DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain i ndán dá chéile

Tá Tír Eoghain gafa ábhar beag níos faide ar chonair na forbartha ná Ard Mhacha agus tá easnaimh agus lúba ar lár in imirt Mhuineacháin i gcónaí

DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain i ndán dá chéile

Baile Átha Cliath. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

Ag pointe áirithe díreach roimh leath-am ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo caite, thabharfainn an leabhar gur chuala Kieran Donaghy ag tabhairt treoracha dá leathbhádóir Mikey Geaney. Dearbhaíodh an méid sin tamall beag ina dhiaidh nuair a chonac giolc ó iriseoir a bhí le m’ais i mbosca na meán cumarsáide i bPáirc a Chrócaigh ag cur síos go díreach ar an méid a bhí le rá ag Donaghy.

Is dócha gur tharla sé cheana le sánas san imirt go raibh béiceach na n-imreoirí le clos ag an uile dhuine ach ní dócha gur tharla sé i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann. Is cinnte nach mbeidh glór na n-imreoirí le clos tráthnóna agus Páirc a’ Chrócaigh lán go béal le lucht leanúna Átha Cliath, agus buíon Ultach tagtha aduaidh leis an ngleo agus leis an nglam is dual dóibh an tráth seo den mbliain.

Chonac mo dhóthain Dé Sathairn seo caite ó Ard Mhacha le go dtuigfinn go bhfuilid ag imirt dá chéile agus do lucht a stiúrtha don gcéad uair le tamall. Bhí an t-aontas agus an dlúthpháirtíocht seo tathagach a dhóthain chun iad a thabhairt slán ó dhúshlán Chill Dara ach is mór idir lucht na ngeansaithe gléineacha agus an dream dearg is bán atá chucu tráthnóna.

Níor taibhsíodh dom nuair a chonac Tír Eoghain i gCill Airne i mbabhta deireanach na sraithe san Aibreán go mbeifí á n-áireamh i measc na bhfoirne a bhéarfadh Sam Maguire leo sa bhfómhar. Cé gur aimsigh Tír Eoghain 2-11 an lá úd, níor tháinig ach trí scór uathu (1-2) ón imirt oscailte. Fuair leaththosaí Chiarraí, Donnchadh Walsh, fear ná beadh aitheanta an lá ab fhearr a bhí sé le scóráil thiubh, sé phointe ón imirt agus fuair a leathbhádóir sa líne leaththosach céanna, Mikey Geaney 1-2. Comhartha aisteach ar chumas na leath-thosaithe i gCiarraí a déarfá – agus droch-chomhartha ar chosaint cháiliúil Thír Eoghain chomh maith.

Beagán le cois ráithe ina dhiaidh sin, áfach, tá Tír Eoghain á lua arís i measc na bhfoirne arbh acmhainn dóibh, ní hamháin buachtaint an deireadh seachtaine seo ach Áth Cliath, sárfhoireann na linne, a chnagadh ag deireadh na míosa.

Caithfear bheith aireach agus sinn ag tabhairt breith ar churaidh Uladh le blianta beaga anuas gan luacháil thar cailc a dhéanamh ar an gcraobh ó thuaidh. Ní hionann an cluiche tráthnóna agus na cluichí a bhíodh ann sa tréimhse sin idir 2003-2006 nuair a bhí na coimhlintí idir Ard Mhacha is Tír Eoghain in ard a ndéine.

Bhí cúlú déanta ag an dá fhoireann ins na deich mbliana a lean na blianta ramhra, ach b’fhéidir go bhfuil rud éigin ag brúchtaíl arís sa dá chontae in 2017. 

Bhí comharthaí i dtaispeántais leithéidí Jamie Clarke chun tosaigh, Niall Grimley i lár a’ ghoirt agus James Morgan sna cúil go bhfuil gluaiseacht nua peile á tógaint ar na máithreacha a d’fhág Oisín McConville, Paul McGrane agus ceann feadhna an lae inniu, Kieran McGeeney, ina ndiaidh. B’fhéidir go mbeidh tamall ann sara mbeidh aithris fhónta á déanamh ag aspail Ard Mhacha an lae inniu ar na laochra a chuaigh rompu ach, don gcéad uair le tamall, tá an sprid láidir sa chontae arís agus n’fheadar Dia ná duine cad a spreagfadh san i bhfad na haimsire.

