Tuairisc Bheo ar Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie an deireadh seachtaine seo

Tá clúdach cuimsitheach beartaithe ag na meáin Ghaeilge ar Olltoghchán 2016 an deireadh seachtaine seo

Tuairisc Bheo Graphic

Beidh tuairisciú beo á dhéanamh ar chomhaireamh na vótaí d’Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie an deireadh seachtaine seo.

 Mar chuid den chlúdach speisialta seo foilseofar na scéalta is déanaí ón gcomhaireamh agus beidh tuairiscí speisialta ar Tuairisc.ie óna gcomhfhreagraithe i nGaillimh Thiar, i nDún na nGall agus i gCiarraí.

Dúirt eagarthóir na seirbhíse nuachta ar líne Seán Tadhg Ó Gairbhí go mbeadh “léargas ar leith” á thabhairt ag foireann na seirbhíse nuachta ar imeachtaí na deireadh seachtaine.

“Beidh leithéidí Chathail Mhic Coille ag tabhairt a léamh siúd ar mhórscéalta na deireadh seachtaine dúinn. Caithfidh ‘Turas Toghcháin’ súil go heasurramach ar chúrsaí agus beidh súil ghéar á coimeád ag Breandán M Mac Gearailt ar a bhfuil ar siúl ar na meáin chraolta Ghaeilge agus na meáin eile.”

Beidh na scéalta is déanaí á fhoilsiú ag Tuairisc.ie ar na meáin shóisialta chomh maith agus súil ag lucht an tsuímh seirbhís shainiúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Beidh na mórscéalta againn ach déanfaimid freastal ar leith ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seirbhís shainiúil a bheidh ann agus tá súil againn go mbeidh ‘Tuairisc.ie Beo’ sa tsiúl ag ár léitheoirí i gcaitheamh na deireadh seachtaine, bídís ag taisteal nó ag baile ag faire na teilifíse nó ag éisteacht leis an raidió. Beidh míle fáilte chomh maith le linn an chomhairimh roimh thuairimí ár léitheoirí,” a dúirt Ó Gairbhí.

Beidh clúdach i gcaitheamh na deireadh seachtaine freisin ar na meáin chraolta Ghaeilge. Cuirfear tús le clár an chomhairimh ar RTÉ Raidió na Gaeilge ag 10 maidin amárach. Gormfhlaith Ní Thuairisg, Máirín Ní Ghadhra agus Cormac Ó hEadhra a chuirfidh an clár i láthair.

Beidh 30 duine ag obair do RTÉ RnaG sna hionaid éagsúla ar fud na tíre agus iad ag tuairisciú i gcaitheamh an lae. Anuas air sin beidh painéal tráchtairí ar chlár an tSathairn agus clár an Domhnaigh, a thosóidh ag a 9 ar maidin, a dhéanfaidh anailís agus plé ar thorthaí an chomhairimh.

I measc na dtráchtairí a bheidh le cloisteáil ar RnaG beidh Donncha Ó hÉallaithe, a bhí i mbun anailíse do Tuairisc.ie le trí seachtaine anuas, Áine Ní Chiaráin, Máire Ní Chochláin, Seosamh Ó Cuaig agus Gearóid Ó Tuathaigh.

Beidh cuntas Twitter an stáisiúin, @RTERnaG gníomhach ó thús an chomhairimh freisin agus an haischlib #togh16 roghnaithe don lá. Beidh cuntais na n-iriseoirí féin ag scaipeadh eolais ó na hionaid chomhairimh freisin.

Beo-thuairisciú, freisin, a bheidh ar bun ag lucht na teilifíse. Tá beartaithe ag Vóta 2016 ar TG4 tuairisciú ó gach ionad comhairimh sa stát. Gealltar “grafaicí soiléire snasta, agallaimh le hiarrthóirí agus anailís ghéarchúiseach” ó na tráchtairí agus polaiteoirí a bheidh mar aíonna ar an gclár.

Is é Páidí Ó Lionáird, láithreoir an chláir cúrsaí reatha 7 Lá, a bheidh sa chathaoir ar feadh an lae agus idir thuairisceoirí nuachta, iar-Thánaistí, agus fheisirí Eorpacha in éineacht leis. I measc na bpolaiteoirí sin beidh Mary Coughlan, Alan Dukes, Éamonn Gilmore, Liada Ní Riada agus Seán Kelly. Beidh Beirní Ní Chuinn, Antoin Delap, Eoghan Ó Neachtain agus Eoin Ó Murchú sa stiúideo freisin ag déanamh anailíse ar na torthaí freisin.

Craolfar achoimrí rialta ar an mórphictiúr náisiúnta agus beidh na cinnlínte nuachta ann ar bhuille na huaire gach uair a chloig. Is iad Eimear Ní Chonaola agus Maolra Mac Donncha a bheidh i mbun na hoibre sin.

Is é #Vóta2016 a bheidh in úsáid ag cuntas @7LATG4 i gcaitheamh an lae.

Fág freagra ar 'Tuairisc Bheo ar Olltoghchán 2016 ar Tuairisc.ie an deireadh seachtaine seo'