TUAIRISC BHEO: An reachtaíocht nua teanga os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge…

Tá scrúdú á dhéanamh tráthnóna ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar cheannteidil an Bhille chun leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Beidh beothuairisciú anseo againn ar imeachtaí an chruinnithe...

TUAIRISC BHEO: An reachtaíocht nua teanga os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge…

18.27 Tá seisiún príobháideach anois ar bun.


18.23  Deir Mac Cormaic, arís eile, nach bhfuil cainteoirí Gaeilge “ag titim óna crainnte” agus nach bhfuil cainteoirí Gaeilge ag cur isteach ar phoist sa státseirbhís. “Is próiseas fadtéarmach é,” a deir sé.


18.21 Níl muinín ag Catherine Connolly “maidir le scála ama” na reachtaíochta. “Cén uair a bheidh muid in ann é a léamh?” a fhiafraíonn sí d’Aodhán Mac Cormaic. Ceist curtha aici faoin uair a bheidh 20% den státseirbhís líofa i nGaeilge – dhá bhliain? trí bliana?


18.18 Ní mar a chéile cás Cheanada agus cás na hÉireann ná cás aon tíre eile a deir Aodhán Mac Cormaic agus caithfidh muintir na hÉireann teacht ar chóras a fheileann dóibh féin. Deir sé gur féidir na gnéithe maithe de chórais i dtíortha eile ach nach féidir córas iomlán ó thír eile a chur i bhfeidhm in Éirinn.


18.13 Ceisteanna anois á gcur ag Ó Domhnaill faoi na múinteoirí bunscoile atá ag teacht amach as coláistí oiliúna nach bhfuil Gaeilge acu.


18.10 Deir Brian Ó Domhnaill go bhfuil sé tábhachtach go dtitfidh boird stáit faoi scáth an Achta freisin sa chaoi is go mbeidh daoine le Gaeilge ar gach bord stáit freisin. Deir sé nach leor “cuspóir” a bheith ag an Roinn maidir le líon na ndaoine le Gaeilge sa státchóras.


18.04 Is comhlacht príobháideach é Banc na hÉireann, a deir Aodhán Mac Cormaic, agus tá a fhios aige go raibh feachtas ann ach níl aon eolas eile aige ar an scéal sin.


18.01 Is rud an-chasta í an chomharthaíocht bhóthair a deir Aodhán agus is faoin Roinn Iompair atá sé agus ní faoi Roinn na Gaeltachta.


17.59 Fergus O’Dowd anois ag maíomh go mbíonn deacrachtaí ag cainteoirí ó cheantair éagsúla teanga a chéile a thuiscint agus insíonn sé scéal faoina athair, Muimhneach, ag caint le bean chánach ó Ulaidh nár thuig a chéile.


17.56 Tá Fergus O’Dowd anois ag caint ar chomharthaíocht bhóthair. Maíonn sé nach mbíonn an Ghaeilge chomh soiléir céanna leis an mBéarla ar chomharthaí an stáit. “B’fhéidir go bhfuil fadhb le mo spéacláirí,” a deir sé.


17.55 Níl daoine a bhfuil Gaeilge acu “ag titim ó na crainnte” le poist sa státseirbhís a líonadh a deir Mac Cormaic.


17.53 Is le haghaidh conarthaí nua le comhlachtaí príobháideacha a bheadh aon dualgais teanga seachas do chomhlachtaí a bhfuil conarthaí acu cheana féin, a deir Mac Cormaic. Fágann sé sin nach bhféadfaí dualgais a chur ar leithéidí Dublin Bikes an Ghaeilge a úsáid.


17.50 Deir Aindrias Ó Muineacháin gur mhaith leis go mór go mbeadh an reachtaíocht bogtha ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile díreach i ndiaidh na Nollag.


17.46 Tá plé ar bun faoi chórais riaracháin an stáit a chur in oiriúint d’ainmneacha Gaelacha, a deir Aodhán Mac Cormaic. Ach is rud difriúil uilig, a deir sé, duine a d’athródh a ainm ó leagan Béarla go leagan Gaeilge. Ní bheifear ag dul i ngleic leis an gceist sin sa Bhille seo mar is ceist slándála í seachas ceist teanga.


17.40 Ní thuigeann oibrithe stáit céard is Gaeltacht ann a mhaíonn Peadar Tóibín, agus déantar neamhaird uirthi. Tá deis anois ann cúrsaí a chur ina gceart, a deir sé. Molann sé gur cheart ‘bata agus cairéad’ a bheith in úsáid sa reachtaíocht nua.


17.39 Faoi láthair níl aon rud sna ceannteidil faoi chomhlachtaí príobháideacha seachas go bhfuiltear ag breathnú ar chomhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón Stát, a deir Mac Cormaic, mar fhreagra ar cheist ó Trevor Ó Clochartaigh.


17.34 Níl an Roinn ag iarraidh córas nua atá chomh casta céanna le córas na scéimeanna teanga a thabhairt isteach, a deir Mac Cormaic. Deir sé gurbh fhearr na caighdeáin atá molta in áit na scéimeanna a chur i rialacháin seachas sa reachtaíocht sa chaoi is nach mbeadh gá an reachtaíocht a thabhairt trí Thithe an Oireachtais nuair a bheadh leasú le déanamh ar na caighdeáin.


17.31 Bhí an Roinn Caiteachais Phoiblí “cuiditheach” nuair a chuathas i dteagmháil leo faoina laghad daoine sa státseirbhís a bhfuil Gaeilge líofa acu, a deir Mac Cormaic. Aontaíodh go raibh gá níos mó daoine a fháil isteach sa státchóras a bhfuil Gaeilge mhaith acu, a deir sé. Tá fadhb ann, áfach, leis an mbealach a láimhseáiltear na comórtais, a deir sé, ach táthar ag dul sa treo go mbeidh toradh “níos fearr” ar na comórtais atá ann faoi láthair le daoine le Gaeilge a fháil.


17.29 Níl an fógra poist d’oibrí ginearálta i Ros an Mhíl “inghlactha”, a deir Aodhán Mac Cormaic. Deir sé go bhfuil neart daoine thart i gConamara a bheadh in ann an post a dhéanamh i nGaeilge. Deir sé go raibh plé ann faoi chomhlachtaí a fheidhmíonn thar ceann na n-eagraíochtaí stáit agus go bhfuil iarracht á déanamh teacht ar mheicníocht a d’aithneodh na conarthaí sin lena chinntiú go gcuirtear an Ghaeilge chun cinn ar leithéidí ‘Dublin Bikes’.


17.27 Ceist curtha ag an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi na dualgais a bheidh ar chomhlachtaí atá ag feidhmiú thar ceann na n-eagraíochtaí a thagann faoi scáth an Achta. Deir sé gur fadhb a bhí ann san am a caitheadh nach raibh dualgas ar na comhlachtaí cloí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.


17.25 Tá ceathrar i láthair ag an gcruinniú, Peadar Tóibín agus Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin, Aindrias Ó Muineacháin ó Fhianna Fáil agus an Seanadóir neamhspleách Brian Ó Domhnaill.


17.23 Tá súil ag Mac Cormaic go mbeidh an Bille ar chlár oibre an Rialtais ag tús na bliana 2018.


17.22 Beidh ainm Gaeilge ar gach comhlacht poiblí a bhunófar feasta, a deir Aodhán Mac Cormaic.


17.19 Is ceann de na príomhrudaí a chuireann bac ar sheirbhísí Gaeilge ón stát ná a laghad daoine atá fostaithe ag eagraíochtaí stáit a bhfuil Gaeilge acu, a deir Mac Cormaic. Deir sé go bhfuil sé mar chuspóir sa bhille go mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge. Deir sé nach dtarlóidh sé seo thar oíche, áfach.


17.16 Is é Aodhán Mac Cormaic an chéad duine a labhróidh. “Is iarracht í an Bille seo an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an nGaeilge,” a deir sé. Maíonn sé go bhfuil iarracht déanta sa reachtaíocht nua dul i ngleic le go leor ceisteanna.


17.13 Tús curtha leis an gcruinniú. Ní bheidh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív i láthair. Fáilte curtha ag an gcathaoirleach Catherine Connolly roimh Aodhán Mac Cormaic, Tríona Ní Mhathúna agus Mícheál Ó Conaire ó Roinn na Gaeltachta. Deir sí go bhfuil “an-tábhacht” ag baint leis an gcruinniú áirithe seo.


17.10 Níl an cruinniú tosaithe go fóill. Tá sé bliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.


17.00: Ag fanacht ar thús an chruinnithe. Seo céim thábhachtach sa phróiseas a bhaineann leis an reachtaíocht nua atá beartaithe chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is féidir réamheolas a fháil faoina bhfuil romhainn ag cruinniú an lae inniu sa tuairisc seo a foilsíodh ar maidin.