TUAIRISC BHEO: Gach cor is casadh i scéal Buiséad 2018…

Foilsítear anseo tuairisciú beo Tuairisc.ie ar Buiséad 2018…

TUAIRISC BHEO: Gach cor is casadh i scéal Buiséad 2018…

16.21 Airgead na Gaeilge v airgead PR…

Tá comparáid déanta ag an Teachta Dála Róisín Shorthall (DS) idir an méadú ar an gcaiteachtas breise a dhéanfar ar an nGaeilge an bhliain seo chugainn (€2.5m) agus an caiteachas a dhéanfar ar bhunú aonad nua cumarsáide Roinn an Taoisigh (€5m)…


15.36: Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge…

Deir an tAire Stáit Joe McHugh gur ‘mar a chéile’ a bheidh buiséad an Fhorais do 2018. €14.028 a bheidh ar fáil ón státchiste ó dheas don bhForas Teanga, Foras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise, in 2018, i gcomparáid le €13.9 milliún anuraidh d’Fhoras na Gaeilge. Más ea, níl aon ardú ar fiú trácht air faighte ag an dá phríomheagraíocht teanga, cé go mbeidh €400,000 breise d’airgead caipitil ag Údarás na Gaeltachta. Laghdú atá i gceist i gcás Údarás na Gaeltachta má chuirtear san áireamh an maoiniú breise a aimsíodh dóibh i ndiaidh an bhuiséid anuraidh. €8.2 milliún an buiséad caipitil a bhí ag an Údarás na Gaeltachta in 2017 de réir freagra a thug Aire na Gaeltachta ar cheist Dála an tseachtain seo caite. €7 milliún a bheidh ar fáil don Údarás an bhliain seo chugainn. Ardú €5.3 milliún a bhí á lorg ag Conradh na Gaeilge don Údarás agus don bhForas.


15.27: Tuilleadh eolais ón Aire Stáit…

Tá sonraí breise tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh i dtaobh bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. €2.5 milliún ar fad atá ann agus mar a tuairiscíodh cheana cuirfear €1.4 milliún de sin ar leataobh don phleanáil teanga sa Ghaeltacht. Deir an tAire go rachaidh an chuid eile go dtí buiséad caipitil an Údaráis (€400,000) agus €687,000 do scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.


15.25: Praiseach..

Fíorbheagán Gaeilge cloiste sa Dáil inniu againn, ach deir urlabhraí airgeadais Shinn Féin gur “buiséad faoi dheifir le gealltanais lochtacha” atá ann. “Praiseach ceart” a deir fear Dhún na nGall. Dúirt sé i mBéarla níos túisce “it is a disgrace that this is the best Fine Gael and Fianna Fáil can cobble together”.


15.14: An Polasaí Oideachais don Ghaeltacht

Deir an Roinn Oideachais go gcuirfear os cionn €1 milliún ar leataobh ó mhaoiniú Buiséad 2018 do chur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht. €1 milliún a gealladh cheana don pholasaí i mbliana agus ‘i bhfad níos mó ná sin’ do 2018.


14.58: FF v FG

Deir Dara Calleary (FF) sa Dáil gur mar gheall ar an gcomhaontú idir FF agus FG a ceadaíodh €2.5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Deir sé nach dtuigeann sé ráiteas an Aire Airgeadais ina óráid faoi ‘thábhacht na Gaeilge’ nuair a bhí ar Fhianna Fáil ‘troid mhór a chur suas d’ardú beag’ ar mhaoiniú na Gaeilge. Theastódh maoiniú breise níos mó ó Údarás na Gaeltachta, go háirithe ina mbuiséad caipitil. Mhaígh Éamon Ó Cuív níos túisce ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach raibh aon ardú ar chor bith le bheith ann don Ghaeilge “go dtí an deireadh seachtaine” nuair a cuireadh brú ar Fhine Gael.