Is léir go bhfuil Tír Eoghain gafa ábhar beag níos faide ar chonair na forbartha, áfach, agus ní dócha go sásófaí iad dá gcuirfí stad tráthnóna lena sodar. Is é mian a gcroí, dul céim níos sia ná anuraidh agus an díomá a lean a dteip in aghaidh Mhaigh Eo a chúiteamh leo féin agus lena lucht leanúna. Tá ar a laghad imreoir nua amháin tugtha chun cinn sna cúil (Pádraig Hampsey), i lár an ghoirt (Conall McCann) agus ins na tosaithe (David Mulgrew) acu, ach fós féin, beidh imní orthu go mb’fhéidir go raibh rudaí rómhór ar a dtoil i gCúige Uladh acu. Cé go raibh cuma na maitheasa orthu ó thús na craoibhe, ní fhéadfadh éinne a chur ina luí orm go dtástáladh i gceart iad i gcoinne Dhoire (0-22 le 0-11), Dhún na nGall (1-21 le 1-12) agus an Dúin (2-17 le 0-15).

Gheobhaidh siad an tástáil sin tráthnóna ach deinim amach go bhfuil sé iontu teacht tríd. 

Deirtear nach bhfuil laoch dá thréine ná faightear fear a chloíte ach n’fheadar an gcreideann éinne a bheidh i bPáirc a’ Chrócaigh don dara cluiche tráthnóna idir Áth Cliath agus Muineachán gur féidir curadh uile-Éireann le dhá bhliain anuas a chloí?

Dála Thír Eoghain ó thuaidh, d’fhéadfaí a áiteamh ná fuil aon tástáil chóir déanta ar dhintiúirí Átha Cliath ach an oiread. Is fada an tréimhse, leis, na trí seachtaine díomhaointis ó bhuadar neafaiseach go maith ar Chill Dara. Ní dócha, áfach, go ndéanfaidh sé puinn difríochta fé dheireadh an tráthnóna. Bhí oiread easnaimh agus lúba ar lár in imirt Mhuineacháin Dé Sathairn seo caite gur dheacair dom a shamhlú go bhféadfadh aon téarnamh bheith i ndán dóibh in imeacht seachtaine.

Caithfidh Muineachán bheith tiarnúil, misniúil tráthnóna agus iad ag tabhairt fés na Dubs. Ní mhaithfear go deo dóibh é má fhágann siad a bpríomh-aimistheoir, Conor McManus, leis féin chun tosaigh ná más cur chuige coimeádach a bheidh arís acu. Bhí Conor McCarthy agus Jack McCarron aibí go maith agus iad ag teacht den mbinse i gcoinnibh an Dúin agus níor mhiste fén dtráth seo iad a chur in éineacht le McManus ó thús sa líne lántosach agus iarracht fhónta a dhéanamh bearnaí a aimsiú i gcosaint Átha Cliath.

Fiú má dheineann siad san féin, ní leigheasfar na deacrachtaí atá acu leis an gcaid ard sna cúil, leis an gcic amach gearr ná leis an bhfuadar ná feadar a bhíonn féna leath-thosaithe. Tabhair aon fhéachaint amháin ar an dara pointe a fuair an Dún Dé Sathairn seo caite. Tá sé go léir ansan. Bogann Caolan Mooney chun tosaigh ar ruathar tar éis do Mhuineachán a gcic amach féin a chailliúint. Cruthaíonn a choisíocht sceimhle agus anbhá i measc chúlaithe Mhuineacháin agus scaoileann sé leis an gcic gan puinn brú bheith curtha air. Tuirlingíonn an chaid ar bharra an líontáin. Anois samhlaigh leithéidí Jack McCaffrey, James McCarthy, Ciarán Kilkenny agus Eric Lowndes á dhéanamh seo arís, is arís is arís eile…

Sea, is deacair do ghreim a choimeád an tráth seo bliana.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain i ndán dá chéile'