Tuairisc Bheo: Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

Fáilte romhaibh go beothuairisciú Tuairisc.ie ar chruinniú an Chomhchoiste Oireachtais um an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin. Tosóidh imeachtaí an Chomhchoiste ag 2.15pm agus is féidir an scéal a leanúint anseo i dteannta Mhaitiú Uí Choimín

Tuairisc Bheo: Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

16.20 Tá an cruinniú thart.

Screen Shot 2016-09-22 at 16.20.24


16.17 “Leis an méid atá muid ag éileamh ar an bpobal féin a dhéanamh leis an bpleanáil teanga, tá obair áirithe ar féidir a dhéanamh ar bhonn deonach agus tá obair eile nach féidir. Mura gcuirimid an tacaíocht don phleanáil teanga ar fáil is muide a bheidh thíos leis, tiocfaidh méadú ar an tsoiniciúlacht. Déarfaidh daoine ‘sin é, sábhálaigí sibh féin í’, tá sé chomh dáiríre sin,” a deir Peadar Mac Fhlannchadha.


16.12 Tá súil ag Peadar Mac Fhlannchadha go mbeidh cuid de na freagraí maidir leis an dúshlán atá roimh an oideachas Gaeltachta sa pholasaí Gaeltachta nua atá le foilsiú ag an Roinn Oideachais.


16.06 Ba chóir go mbeadh buiséad ceart ag gach grúpa atá i mbun na pleanála teanga, a deir Julian de Spáinn. Tá an t-éileamh sin ina dhlúthchuid de phlean infheistíochta an Chonartha, a deir sé.


16.03 Caithfear cosaint a thabhairt do scoileanna beaga Gaeltachta, dar le hAindrias Ó Muineacháin, agus reachtaíocht a thabhairt isteach chuige sin, más gá.

Screen Shot 2016-09-22 at 15.57.59


15.57 Ba chóir aon athrú ar pholasaí a chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga féachaint an ndéanfadh an polasaí sin dochar don teanga, a deir Julian de Spáinn.


15.52 “Táimid lán-mhuiníneach go bhfuil ár ndóthain saineolais againn leis an bplean a chur i bhfeidhm,” a deir Julian de Spáinn mar fhreagra ar cheist ó Aengus Ó Snodaigh faoi cén chaoi a ndéileálfadh an Conradh le hairgead breise don Ghaeilge sa chás go gceadófaí an infheistíocht atá á lorg.


15.44 “Níl aon pholasaí stáit ann ó thaobh na pleanála teanga,” a deir Peadar Mac Fhlannchadha. Dúirt sé nach aon iontas é go bhfuil leibhéal ard “soiniciúlachta” i measc an phobail faoin bpleanáil teanga. Má tá coiste pobail ag iarraidh pleanáil teanga a chur i bhfeidhm i réimse an oideachais, cén mhaith é sin má tá an Roinn Oideachais ag cur cigirí gan aon Ghaeilge amach go dtí na scoileanna, a dúirt sé.


15.40 “Ní chosnódh sé ach €400,000 stáisiún FM lánaimseartha Gaeilge a chur ar fáil don aos óg dá gcuirfeadh RTÉ an tarchuradóir ar fáil,” arsa Julian de Spáinn.


15.37 Rabhadh tugtha ag Catherine Connolly do Julian de Spáinn a bheith cúramach faoi “chlúmhilleadh” agus scéal Paul Williams á insint aige don Choiste.


15.35 Tá an t-airgead do na rudaí eile, bun-infreastruchtúr agus araile, taobh amuigh den éileamh ar €4 milliún atá déanta ag Conradh na Gaeilge, dar le Julian de Spáinn.


15.34 Maoiniú á lorg ag Éamon Ó Cuív do ‘ghréasáin Ghaeltachta’ in áiteanna ar nós Chluain Dolcáin agus “timpeall Scoil Lorcáin”. Tá sé ag fágáil anois “leis an nGaeilge a chosaint” san Ollscoil i nGaillimh, mar a bhfuil mic léinn i mbun díospóireachta anocht faoi cé acu an bás nó beatha atá i ndán don Ghaeilge.

Cuív


15.30 Éamon Ó Cuív – “ní mhairfidh pobal na Gaeltachta ar an nGaeltacht”. Soiléiriú lorgtha aige ar an “bhfigiúr beag” – €4 milliún. Teastaíonn airgead do “ghnáthfhostaíocht na Gaeltachta” taobh amuigh d’earnáil na Gaeilge. Aithníonn sé gurb í earnáil na Gaeilge an “earnáil is mó sa Ghaeltacht”.