14.55: ‘Neartú do na healaíona, don chultúr agus don chruthaitheacht’ – ráiteas an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys faoi sholáthar a roinne sa Bhuiséad. Seo liosta na ‘mbuaicphointí’, dar léi. Idir an dá linn, deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín nach bhfuil ach méadú fíorbheag ar mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta. €14 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bhí i mbuiséad malartach Shinn Féin, a deir sé.


14.38: Méadú €1.4 milliún ar mhaoiniú don phleanáil teanga, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. (€2.5 milliún san iomlán a bheidh ar fáil do chiste Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne). “Bainfidh Údarás na Gaeltachta, a chuireann tacaíocht ríthábhachtach ar fáil d’fhiontair agus d’fhorbairt pobail i bpobail na Gaeltachta, leas as maoiniú breise fosta, mar aon le Scéimeanna Tacaíochta Teanga lasmuigh den Ghaeltacht,” a deir an tAire Stáit.

“Beidh tacaíocht don Ghaeilge agus forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán ina bpríomhthosaíochtaí i gcónaí in 2018. Díreoidh maoiniú breise de €2.5 milliún ar chur i gcrích na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 chun úsáid agus eolas ar an Ghaeilge a mhéadú mar theanga bhríomhar pobail,” a deir McHugh.


14.26: Deir iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le RnaG go bhfuil ‘cleasaíocht’ ar bun maidir leis an maoiniú breise €2.5 milliún a d’fhógair an tAire Airgeadais do chúrsaí Gaeltachta. Maíonn Éamon Ó Cuív nach bhfuil ardú €0.9 milliún i gceist dáiríre. Idir an dá linn, tá briseadh síos faighte againn don €13 milliún don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta – €8.5 milliún do Creative Ireland, €2 milliún do chúrsaí oidhreachta agus €2.5 milliún don Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.


14,20: Ardú 4% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta. €46.6 milliún go dtí €48.6 milliún. Ardú 4% ar mhaoiniú na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do chomhoibriú Thuaidh/Theas – €38.5 milliún go dtí €39.9 milliún.


14.06: Urlabhraí Airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath. ‘Dul chun cinn’ déanta sa Bhuiséad toisc gur tugadh aitheantas do thosaíochtaí Fhianna Fáil. FF a mhúnlaigh an chuid is fearr den bhuiséad an teachtaireacht atá aige. Teachtaireacht eile aige don Rialtas: ‘No more press releases or policy launches…’ Tóg na tithe, a deir sé. Is ionann Sinn Féin agus ‘the classic hurler on the ditch’, dar leis. ‘When it comes to donning the jersey, Sinn Féin run for the hills – be that in Westminster, Stormont or in Leinster House’.


14.03: ‘Our national horizons are different…We have achieved so much, and we can and we will achieve much more,’ a deir an tAire Donohoe agus an Buiséad a mholadh don Dáil aige.


14.00: Ardú €750 ar an mbanda cánach ag a n-íoctar 40% i gcáin ioncaim. Ó  €33,800 go dtí €34,550.  Iontas na n-iontas, níl aon athrú i ndán don cháin chorparáideach.


13.56: Laghdú .o25%  ar an ráta Muirear Sóisialta Uilíoch 5% a ghearrtar ar dhaoine a thuilleann idir €18,800 agus €70,000, agus laghdú 0.5%  i gcás an ráta 2.5% a ghearrtar ar dhaoine a shaothraíonn idir €12,200 agus €18,800.


13.51: Sochair leasa shóisialta – ardú €5 i ngach réimse. Cuirfear tús leis na híocaíochtaí Márta 2018. ‘Bónas na Nollag’ 85% le híoc i mbliana. Liúntas fóin nua – €2.50 in aghaidh na seachtaine – do dhaoine atá ag fáil liúntas an duine a chónaíonn leis féin agus an liúntas breosla.


13.50: €20 milliún chun leathnú a dhéanamh ar an gcúram leanaí réamhscoile atá ar fáil in aisce. €36 milliún do chláir éifeachtúlachta fuinnimh.


