TUAIRISC BHEO: An Coimisinéir Teanga os comhair Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Tuairisc bheo ar chruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais. Tá an Coimisinéir Teanga agus baill d'fhoireann a oifige i láthair an Choiste inniu le labhairt faoi chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

TUAIRISC BHEO: An Coimisinéir Teanga os comhair Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

18.30 Buíochas gafa ag an gCoiste leis an gCoimisinéir Teanga agus lena oifig as an obair a dhéanann siad agus deireadh curtha leis an gcruinniú ag an gcathaoirleach.


18.28 Níl Éamon Ó Cuív den tuairim go mbeadh aon mhaith le hAcht nua mar níl an tAcht atá ann faoi láthair á chur i bhfeidhm.


18.24 “An raibh aon eiseamláir i measc na gcomhlachtaí?” a fhiafraíonn Catherine Connolly. An Roinn Sláinte, an Garda Síochána agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina measc.


18.18 Tagann gearáin isteach chuig an gCoimisinéir go rialta faoi chomharthaíocht agus rudaí mar sin, agus éiríonn go maith leis an oifig na rudaí sin a chur ina gceart, a deir Ó Domhnaill.


18.16 An bhunfhadhb a bhaineann le seirbhís trí Ghaeilge ná nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ag obair sa Státseirbhís faoi láthair. Níl na gealltanais a tugadh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir le cúrsaí earcaíochta á gcur i bhfeidhm, a deir an Coimisinéir.


18.07 Amharclann na Mainistreach, an Ceoláras Náisiúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus dreamanna eile nach bhfuil aon scéim teanga daingnithe acu go dtí seo curtha i gcomparáid le joyriders gan cheadúnas, gan árachas agus gan cháin ó tharla nach féidir leis an “ngarda” [Ó Domhnaill] “drannadh leo”.


18.05 “Is léir go bhfuil sé in am i ndáiríre Acht nua a thabhairt isteach. D’fhéadfadh muid an t-uafás acmhainní agus ama a chaitheamh ag iarraidh na scéimeanna a chur i bhfeidhm. Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr Acht nua a thabhairt isteach agus na rialacha sin a chur i bhfeidhm,” a deir Trevor Ó Clochartaigh.


18.04 Is fearr a fheileann rialacháin ná treoirlínte ná scéimeanna teanga mar bíonn chuile eagraíocht stáit faoi scóip na rialacháin sin, a deir Ó Coisdealbha.


18.02 “An bhfuil dhá Chathaoirleach ann?” a fhiafraíonn Catherine Connolly agus teipthe uirthi Éamon Ó Cuív a chiúnú…


18.00 Tar éis naoi mbliana tá Comhairle Contae Uíbh Fhailí “ag fiosrú na bhféidearthachtaí” Oifigeach Gaeilge a fhostú, a deir Ó Domhnaill. Deir Ó Cuív go bhféadfaí go leor de na ceisteanna seo a réiteach trí threoirlínte a eisiúint [ón Aire].


17.58 Tá líon na scéimeanna atá á ndaingniú le dhá bhliain anuas ag ardú, a deir Ó Domhnaill, ach tá fadhb ann maidir leis an gcaighdeán.


17.56 “Tá cinneadh polaitiúil déanta gan an tAcht a fheidhmiú. Sin a chuireann an bhuairt orm, níl aon fheidhm leis an Acht mura a bhfuil an toil pholaitiúil ann é a fheidhmiú,” a mhaíonn Ó Cuív.


17.54 Súil ag Éamon Ó Cuív go gcuirfí cuireadh chuig Heather Humphreys teacht i láthair an Choiste le ceisteanna ar an ábhar seo a fhreagairt. Ba cheart don Aire ordú a thabhairt do gach comhlacht poiblí feidhmiú de réir an Achta.


17.52 An Coimisinéir ag súil go bhfeicfí go bhfuil córas na scéimeanna in aimhréidh anois agus go bhfuil fadhbanna móra leis agus gá le cur chuige nua. Córas na gcaighdeán agus na rialachán luaite.


17.50 Séanann an Cathaoirleach go bhfuil an Coiste “róbhog” mar a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá sí ag cur síos anois ar an obair atá déanta ag an gCoiste ó cuireadh ar bun é sé mhí ó shin. “Ní aontaím leis an Seanadóir, ach aontaím leis nach bhfuil an rialtas dáiríre faoin teanga,” a deir sí. Tá ceithre chuireadh curtha chuig an Taoiseach le sé mhí anuas, mar a tuairiscíodh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, ach níor tháinig sé os comhair an Choiste go fóill.


17.48 Tá sé “náireach amach is amach” go bhfuil formhór na scéimeanna teanga ag éirí níos laige de réir mar a dhaingnítear an dara agus an tríú scéim.


17.45 Gealladh i scéim teanga Chomhairle Contae na hIarmhí go mbeadh an suíomh idirlín na Comhairle dátheangach. Bhí iniúchadh agus tuarascáil faoi theip na Comhairle Contae an gealltanas sin a chomhlíonadh. Nuair a daingníodh an dara scéim teanga, bhí an gealltanas sin laghdaithe go mór. Tá an Coimisinéir den tuairim nár cheart go dtarlódh a leithéid.


17.41 An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag caint anois. “Is léir gur ceist pholaitíochta í seo” a deir sé. Bheadh sé ina raic dá mbeadh Ombudsman eile ag teacht isteach os comhair Coiste Dála le tuarascáil mar seo, a deir an Seanadóir. “Tá muid i bhfad róbhog sa Choiste seo. Tá olc orm le roinnt míonna anuas nach bhfaca muid an Taoiseach,” a deir sé. Éilithe go dtabharfaí an tAire Caiteachais Phoiblí os comhair an choiste freisin. “Bheadh sé ina chogadh dearg” dá mbeadh aon Ombudsman eile i gceist, a deir sé.


17.42 Níor eisíodh aon treoirlínte [ón Roinn] seachas na hOrduithe Logainmneacha, a deir an Coimisinéir.


17.40 Tá sé go dona go bhfuil botúin fós ag tarlú maidir le comharthaíocht agus an tAcht i bhfeidhm ó 2003, a deir an Coimisinéir. “Ba cheart go mbeadh comhlachtaí poiblí ar an eolas faoi na rudaí seo,” a deir sé.


17.37 Níl comhairle faighte ag an gCoimisinéir faoin gceist a chuir Éamon Ó Cuív faoi Airí a bheith ag briseadh an dlí nuair a ghlacann siad le scéimeanna teanga nach dtagann leis an Acht.


17.35 Tá comhairle dlí faighte ag an gCoimisinéir Teanga – “nuair atá scéim teanga daingnithe, tá sé daingnithe” agus sin sin. Is léir go bhfuil scéimeanna níos laige ag teacht i bhfeidhm, a deir Ó Domhnaill. Fiú mura bhfuil aird tugtha ar alt de chuid an Achta agus scéimeanna á gcur le chéile, má dhaingníonn an tAire iad, tá stádas reachtúil acu, a deir an Coimisinéir.


17.34 “An cheist dheiridh, beidh áthas ar an gcathaoirleach é sin a chloisteáil,” a deir Ó Cuív.


17.30 Deir Ó Cuív “nach bhfuil úsáid á baint as na feidhmeanna atá san Acht” atá ann faoi láthair (an tAcht a thug sé féin isteach). Ceist curtha aige “cé mhéad rialachán nua a tugadh isteach [le tamall anuas?]”. Tá an dara ceist curtha aige freisin: “Cé mhéad treoirlínte atá eisithe ag an Aire do chomhlachtaí poiblí ag cur ceangal orthu rudaí áirithe a dhéanamh?”. An tríú ceist anois: “An bhfuil tusa sásta go bhfuiltear ag déanamh cinnte go bhfuil líon leordhóthanch d’fhoireann atá inniúil sa Ghaeilge le seirbhís atá chomh maith is atá an tseirbhís Bhéarla a sholáthar?”.


17.28 Fáilte curtha ag Éamon Ó Cuív roimh an gCoimisinéir. “Is léir go bhfuil ualach oibre ann,” a deir sé. Deir sé go bhfuil an reachtaíocht teanga á briseadh ag lucht an LUAS i mBaile Átha Cliath cheana féin, agus an Béarla níos soléite ná mar atá an Ghaeilge ar na comharthaí nua sin, dar leis.


17.26 Óráid an Choimisinéara Teanga ag teacht chun deiridh anois. Beidh sé ag freagairt ceisteanna ó bhaill Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na nOileán anois.


17.15 Tá an Coimisinéir ag tabhairt eolais faoin tuarascáil a d’fhoilsigh a oifig inniu. Is féidir an t-eolas sin a fháil sna hailt seo a foilsíodh ar Tuairisc.ie ar maidin:

1) Gan aon socrú cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge i 92.5% de scéimeanna teanga

2) Teipthe ar chóras na scéimeanna teanga agus é ag baint de chaighdeán seirbhísí Gaeilge an Stáit– An Coimisinéir Teanga

3) Moladh an Choimisinéara maidir le córas nua scéimeanna teanga á scrúdú ag an Aire Stáit Kyne


17.12 Tús curtha leis an gcruinniú ag an gCathaoirleach Catherine Connolly. Tá an Coimisinéir Teanga agus beirt oifigeach dá chuid i láthair. Labhróidh an Coimisinéir faoi scéal na scéimeanna teanga anois. Tá scéalta cuimsitheach ar an ábhar seo ar Tuairisc.ie ó mhaidin. Tá sé mhí caite ó bhí an Coimisinéir os comhair an Choiste seo. Tréaslaíonn an Coimisinéir leis an obair atá déanta acu ó shin.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: An Coimisinéir Teanga os comhair Choiste na Gaeilge i dTithe an Oireachtais'