TUAIRISC BHEO: Seirbhísí Gaeilge sa Státseirbhís á bplé ag Coiste Oireachtais

Seo tuairisciú beo ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais agus soláthar na seirbhísí Gaeilge sa Státseirbhís faoi chaibidil ann

TUAIRISC BHEO: Seirbhísí Gaeilge sa Státseirbhís á bplé ag Coiste Oireachtais

18.10 Tá an cruinniú thart.


18.08 Chuir an Coiste 33 suirbhé amach maidir le dearcadh ranna stáit agus chomhlachtaí poiblí faoin nGaeilge agus tá 25 foirm tagtha ar ais. Tá siad ag fanacht ar ocht gcinn,mar sin, agus nuair a thiocfaidh siad sin ar ais, pléifear go poiblí iad. Deir Ó Dónaill go mbeadh Gaelchultúr sásta cúnamh a thabhairt anailís a dhéanamh ar na torthaí.


18.07 Tá áiseanna dochreidte forbartha anois, ach is beag duine atá ar an eolas fúthu, dar le Ó Dónaill. Níl ach cúpla scór duine, as na mílte atá sa Státseirbhís, a bhfuil Gaelspell ar a ríomhaire acu. Níl daoine ar an eolas faoi na háiseanna ar líne uilig atá curtha ar fáil ag an nGúm agus Foras na Gaeilge, ach fós féin tá státseirbhísigh fós ag úsáid Google Translate.


18.03 Ní bheadh buiséad mór i gceist córas ceart a chur i bhfeidhm ach ní fiú córas a chur i bhfeidhm mura mbíonn an toil ann, a deir Ó Dónaill. Molann sé cúrsa feasachta teanga mar réamhchúrsa teanga.


17.54 Tá faillí an-mhór á déanamh ag an Rialtas sa nGaeilge sa chuid seo den tír a fhad is atá siad ag iarraidh ar an DUP agus na hAontachtóirí gealltanas Gaeilge a chomhlíonadh, a deir Éamonn Ó Dónaill.


17.49 An Seanadóir Brian Ó Domhnaill ag labhairt anois. Caithfear reachtaíocht úr a thabhairt isteach, a deir sé. Cur i gcéill go huile is hiomlán a bheidh i gceist le Seachtain na Gaeilge i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn, dar leis.


17.46 Tá an mhíthuiscint ann go forleathan go gcreideann go leor daoine atá fostaithe ag an Stát nach bhfuil éileamh ann ar sheirbhísí Gaeilge. Ach níl cainteoirí Gaeilge ag iarraidh daoine atá ar bheagán Gaeilge a chur faoi bhrú. Cloisim go minic go mbíonn an fostaí trína chéile agus iad ag iarraidh Gaeilge a labhairt, a deir Ó Dónaill. Níor mhaith leat brú a chur ar an nduine sin, a dúirt sé.


17.45 Níl an rialtas báúil leis an teanga, a deir Ó Dónaill, agus is in olcas atá cúrsaí ag dul le blianta beaga anuas agus imeallú á dhéanamh ar an nGaeilge “ar bhealach ciúin ach an-chliste”.


17.41 Peadar Tóibín ag caint anois. Nuair a roghnaítear seirbhísí Gaeilge is léir nach mbíonn aon rud taobh thiar den façade – ní bhíonn aon duine ar an taobh eile den líne teileafóin. Má ghlaonn siad ar ais, bíonn cúpla uair a chloig ann sula gcloistear uathu, a deir sé.


17.40 Má bhíonn duine i gceannas atá báúil tarlaíonn go leor leor rudaí, a deir sé. Tá daoine áirithe an-bháúil, agus bíonn na gnáthdhaoine an-bháúil fiú mura mbíonn lucht ceannais.


17.38 Tá ‘mionGhaeltacht’ cruthaithe ag fostaithe i Rannóg stáit áirithe i ndiaidh dóibh cúrsaí a dhéanamh, a deir Ó Dónaill. Nuair a chonaic an té a bhí i gceannas ar an Rannóg sin céard a bhí ag tarlú, shocraigh sé féin cúrsa a dhéanamh.


17.37 Tá Aindrias Ó Muineacháin, TD ó Mhúscraí, anois ag cur ceisteanna.


17.35 Is féidir le cainteoirí dúchais na scrúduithe a dhéanamh gan tabhairt faoi na cúrsaí ar dtús, a deir Ó Dónaill.


17.34 Tá formhór na ndaoine ag leibhéal 4. Níl figiúirí de láimh ag Ó Dónaill ach shamhlódh sé go bhfuil beagnach 50% de na daltaí ag Gaelchultúr faoi láthair ag leibhéal 4 anois. Bheadh na daoine sin réasúnta compordach ag labhairt a gcuid Gaeilge.


17.31 Deir Ó Dónaill go mbíonn coláistí ar fud an domhain ag cur scrúdú ar a ndaltaí féin. Tá sé ag cur síos anois ar na leibhéil éagsúla ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil. ‘Tá réimse iomlán leibhéal  i gceist’ a deir sé, agus tá Gaelchultúr ag iarraidh daoine a spreagadh seachas iad a chur ó dhoras.


17.31 Ceisteanna anois curtha ag Éamon Ó Cuív faoi na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil. Fiafraíonn sé ar cheart go mbeadh an dream atá ag teagasc na ndaltaí á scrúdú chomh maith?