13.47: €64 milliún breise don Roinn Talmhaíochta.  €19 milliún breise don Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail. €40 milliún breise do Tusla.


13.43: Tuilleadh maoinithe geallta don phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus don Údarás. €2.5 milliún, €13 milliún breise san iomlán don Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, €9 milliún don bhuiséad reatha agus €4 milliún don bhuiséad caipitil. Tábhacht mhór leis an nGaeilge, a deir Donohoe. Tá an Rialtas tiomanta do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge.


 13.41: €300 milliún do chóras nua iasachtaí do SMEs le dul i ngleic le Brexit.


13.35: 800 Garda nua le fostú agus 500 duine eile nach gardaí iad.


13.32: 26 dalta an cóimheas nua daltaí agus múinteoirí a bheidh ann, ‘an cóimheas is lú riamh’. 1,300 post nua i réimse an oideachais. €10 billiún a chaithfear i réimse an oideachais an bhliain seo chugainn, 16.6% de chaiteachas iomlán an stáit.


13.31: €12 a bheadh feasta ar bhosca toitíní. Cáin siúcra le tabhairt isteach 30 nó 20 cent ag brath ar an deoch. Cáin bhreisluacha ar  ‘leapacha gréine’ ó 13.5% go dtí 23%. Dleacht ar dhath gréine de bharr cúrsaí sláinte.


13: 27: 5% breise don chóras sláinte -€685 milliún. Fostófar 1,800 duine breise sa chóras.


13.25: Ardú ar an dleacht stampála tráchtála (ó 2% go dtí 6%). An tobhach ar shuíomhanna folmha ó 2% go dtí 7%. Bunófar áisíneacht nua, Home Building Finance Ireland a chuirfidh iasachtaí ar fáil d’fhorbróirí agus a bhainfidh leas as taithí agus saineolas NAMA.


13.23: Ciste le haghaidh lá na coise tinne, nó ‘rainy day fund’ le bunú agus €50 milliún sa bhliain ann. Cúrsaí tithíochta.  €1.83 billiún do thógáil tithe in 2018. Tithíocht shóisialta – 3,800 le bunú an bhliain seo chugainn. €149m breise d’íocaíocht cúnaimh tithíochta.


13.18: €1.2 billiún an ‘pacáiste’ iomlán. Laghduithe ar chúrsaí cánach – €335 milliún.


13.15: Is í aidhm an Rialtais ná  “to broadly balance the books in the medium term”. €60.9 milliún i gcaiteachas. €12,700 an duine.


13.10: An ráta dífhostaíochta ag 6.1%, an ráta is ísle ó 2008 agus titfidh sé go dtí 5.7% in 2018, a deir Donohoe. An geilleagar ag fás 4.3%  in 2017 agus 3.5% an bhliain seo chugainn.


13.04: Tús na hóráide…

An tAire Airgeadais Paschal Donohoe i mbun cainte anois sa Dáil.


12.41: Cur chuige Shinn Féin…

Léargas luath ar chur chuige iarbhuiséid Shinn Féin? ‘Ní thuigeann siad…’


11.45: Buiséad na Gaeilge…

BUISÉAD 2018: Súil ag eagraíochtaí teanga le dea-scéala inniu, ach ‘leideanna’ ann nach bhfuil ‘ródhearfach’

Mar is gnách, beimid ag coimeád súil ghéar anseo inniu ar chás theanga Bhríd agus Phádraig, lánúin bhocht chéasta atá amach sna blianta agus atá ag súil le faoiseamh éigin inniu!

An mbeidh uchtach ag na heagraíochtaí Gaeilge faoi dheireadh, nó an bhfuil bunús ar bith leis an dóchas go bhfuil deireadh i ndán do ré na gciorruithe? Tá an scéal is déanaí thuas…


11.40: Ceist thromchúiseach eile…

Cén lorg a fhágfaidh cáin an tsiúcra ar an ‘squeezed middle’?


Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

11.35: A bhfuil ar eolas againn go dtí seo…

Is cosúil Leo Varadkar a bheith ag iarraidh dóchas na ndaoine a mhaolú inniu agus é ráite aige nach mbeidh aon ‘fireworks’ ná ‘bonanza’ i gceist le Buiséad 2018. Tarraing na cuirtíní mar sin agus bí linn dár gclúdach beo ar imeachtaí an lae.

Tuairiscítear gur idir €1.1 agus €1.2 billiún, idir chaiteachas agus chiorruithe cánach, a bheidh inniu againn. Tiocfar ar €400 milliún le hardú ar an dleacht stampála tráchtála (ó 2% go dtí 6%). Beidh ardú chomh maith ar fhiacha an tobac (50 cent an bosca), ach fanfaidh fiacha na dí agus praghas an pheitril agus an díosail mar atá. Beifear ag tarraingt caol ar an siúcra ó mhí Aibreáin seo chugainn, tráth a thiocfaidh an cháin siúcra isteach.

Cé nach aon ‘bonanza’ a bheidh ann, meastar go mbeidh laghdú ar cháin ioncaim agus ar an Muirear Sóisialta Uilíoch. Beidh ardú beag leis ar shocair leasa shóisialta agus cuirfear tuilleadh cúram leanaí réamhscoile ar fáil in aisce do 20,000 naíonán.

Laghdú .o25% atá á thuar ar an ráta Muirear Sóisialta Uilíoch 5% a ghearrtar ar dhaoine a thuilleann idir €18,800 agus €70,000, agus laghdú 0.5% atá á thuar i gcás an ráta 2.5% a ghearrtar ar dhaoine a shaothraíonn idir €12,200 agus €18,800.

Tuairiscítear go laghdófar costas na n-oideas don uile dhuine faoi 70 bliain d’aois a bhfuil cárta leighis acu, ó €2.50 go dtí €2 in aghaidh an earra. Ardófar, más fíor, an tobhach ar shuíomhanna folmha ó 2% go dtí 7%. 26 dalta an cóimheas nua daltaí agus múinteoirí a bheidh ann.

Bunóidh NAMA áisíneacht nua, Home Building Finance Ireland a chuirfidh iasachtaí ar fáil d’fhorbróirí.


11.27: Buiséad nó cáinaisnéis?

Tugtar tús áite do na rudaí is tábhachtaí. Buiséad nó cáinaisnéis, nó an mar a chéile iad? Seo an míniú atá ag lucht aistear.ie ar an scéal.

‘Is é ‘buiséad’ an focal is mó stádas sa teanga fhoirmiúil, fiú sa chomhthéacs polaitiúil, m.sh. ‘buiséad éigeandála’. Ní cúrsaí cánach amháin a bhíonn i gceist sa bhuiséad, ach caiteachas, íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus araile’.

Cuir corc sa chaint faoin gcáinaisnéis mar sin!


11.23: Guid Wittins frae Maitiú Ó Coimín…

Tá Maitiú Ó Coimín ag cur spéise san Ultais faoi láthair agus beidh corr-ráiteas tráthúil aige dúinn inniu as Tha Fower Gospels.

Jist say yin o yis haes a mine tae big a tooer. Wud he no sït doon furst an coont tha coast, tae see ïf he haes eneuch tae feenish ït? (Luic 14-28)

(Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?)


11.19: Fáilte go dtí tuairisciú beo Tuairisc.ie ar Bhuiséad 2018. Bígí linn i gcaitheamh an lae chun gach eolas a fháil faoin mbuiséad.

Fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Buiséad 2018 ag 1pm i nDáil Éireann. Beifear ag coimeád súil ghéar anseo chomh maith ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Lean sinn freisin ar Twitter agus ar Facebook.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Gach cor is casadh i scéal Buiséad 2018…'