15.29 “Níor léirigh an Rialtas nó níor aithin siad na moltaí a rinneadh sa chuid is mó de na haighneachtaí agus sna suirbhéanna a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú ar an Acht in 2011”  – Julian de Spáinn.

Julian de Spáinn
Julian de Spáinn

15.27 Na cúiseanna ar chóir tacú leis an bplean dar leis an gConradh:

1)  D’aontaigh 84 Teachta Dála gur chóir €18 milliún a chur ar fáil don phlean infheistíochta.

2) Tá an plean “ag teacht le Clár an Rialtais”.

3) Chruthódh an plean “1,175+ post”, an chuid is mó acu lonnaithe sa Ghaeltacht.

4) Cabhróidh sé le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus rudaí eile atá “ríthábhachtach” a mhaoiniú.

5) Tá tacaíocht an phobail ag an bplean, dar le suirbhé a rinne Millward Brown thar ceann an Chonartha i 2015.

6) Laghdaíodh buiséad an Fhorais agus an Údaráis ó €45 milliún go €22 milliún.

7) “Is ionann an €18 milliún breise atá á lorg againn agus níos lú ná .05% den €3 billiún caiteachas breise  a d’fhógair an Rialtas in 2016.

8) Cuireadh curaimí breise ar an Údarás agus an Foras faoin Straitéis 20 Bliain.

9) Beidh tionchar dearfach ag an infheistíocht ar “gheilleagar an oileáin”.

10) Ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i “gcuid mhaith de na heachtraí a tharla 100 bliain ó shin”.


15.19 Tacaíocht oifigiúil an Choiste á lorg ag an gConradh dá bplean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus iad ag iarraidh go gcuirfí an t-éileamh sin ar thacaíocht in iúl don Aire Heather Humphreys. €4,412,400 á lorg acu.


15.17 Tréaslaíonn Julian de Spáinn leis an mBuan-Choiste agus guíonn “gach rath” ar a gcuid oibre. Bhí an Coiste ar cheann de na héilimh réamhthoghcháin a bhí ag an gConradh.


15.15 Tá an cruinniú i seisiún poiblí arís. Tá Julian de Spáinn, Síne Nic an Ailí agus Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge i láthair.

Catherine Connolly, Cathaoirleach an Choiste.
Catherine Connolly, Cathaoirleach an Choiste.

15.00 Tá an cruinniú fós i seisiún príobháideach. Caithfidh go bhfuil gur gá go leor “rudaí a aontú”.


14.46 Tá an cruinniú fós i seisiún príobháideach. Beidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag plé na rudaí seo a leanas ag an gcruinniú: an infheistíocht a dhéanfar sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017, agus an gá le láidriú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2016 (Leasú).


14.23 An cruinniú i seisiún príobháideach “le roinnt rudaí a aontú”.


14.22 Tús curtha leis an gcruinniú. Éamon Ó Cuív (FF) i láthair in áit Phat ‘The Cope’ Uí Ghallachóir.


14.10 Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid an Oireachtais le Conradh na Gaeilge ag 2.15pm inniu chun breithniú a dhéanamh ar ról Chonradh na Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn ‘mar theanga choiteann phobail’.

Is í an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, atá ina Cathaoirleach ar an gCoiste.

Dúirt Connolly gur “ceart agus cuí” go gcuirfeadh an Coiste tús lena chuid oibre “trí comhairliúchán a dhéanamh” le Conradh na Gaeilge.

“Is féidir le Conradh na Gaeilge cur go mór lenár gcuid oibre agus tá an Coiste ag súil le comhoibriú go dlúth leis agus le heagraíochtaí teanga eile sna blianta atá amach romhainn,” a dúirt sí.

Is iad na baill eile den Chomhchoiste:

Breandán Ó Grifín TD (FG)
Aindrias Ó Muimhneacháin, TD (FF)
Bríd Smith TD (AAA-PBP)
An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh (NS)
Pat ‘the Cope’ Ó Gallachóir TD (FF)
Fergus Ó Dubhda TD (FG)
Peadar Tóibín TD (SF)
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF)
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill (FF)
An Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh (FG)

Fág freagra ar 'Tuairisc Bheo: Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán'