Tuairimí an phobail á lorg ag Translink faoi chomharthaíocht Ghaeilge ar bhusanna Dhoire

Tá fógraí dátheangacha, Béarla agus Gaeilge, á dtaispeáint ar sheirbhísí de chuid an chomhlachta i mBéal Feirste cheana féin

Tuairimí an phobail á lorg ag Translink faoi chomharthaíocht Ghaeilge ar bhusanna Dhoire

Tá tuairimí á lorg ag an gcomhlacht iompair Translink faoi fhógraí dátheangacha ar na seirbhísí bus a chuireann sé ar fáil i gContae Dhoire.

Is é Translink a ritheann an tseirbhís bus Ulsterbus agus tá fógraí dátheangacha, Béarla agus Gaeilge, á dtaispeáint ar sheirbhísí de chuid an chomhlachta i mBéal Feirste cheana féin. Tá sé i gceist ag an gcomhlacht na fógraí dátheangacha a chur ar na scáileáin taispeána ar bhusanna i nDoire ar bhonn trialach.

“Tá Translink ag déanamh a mhachnaimh faoi láthair ar scéim chun comharthaí dátheangacha – Béarla agus Gaeilge – a úsáid ar scáileáin cheann scríbe ar bhusanna de chuid Ulsterbus atá i mbun seirbhíse ar bhealach bus an tSléibhe Mhóir,” a dúirt an comhlacht.

Má éiríonn leis an scéim a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn píolótach, cuirfear i bhfeidhm é ar bealaí bus eile sa chathair. Tá “ráchairt” ar na fógraí dátheangacha atá i bhfeidhm cheana féin i mBéal Feirste, dar le Translink, agus tá muintir na háite agus turasóirí araon “thar a bheith sásta” leo.

Cuireadh leaganacha Gaeilge ar fáil freisin d’fhoilseacháin do phaisinéirí, ar bhileoga sábháilteachta a tugadh do Ghaelscoileanna agus ar fhógraí ar stopanna bus ar Bhóthar na bhFál agus ar Lána Bus Meitreo 10.

Dúirt Translink go bhfuil an comhlacht ag iarraidh a chinntiú “go ndéanfar aon athruithe go tuisceanach” agus go léireofar meas ar an “oidhreacht roinnte, ar an ilchineálacht chultúrtha agus ar éagsúlacht teangacha na cathrach”.

Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí faoin gceist go dtí deireadh na míosa seo chugainn.

Chuir an tAire Airgeadais, agus iarMhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir, fáilte roimh an scéala go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar bun ag Translink faoin gceist.

“Táimid go mór ar a shon sin, tá sé anseo in iarthar Bhéal Feirste cheana féin, gach bus a théann tharat ar an tsráid ansin, bíonn sé go dátheangach. Tá go leor ag brath ar Airí toilteanacha a bheith agat leis na rudaí seo a thabhairt isteach ach glacaim leis go mbeidh siad á dtabhairt isteach.

“Bhí tionchar dearfach ag na fógraí Gaeilge i mBéal Feirste, ba léiriú measa agus urraim don phobal é, is léiriú cultúir agus ilchineálachta é agus bhí dea-thionchar aige ar an turasóireacht,” a dúirt sé.

Mhaígh Ó Muilleoir freisin gurb é Béal Feirste “príomhchathair Ghaeilge na hÉireann” ó thaobh fuinneamh, gníomh agus cumas an phobail de, ach nach bhfuil gníomhaíochtaí an stáit ag teacht leis sin.

Tá ceist na comharthaíocht dátheangaí á cíoradh le roinnt mhaith blianta anuas i gcathair Dhoire. Chas an Comhairleor Kevin Campbell ó Shinn Féin le lucht bainistíochta sinsir Translink chun an chomharthaíocht a bhrú chun cinn dhá bhliain ó shin.

“Creidim gur féidir é seo a dhéanamh ar chostas an-íseal. Tá comharthaíocht Bhéarla agus Ghaeilge ar sheirbhísí bus Translink in Iarthar Bhéal Feirste ó 2011 i leith. Tá eolas dátheangach do phaisinéirí ag stopanna bus áirithe freisin.

“Téann na céadta dalta chuig scoileanna atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus na céadta eile, idir óg agus aosta, ag freastal ar ranganna Gaeilge ar fud na cathrach agus ag glacadh páirt in imeachtaí cultúrtha agus spóirt trí Ghaeilge. Ba dhearfach agus forásach an beart é comharthaíocht dhátheangach a chur ar roinnt bealaí bus sa chathair seo,” a dúirt Campbell an uair sin.

Ach táthar ann i nDoire nach gcreideann gur chóir an Ghaeilge a bheith feiceálach ar sheirbhísí bus na cathrach. Dúirt an Comhairleoir Hilary McClintock ón DUP le Tuairisc.ie in 2015 nach raibh aon ghá an chomharthaíocht a thabhairt isteach agus gur beag duine i nDoire a thuigfeadh í.

Dúirt sí go raibh an rún “naimhdeach” agus nach gá an cheist a tharraingt anuas ar chor ar bith.

“Ní dóigh liom go bhfuiltear á iarraidh ar mhaithe le grá don Ghaeilge ach ar chúinsí polaitíochta amháin. Táimid ag iarraidh a bheith aibí agus forásach ach tá ceisteanna mar seo ár dtarraingt siar.

“Ní bheadh ann sa deireadh ach costas eile orainn. Chaithfí aistritheoirí a fhostú agus an córas taispeána ar na busanna a athrú. Bheadh imní orm go mbeadh cuid de na busanna ag tiomáint trí cheantair a gcuirfeadh comharthaíocht Ghaeilge isteach ar an bpobal iontu fosta,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail á lorg ag Translink faoi chomharthaíocht Ghaeilge ar bhusanna Dhoire'