17.30 Moltaí Uí Dhónaill ina n-iomlán:

  1. córas oiliúna an-chuimsitheach a fhorbairt d’fhostaithe na hearnála poiblí agus é a bheith mar sprioc oiliúint a chur ar chúpla duine sna rannóga ar fad a bhíonn ag plé leis an phobal
  2.  cúrsa feasachta teanga a fhorbairt le cuidiú le fostaithe Stáit tuiscint níos fearr a fháil ar an tábhacht a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil agus ar an tábhacht a bhaineann le cearta teanga
  3.  córas marcanna bónais nua a chur i bhfeidhm i gcás arduithe céime a bheadh ceangailte leis an chóras oiliúna thuasluaite
  4. coimisiún neamhspleách a chur ar bun le hamharc ar an chur chuige atá ag dlínsí eile agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis na poist a mbeadh an Ghaeilge riachtanach dóibh sna ranna éagsúla rialtais agus, go deimhin, sna heagraíochtaí pobail i gcoitinne
  5.  áiseanna ar líne a fhorbairt a rachadh chun sochair dóibhsean a bheadh ag cur seirbhís trí Ghaeilge ar fáil don phobal 
  6. fostaithe an Stáit a chur ar an eolas maidir leis na hacmhainní teicneolaíochta agus na seirbhísí ar líne atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.

17.29 Ó Dónaill ag tabhairt eolais faoi Ghaelchultúr anois…anuraidh bhí 420 duine ó níos mó ná 50 eagraíocht, idir ranna Stáit, chomhairlí áitiúla agus eagrais eile de chuid na hearnála poiblí, tar éis tabhairt faoin TGG…Tá maoiniú curtha ar fáil ag an bhForas agus forbairt tagtha ar an gcúrsa  anois…620 duine tar éis é a dhéanamh. Na mílte fostaí de chuid an Stáit tar éis cúrsaí Gaeilge a dhéanamh.


17.28 Cén mhaith, a fhiafraíonn Éamonn Ó Dónaill, do ghrúpaí pobail a bheith ag ullmhú pleananna leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn ina gceantar féin má tá an státchóras ag brath leanúint air ag brú an Bhéarla orthu?


17.27 Deir sé go bhfuil an dá rud sin “indéanta” ach toil pholaitiúil a bheith ann agus go bhfuil a leithéid ar siúl i ndlínsí eile ar fud an domhain.

“Tá an cur chuige nua seo ríthábhachtach anois, go speisialta ag am a bhfuil cúram pleanála teanga á chur ar phobal na Gaeltachta féin faoi Acht na Gaeltachta 2012,” a deir sé. 


17.26 Tá dhá rud ag teastáil, a deir Ó Dónaill:

 1) polasaí ceart earcaíochta a chur i bhfeidhm a chinnteoidh go gceapfar daoine a bhfuil Gaeilge acu ag gach leibhéal sa státseirbhís

2) scéim cheart oiliúna a fhorbairt le cuidiú leo siúd atá ann cheana féin a gcumas sa teanga a fhorbairt.


17.24 Tá “dlúthcheangal” idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail, a deir sé. Deir sé nach mbeidh éileamh ar sheirbhísí Gaeilge “mura bhfuil siad ar fáil go furasta”.

Fágfaidh formhór na ndaoine a rogha teanga ar leataobh má cheapann siad go gcothóidh siad deacracht don státseirbhíseach atá ag plé leo. Caithfear an fáinne fí sin a bhriseadh.”


17.2Deir Ó Dónaill go dteastaíonn polasaí a chinnteoidh go gceapfar an sciar ceart daoine a mbeidh Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa státseirbhís. Mura ndéantar sin beifear “ag géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh ‘Béarla éigeantach’ i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras”.


17.21 Fáilte mhór curtha ag Ó Dónaill roimh an scéala go bhfuil suirbhé déanta ag an gCoiste seo ar chúrsaí Gaeilge sa státseirbhís. Níor foilsíodh torthaí an tsuirbhé sin go fóill.

“Ní fiú suirbhéanna a dhéanamh mura mbaintear leas astu le polasaithe nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus is léir do gach duine go dteastaíonn polasaí nua sa réimse seo,” a deir Ó Dónaill.


17.20 Creidtear go bhfuil an córas earcaíochta le daoine a bhfuil Gaeilge acu a cheapadh i bpoist sa státseirbhís “iomlán lochtach”, a deir Ó Dónaill.


17.19 Tagairt déanta ag Ó Dónaill do thaighde Tuairisc.ie ar fhreagraí fhreagraí ar cheisteanna Dála faoin ábhar seo. “

“Is cosúil nach bhfuil ach 15 phost sainaitheanta ag 15 Roinn Rialtais mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Sin 15 phost a mbaineann riachtanas Gaeilge leo as an 18,775 post a bhí gceist sna freagraí Dála seo – sin 0.08% den iomlán.”


17.17 Is sa chóras nua atá croí na faidhbe sa lá atá inniu ann, a deir sé. “Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtais éagsúla sásta poist a aithint lena mbaineann riachtanas Gaeilge.”


17.15 Éamonn Ó Dónaill ag labhairt faoi stádas na Gaeilge sa státchóras le breis is daichead bliain anuas.


17.13 Tá an Seanadóir Rónán Mullen tagtha in áit Phádraig Uí Chéidigh mar bhall coiste.


17.11 Tús curtha leis an gcruinniú. ‘Tinreamh iontach’ a deir Catherine Connolly, cathaoirleach an choiste. Níl Trevor Ó Clochartaigh ná Seosamh Ó Raghallaigh in ann a bheith i láthair inniu. Tá Éamonn Ó Dónaill ó Ghaelchultúr i láthair.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Seirbhísí Gaeilge sa Státseirbhís á bplé ag Coiste Oireachtais'