an gcáipéis, a deir Muller. “Ní fiú reachtaíocht lag a thabhairt isteach,” a deir sí, agus atmaisféar “seicteach, achrannach” fós ann i dTuaisceart Éireann.


17.18 Má théann rialtas na Breataine siar ar chosaint cearta daonna, déanfar díobháil don phróiseas síochána agus beidh tionchar aige sin ar an nGaeilge, a deir Muller. Is cúis imní é nach bhfuil cosaint láidir reachtaíochta ag an teanga ó thuaidh.


17.16 Tá Janet Muller ó POBAL anois. Is cearta daonna iad cearta teanga, a deir sí, agus beidh a cuid cainte dírithe ar chás na Gaeilge ó thuaidh, ar fud na hÉireann agus san Aontas Eorpach.


17.13 Tús curtha leis an gcruinniú ag an gcathaoirleach Catherine Connolly. Tá Julian de Spáinn, Niall Comer agus Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge i láthair, chomh maith le Janet Muller ó POBAL agus ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, an Príomhfheidhmeannach Seán Ó Coinn agus Cathaoirleach an Bhoird, Pól Ó Gallchóir.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Tionchar Brexit ar an nGaeilge á phlé i dTithe an Oireachtais'