TUAIRISC BHEO: An Coiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Seolfaidh an Coiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a dtuarascáil ar Bhille na dTeangacha Oifgiúla láithreach. Is féidir imeachtaí an choiste a leanúint 'beo' thíos i dteannta Mhaitiú Uí Choimín.

30/1/2014. Dail Scenes

 

12.30 Tús curtha leis an seoladh


12.35 Is gá go ndéanfadh na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ‘treisiú’ seachas lagú ar an reachtaíocht teanga, a deir an Seanadóir Labhrás Ó Murchú.  Tá tús áite tugtha i moltaí an choiste do ról an Choimisinéara Teanga mar tá sé “tábhachtach” go mbeadh ról lárnach. Tuarascáil thraspháirtí atá ann agus tá súil aige go bhféachfar go fabhrac ar na moltaí “réasúnta” ann. Buíochas gafa ag an Seanadóir le gach duine a chabhraigh le cur le chéile na tuarascála. An tuarascáíl seolta go hoifgiúil aige agus bualadh bos faighte aige óna bhfuil i láthair.


12.42 An Seandóir Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin. Ní fiú tráithín na moltaí muna dtugann an tAire, an Rialtas agus an Taoiseach aird orthu. Mura bhfuil an tAire chun aird a thabhairt ar na moltaí ba cheart an reachtaíocht a fhágáil mar atá mar ‘is fearr an diabhal a bhfuil aithne againn air…’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. Deir an Seanadóir go bhfuil gá le tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don Choiste le go mbeidh níos mó ama acu déileáil le ceisteanna Gaeilge. Dar le Ó Clochartaigh gur chóir don Aire Stáit Joe McHugh teacht os comhair an choiste leis na moltaí a phlé.


12.46 Deir Labhrás Ó Murchú go mbeidh an tAire ag teacht os comhair an choiste faoi cheann coicíse agus go mbeidh deis ann na moltaí a phlé leis. Tagann sé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin ngá le breis acmhainní agus ama a thabhairt don choiste. Deir Ó Murchú go bhfuil géarghá le coiste seasta Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Dá mbeadh sé ann, bheifí in ann súil ghéar a choinneáil ar an Acht.


12.49 Beidh díospóireachtaí trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. B’fhéidir go mbeidh díospóireacht Ghaeilge ar an tuarascáil sa Dáil an tseachtain seo chugainn.


12.51 Tá an seoladh thart.


12.55 Idir an dá linn, tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge  roimh Thuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid an-sásta leis an moladh go mbeadh Gaeilge ar chumas 10% do na státseirbhísí i ngach roinn, an moladh go bhfoilseofaí cáipéisí oifigiúla go dátheangach in aon cháipéis amháin, leis an nGaeilge agus an Béarla taobh le taobh; an moladh gur chóir cur go mór le feiceálacht na Gaeilge ar áiseanna ar-líne agus meáin shóisialta an Stáit, agus go leor de na moltaí eile i dtuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Is cinnte go láidreodh na moltaí seo Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) agus go gcinnteodh siad seirbhís níos fearr do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”


Is féidir tuairisc ar na moltaí sa tuarascáil a léamh anseo.

Go raibh maith agaibh as bheith linn.

Maitiú Ó Coimín

Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: An Coiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht'